Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lvs lth. 3
  • Litir ón mBord Stiúrtha

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Litir ón mBord Stiúrtha
  • Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Maireann Grá Dé go Deo
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Druid i gCóngar Iehova
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
lvs lth. 3

Litir ón mBord Stiúrtha

Chucu siúd a bhfuil grá acu d’Iehova agus dá Bhriathar, an Bíobla:

Dúirt Íosa: “Beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.” (Eoin 8:32) Cuimhnigh ar an gcaoi ar mhothaigh tú nuair a fuair tú tuiscint ar fhírinne an Bhíobla! Bhí sé iontach fáil amach go bhféadfaí teacht ar an bhfírinne sa saol urchóideach seo.—2 Tiomóid 3:1.

Is mian le Dia go mbeadh a fhios againn an fhírinne. De bhrí go bhfuil grá againn do dhaoine, tá muid ag iarraidh an fhírinne a roinnt leosan freisin. Ach tá níos mó ná sin i gceist le bheith ag tabhairt seirbhís do Dhia. Caithfidh muid ár ndícheall a dhéanamh maireachtáil mar Chríostaithe mar tá ardmheas againn ar phrionsabail Iehova. Dúirt Íosa go bhfuil bealach ann a bhféadfadh muid a chruthú do Dhia go bhfuil grá againn dó. Dúirt sé: “Má choinníonn sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m’Athar, agus a fhanaim ina ghrá.”—Eoin 15:10.

Tá grá ag Íosa dá Athair, agus déanann sé gach a n-iarrann a Athair air. Má dhéanann muidne aithris ar Íosa, beidh grá ag Iehova dúinn agus beidh muid sona sásta. Mar a dúirt Íosa, “Má tá a fhios agaibh na nithe sin, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.”—Eoin 13:17.

Tá súil againn go gcabhróidh an foilseachán seo leat foghlaim le maireachtáil de réir fhírinne an Bhíobla agus a bheith i do chara ag Dia. Guíonn muid go méadóidh do ghrá do Dhia agus go gcumhdóidh tú thú féin ‘i ngrá Dé . . . agus súil agat . . . chun na beatha síoraí.’—Iúd 21.

Bord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn