SCÉAL 42
Labhraíonn Asal
AR CHUALA tú asal ag caint riamh? ‘Níor chuala,’ a déarfá. ‘Níl ainmhithe in ann caint.’ Ach insíonn an Bíobla faoi asal a labhair. Cén chaoi ar thárla sé?
Tá na hIosrealítigh beagnach réidh le dul isteach go tír Cha’naan. Tá eagla ar Bhálác, rí Mhóáb, roimh na hIosraelítigh. Mar sin cuireann sé fios ar fhear darb ainm Balám chun mallacht a chuir orthu. Geallann Bálác go leor airgid do Bhalám, mar sin téann Balám ar a asal chun Bálác a fheiceáil.
Níl Iehobhah ag iarraidh go gcuirfidh Balám mallacht ar A phobal. Mar sin cuireann sé síos aingeal le claíomh fada chun Balám a stopadh. Ní fheirceann Balám an t-aingeal, ach feiceann an t-asal é. Déanann an t-asal iarracht iompú ón aingeal cúpla uair, ach sa deireadh luíonn sé síos ar an mbóthar. Tá an fhearg ar Bhalám agus buaileann sé a asal le slat.
Ansin cuireann Iehobhah ar Bhalám an t-asal a chloisteáil ag labhairt leis. ‘Céard a rinne mé ort go bhfuil ort mé a bhuaileadh?’ fiafraíonn an t-asal.
‘Tá ceap magaidh déanta agat díom,’ a deireann Balám. ‘Dá mbeadh claíomh agam mharóinn thú!’
‘Ar chuir mé an bhaill seo cheanna riamh ort?’ fiafraíonn an t-asal.
‘Níor chuir,’ freagraíonn Balám.
Ansin ligeann Iehobhah do Bhalám an t-aingeal leis an gclaíomh a fheiceáil. Deireann an t-aingeal: ‘Cén fáth ar bhuail tú d’asal? Tá mise tagtha chun tú a chosc ar do mhallacht a chuir ar Iosrael. Marach gur iompaigh d’asal uaim bhuailfinn marbh thú, ach ní ghortóinn d’asal.’
Deireann Balám: ‘Pheacaigh mé. Ní raibh fhios agam go raibh tú ar an mbóthar.’ Ligeann an t-aingeal do Bhalám imeacht. Téann Balám chun Bálác a fheiceáil. Fós triáileann sé mallacht a chuir ar Iosrael, ach cuireann Iehobhah air, Iosrael a bheannú trí huaire.