Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 43
  • Iosua ina Cheannaire

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Iosua ina Cheannaire
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Roghnaigh Iehova Iósua
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Uisce ón Gcarraig
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • An 12 Spiaire
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Sceach Trí Thine
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 43

SCÉAL 43

Iosua ina Cheannaire

TÁ MAOIS ag iarraidh dul isteach go Ca’naan in éineacht leis na hIosraelítigh. Mar sin iarrann sé: ‘Lig dom dul trasna abhainn na hIordáine, a Iehobhah, agus an talamh maith a fheiceáil.’ Ach deireann Iehobhah: ‘Stop! Ná labhair ar seo arís.’ An bhfuil fhios agat cén fáth go ndúirt Iehobhah é sin?

Mar gheall ar an rud a thárla nuair a bhuail Maois an charraig. Cuimhnigh, níor thug sé féin agus Arón onóir do Iehobhah. Níor inis siad do na daoine gurbh é Iehobhah a bhain an t-uise as an gcarraig. Mar gheall ar seo dúirt Iehobhah nach ligfeadh sé dóibh dul isteach go Ca’naan.

Mar sin cúpla mí tar éis d’Aron bás a fháil deireann Iehobhah le Maois: ‘Tóg Iosua i láthair Eileázár an sagart, agus na ndaoine. Agus ansin ós a gcomhair ar fad, abair le gach duine gurb é Iosua an ceannaire nua.’ Déanann Maois díreach mar a deireann Iehobhah leis, mar a fheiceann tú sa bpictiúr.

Ansin deireann Iehobhah le Iosua: ‘Bí láidir agus ná bíodh eagla ort. Treoróidh tú na hIosraelítigh isteach go tír Cha’naan atá geallta agam dóibh, agus béidh mise leat.’

Níos deireanaí deireann Iehobhah le Maois dul suas go dtí barr Sliabh Neabó i dtír Mhóáb. As sin tá Maois in ann féachaint trasna abhainn na hIordáine agus tír álainn Cha’naan a fheiceáil. Deireann Iehobhah: ‘Seo é an tír a gheall mé do shliocht Abraham, Isac agus Iacob. Thug mé cead duit é a fheiceáil ach ní thabharfaidh mé cead duit dul isteach ann.’

Thuas ansin ar bharr Shliabh Neabó fáigheann Maois bás. Bhí sé 120 bliain d’aois. Bhí sé láidir fós agus amharc na súl go maith fós aige. Tá na daoine an-bhrónach agus caoineann siad mar go bhfuil Maois marbh. Ach tá áthas orthu go bhfuil Iosua mar cheannaire acu.

Uimhreacha 27:12-23; Deotranaimí 3:23-29; 31:1-8, 14-23; 32:45-52; 34:1-12.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn