SCÉAL 44
Rahab Agus na Spiairí
CAITHFIDH na fir seo éalú nó marófar iad. Is spiairí Iosraelíteach iad. Agus is í Rahab an bhean atá ag cabhrú leo. Cónaíonn Rahab anseo i dteach ar bhalla chathair Iericho. Ach cén fáth go bhfuil na fir seo i dtrioblóid?
Tá na hIosraelítigh ar tí dul trasna na hIordáine isteach i dtír Cha’naan. Ach sula ndéanann siad é seo cuireann Iosua amach an dá spiaire chun Iericho a bhrath.
Nuair a thagann na spiairí isteach i Iericho, téann siad go dtí tigh Rahab. Ach deireann duine éigin le rí Iericho: ‘Tháinig beirt Iosraelíteach anseo anocht chun an talamh a bhrath.’ Cuireann an rí fir go dtí Rahab, agus ordaíonn siad dí na spiairí a thabhairt amach. Ach tá na spiairí curtha i bhfolach ag Rahab ar an díon. Mar sin deireann sí: ‘Tháinig roinnt fir go dtí mo theach, ach níl fhios agam cárbh as dóibh. D’fhág siad agus é ag éirí dorcha. Má dhéanann sibh deifir, béarfaidh sibh orthu!’ Agus d’imigh na fir sa tóir orthu.
Ansin brostaíonn Rahab suas go dtí an díon. ‘Tá fhios agam go dtabharfaidh Iehobhah an talamh seo daoibh,’ deireann sí leis na spiairí. ‘Chuala muid faoin gcaoi ar thriomaigh sé suas an Mhuir Rua, agus an chaoi ar mharaigh sibh na ríthe Síochon agus Óg. Bhí mise cineálta libhse, mar sin geallaigí dom, le bhur dtoil, go mbéidh sibhse cineálta liomsa. Sábháil m’athair agus mo mháthair, mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha.’
Geallann na spiairí go ndéanfaidh siad é seo. Ach caithfidh Rahab córda dearg a cheangal sa bhfuinneoig agus a cuid gaolta ar fad a chruinniú sa teach léí. Nuair a thiocfaidh na hIosraelítigh feicfidh siad an córda sa bhfuinneoig agus ní mharóidh siad éinne sa teach. Insíonn na spiairí do Iosua gach ar thárla.