Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 29 lth. 74-lth. 75 alt 2
  • Roghnaigh Iehova Iósua

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Roghnaigh Iehova Iósua
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Iosua ina Cheannaire
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Thasnú na hIordáine
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Téann Pobal Iosrael Isteach go Canán
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 29 lth. 74-lth. 75 alt 2
Iompraíonn na sagairt áirc an chonartha trasna Abhainn na hIordáine

CEACHT 29

Roghnaigh Iehova Iósua

Léann Iósua an Dlí

Tar éis dó náisiún Iosrael a threorú ar feadh blianta fada, bhí Maois ag teannadh le deireadh a shaoil. Dúirt Iehova leis: ‘Ní thusa a threoróidh na hIosraeilítigh isteach sa Tír Tairngire. Ach ligfidh mé duit an tír sin a fheiceáil.’ Ansin d’iarr Maois ar Iehova ceannaire nua a roghnú le haire a thabhairt do na daoine. Dúirt Iehova leis: ‘Téigh go dtí Iósua agus abair leis gurb eisean atá roghnaithe agam.’

Dúirt Maois leis an náisiún go raibh sé féin chun bás a fháil go luath, agus go raibh Iósua roghnaithe ag Iehova chun na daoine a threorú isteach sa Tír Tairngire. Ansin dúirt Maois le hIósua: ‘Ná bíodh eagla ort. Cabhróidh Iehova leat.’ Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Maois suas ar Shliabh Neabó, áit ar thaispeáin Iehova dó an talamh a bhí geallta Aige d’Abrahám, d’Íosác agus d’Iacób. Bhí Maois 120 bliain d’aois nuair a fuair sé bás.

Maois ag cur Iósua i láthair mar an ceannaire nua os comhair an tsagairt agus fir eile

Dúirt Iehova le hIósua: ‘Téigh trasna Abhainn na hIordáine, go dtí Canán. Cabhróidh mise leat, díreach mar a chabhraigh mé le Maois. Bí cinnte go léifidh tú mo dhlí gach lá. Ná bíodh eagla ort. Bí cróga. Téigh agus déan gach ar ordaigh mé duit a dhéanamh.’

Chuir Iósua beirt spiairí go dtí cathair Ireachó. Sa gcéad scéal eile gheobhaidh muid amach céard a tharla sa gcathair sin. Nuair a tháinig siad ar ais, dúirt siad gur am maith a bhí ann le dul isteach i gCanán. An lá dár gcionn, dúirt Iósua leis an náisiún an campa a bhaint anuas. Ansin chuir sé na sagairt a bhí ag iompar áirc an chonartha ar aghaidh go dtí Abhainn na hIordáine. Bhí an abhainn ag cur thar maoil. Ach chomh luath is a chuir na sagairt a gcosa san uisce stop sruth na habhann agus thriomaigh sí! Shiúil na sagairt go dtí lár na habhann agus d’fhan siad ansin fad is a bhí náisiún Iosrael go léir ag trasnú go dtí an taobh eile. Meas tú ar thug an mhíorúilt seo chun cuimhne dóibh an rud a rinne Iehova ag an Muir Rua?

Ar deireadh thiar, tar éis na mblianta sin go léir, bhí na hIosraeilítigh sa Tír Tairngire. Bheidís in ann tithe agus cathracha a thógáil. Bheidís in ann páirceanna, fíonghoirt, agus gairdíní úll a chur. Bhí bainne agus mil go fairsing sa tír sin.

“Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine.”—Íseáia 58:11

Ceisteanna: Cén a bhí ina cheannaire ar na hIosraeilítigh tar éis de Mhaois bás a fháil? Céard a tharla ag Abhainn na hIordáine?

Uimhreacha 27:12-23; Deotranaimí 31:1-8; 34:1-12; Iósua 1:1–3:17

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn