CEACHT 23
Baisteadh—Sprioc Mhaith!
Dúirt Íosa go gcaithfidh Críostaithe a bheith baiste. (Léigh Matha 28:19, 20.) Céard atá i gceist le baisteadh? Agus céard a chaithfidh duine a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach?
1. Céard a chiallaíonn baisteadh?
Tagann an focal “baist” ón bhfocal Gréigise a chiallaíonn “tumadh” faoi uisce. Nuair a baisteadh Íosa, tumadh faoin uisce in abhainn na hIordáine é, ansin “tháinig sé aníos as an uisce.” (Marcas 1:9, 10) Mar an gcéanna inniu, nuair a bhaistear fíor-Chríostaithe tumtar faoi uisce iad.
2. Céard a léiríonn baisteadh?
Léiríonn duine go bhfuil sé tar éis é féin a thiomnú d’Iehova Dia nuair a bhaistear é. Cén chaoi a dtiomnaíonn duine é féin d’Iehova? Sula mbaistear é, guíonn sé chuige ag gealladh dó gurb eisean amháin atá sé ag dul a adhradh, agus go dtabharfaidh sé tús áite dá thoil ina shaol. “Séanadh sé é féin . . . agus leanadh” sé teagasc agus eiseamláir Íosa. (Matha 16:24) Nuair atá duine tiomnaithe agus baiste is féidir leis dlúthchairdeas a bheith aige le hIehova agus leo siúd a adhrann é.
3. Céard is gá a dhéanamh sula mbaistfear thú?
Ullmhaigh don bhaisteadh trí fhoghlaim faoi Iehova agus trí chreideamh a chothú ann. (Léigh Eabhraigh 11:6.) De réir mar a chuireann tú aithne ar Iehova, neartóidh do chreideamh agus do ghrá dó. Spreagfaidh sé sin thú chun insint do dhaoine eile faoi agus a thoil a dhéanamh. (2 Tiomóid 4:2; 1 Eoin 5:3) Nuair a bhíonn tú ag maireachtáil “mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta” leat, féadfaidh tú ansin do shaol a thiomnú do Dhia agus fáil baiste.—Colosaigh 1:9, 10.a
DÉAN TAIGHDE
Féach ar an méid atá le foghlaim ó bhaisteadh Íosa agus an chaoi ar féidir le duine ullmhú don chéim thábhachtach seo.
4. Is féidir linn foghlaim ó bhaisteadh Íosa
Léigh Matha 3:13-17 le tuilleadh eolais a fháil faoi bhaisteadh Íosa. Pléigh na ceisteanna seo:
Ar baisteadh Íosa nuair a bhí sé ina naíonán?
Cén chaoi ar baisteadh é? An le cúpla braon uisce a baisteadh é?
Thosaigh Íosa ar an obair speisialta a thug Dia dó nuair a baisteadh é. Léigh Lúcás 3:21-23 agus Eoin 6:38, ansin pléigh an cheist seo:
Tar éis d’Íosa fáil baiste, céard dó ar thug sé tús áite?
5. Baisteadh—sprioc réalaíoch
D’fhéadfadh sé go mbeadh an méid atá i gceist le tiomnú agus baisteadh beagán iomarcach duit. Mar sin féin, is féidir leat an dul chun cinn cuí a dhéanamh. Chun foghlaim faoi dhaoine a bhí sa mbád céanna leatsa seinn an FÍSEÁN.
Léigh Eoin 17:3 agus Séamas 1:5, ansin pléigh an cheist seo:
Céard atá in ann cabhrú leat chun fáil réidh le bheith baiste?
Guíonn muid chuig Iehova ag gealladh dó gur mian linn freastal air go deo
Nuair a bhaistear muid, léirítear do dhaoine eile go bhfuil muid tiomnaithe d’Iehova
6. Ciallaíonn an baisteadh go mbeidh duine ina bhall de theaghlach Iehova
Nuair a bhaistear muid, bíonn muid inár mbaill de theaghlach aontaithe domhanda. Cé gur ó thíortha agus ó chúlraí difriúla muid, creideann muid go léir na rudaí céanna agus maireann muid de réir na gcaighdeán morálta céanna. Léigh Salm 25:14 agus 1 Peadar 2:17, ansin pléigh an cheist seo:
Cén tionchar a bhíonn ag baisteadh ar an gcaidreamh atá ag duine le hIehova agus leis na daoine eile a adhrann É?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl mé réidh le fáil baiste.”
Más mar sin a mhothaíonn tusa, an dóigh leat gur sprioc mhaith é fáil baiste?
ACHOIMRE
Mhúin Íosa go gcaithfidh Críostaithe fáil baiste. Chun an sprioc sin a bhaint amach, caithfidh duine creideamh láidir a chothú in Iehova, maireachtáil de réir a chuid caighdeáin, agus é féin a thiomnú dó.
Súil Siar
Cén bhrí atá le baisteadh, agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?
Cén gaol atá idir baisteadh agus tiomnú?
Céard a chaithfidh duine a dhéanamh sula mbaistear é?
FIOSRAIGH
Faigh amach faoin méid atá i gceist le baisteadh.
Déan athbhreithniú ar an méid is gá chun go mbaistfear thú.
“Love and Appreciation for Jehovah Lead to Baptism” (The Watchtower, Márta 2020)
Léigh faoin gcúis a bhfuair fear amháin baiste.
“They Wanted Me to Prove the Truth to Myself” (The Watchtower, 1 Feabhra, 2013)
Smaoinigh ar an gcúis gur sprioc mhaith é an baisteadh agus an bealach le hullmhú dó.
“Should I Get Baptized?” (Questions Young People Ask—Answers That Work, Volume 2, caibidil 37)
a Má baisteadh duine roimhe seo, bheadh air fáil baiste arís. Cén fáth? Mar níor mhúin an creideamh sin an fhírinne ón mBíobla.—Féach Gníomhartha 19:1-5 agus Ceacht 13.