Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 46
  • Ballaí Iericho

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ballaí Iericho
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Rahab Agus na Spiairí
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Chreid Rácháb in Iehova
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Téann Pobal Iosrael Isteach go Canán
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 46

SCÉAL 46

Ballaí Iericho

CÉARD atá ag cuir ar bhallaí Iericho titim? Is cosúil gur bhuail buama mór iad. Ach ins na laethanta sin ní raibh aon bhuamaí acu; ní raibh gunnaí acu fiú. Is míorúilt eile ó Iehobhah é! Cén chaoi ar thárla sé?

Deireann Iehobhah le Iosua: ‘Caithfidh tú féin agus do chuid fir troda máirseáil timpeall na cathrach uair in aghaidh an lae ar feadh sé lá. Iompróidh sibh áirc an chonartha timpeall libh. Caithfidh seachtar sagart siúl chun tosaigh uirthí agus a gcuid adharca a shéideadh.

‘Ar an seachtú lá máirseáilfidh sibh timpeall ar an gcathair seacht n-uaire. Ansin tabhair séideadh fada ar na hadharca agus tógaigí gáir catha an-árd. Titfidh na ballaí go talamh!’

Déanann siad mar a deireann Iehobhah. Le linn dóibh bheith ag máirseáil tá gach duine ciúin. Ní chloistear ach fuaim na n-adharc agus na gcosa ag máirseáil. Caithfidh go raibh eagla ar náimhde phobal Dé i Iericho. An bhfeiceann tú an córda dearg sa bhfuinneoig? Sea, rinne Rahab mar a dúirt na spiairí léí. Tá a teaghlach ar fad taobh istigh ag faire in éineacht léí.

Ar an seachtú lá, tar éis máirseáil timpeall na cathrach seacht n-uaire, séideann na hadharca, béiceann na fir troda, agus titeann na ballaí. Ansin deireann Iosua: ‘Maraigí gach duine ins an gcathair. Dóigh gach rud. Ná sábháil ach an t-airgead, an tór, an copar agus an t-iarann, agus tabhair do chiste Iehobhah iad.’

Deireann Iosua leis an mbeirt spiaire: ‘Táigh isteach i dteach Rahab agus tabhair amach í féin agus a teaghlach. Sábháiltear Rahab agus a cuid, mar a gheall na spiairí di.

Iósua 6:1-25.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn