SCÉAL 45
Thasnú na hIordáine
FÉACH! Tá na hIosraelítigh ag trasnú abhainn na hIordáine! Ach cá bhfuil an t-uisce? Mar go dtiteann go leor báisteach an t-am sin den bhliain, bhí an abhainn lán cúpla noiméad roimhe. Ach anois tá an t-uisce imithe! Tá na hIosraelítigh ag dul trasna ar thalamh tirim, díreach mar a rinne siad ag an Mhuir Rua. Cá ndeachaigh an t-uisce? Féachaimís.
Nuair a tháinig an t-am do na hIosraelítigh chun an Iordáin a thrasnú, seo é a thug Iehobhah do Iosua le rá leis na daoine: ‘Caithfidh na sagairt áirc an chonartha a thógáil agus dul amach romhainn. Nuair a chuirfidh siad a gcosa in uisce na hIordáine, ansin stopfaidh an t-uisce ag ritheacht.’
Piocann na sagairt suas áirc an chonartha agus iompraíonn siad é chun tosaigh ar na daoine. Nuair a thagann siad go dtí an Iordáin siúleann na sagairt isteach san uisce. Tá sé ag ritheacht go tréan agus domhain. Tré mhíorúilt, chomh luath agus a bhuaileann a gcosa an t-uisce, laghadaíonn an sruth. Tá an t-uisce dambáilte ag Iehobhah.
Iompraíonn na sagairt áirc an chonartha amach díreach go dtí lár na haibhne triomaithe. Fad is a sheasann siad ansin, siúlann na hIosraelítigh ar fad trasna na hIordáine ar thalamh tirim!
Nuair atá gach duine trasna, cuireann Iehobhah ar Iosua a rá le dhá fhear déag láidir: ‘Gabh isteach san abhainn san áit a bhfuil na sagairt ina seasamh le áirc an chonartha. Carnáil 12 cloch san áit a bhfanfaidh sibh ar fad anocht. Ansin, amach anseo nuair a fhiafróidh bhur bpáistí céard is brí leis na clocha seo, caithfidh sibh inseacht dóibh gur stop an sruth uisce nuair a chuaigh áirc chonartha Iehobhah trasna na hIordáine. Cuirfidh na clocha an mhíorúilt seo i gcuimhne daoibh!’ Carnáileann Iosua dhá chloch déag san áit ar sheas na sagairt san abhainn freisin.
Sa deireadh deireann Iosua leis na sagairt atá ag iompar áirc an chonartha: ‘Gabh aníos as an Iordáin.’ Chomh luath is a dhéanann siad é sin tosaíonn an abhainn ag ritheacht arís.