Réamhrá Cuid 1
Cur síos ar an gcruthú atá sa gcéad chuntas sa mBíobla. Cuireann sé síos ar na rudaí iontacha a rinne Iehova ar neamh agus ar talamh. Más tuismitheoir thú, tarraing aird do pháiste ar na hiontais atá le feiceáil sa gcruthú. Mínigh dó an difríocht atá idir an duine agus na hainmhithe. Tá an duine in ann caint, rudaí nua a fhoghlaim agus a dhéanamh, amhráin a chanadh agus guí. Múin dó le meas a bheith aige ar chumhacht, ar eagna, agus ar ghrá Iehova.