Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 110
  • Céard é Baisteadh?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard é Baisteadh?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Céard is brí le baisteadh?
  • An múineann an Bíobla gur cheart naíonáin a bhaisteadh?
  • Céard a chiallaíonn sé a bheith baiste in ainm an Athar, an Mhic, agus an spioraid naoimh?
  • An peaca é fáil baiste in athuair?
  • Baistí eile a luaitear sa Bhíobla
  • Baisteadh—Sprioc Mhaith!
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 110
Fear óg á bhaisteadh.

Céard é Baisteadh?

Freagraíonn an Bíobla

Ciallaíonn baisteadh go dtumfar duine go hiomlán faoin uisce.a Tá cur síos ar go leor baistí sa mBíobla. (Gníomhartha 2:41) Ina measc tá baisteadh Íosa, a tumadh in Abhainn na hIordáine. (Matha 3:13, 16) Blianta ina dhiaidh sin, baisteadh fear as an Aetópach i “lochán uisce” a bhí in aice an bhóthair ar a raibh sé ag taisteal.—Gníomhartha 8:36-40.

Mhúin Íosa go bhfuil baisteadh riachtanach dá lucht leanúna. (Matha 28:19, 20) Dearbhaigh an t-aspal Peadar an teagasc sin in athuair.—1 Peadar 3:21.

San alt seo

  • Céard is brí le baisteadh?

  • An múineann an Bíobla gur cheart naíonáin a bhaisteadh?

  • Céard a chiallaíonn sé a bheith baiste in ainm an Athar, an Mhic, agus an spioraid naoimh?

  • An peaca é fáil baiste in athuair?

  • Baistí eile a luaitear sa mBíobla

  • Teagasc coitianta faoin mbaisteadh Críostaí

Céard is brí le baisteadh?

Is siombail nó léiriú poiblí é an baisteadh a thugann le fios go bhfuil aithrí déanta ag duine as a chuid peacaí agus gur gheall sé do Dhia go ndéanfaidh sé a thoil. Chomh maith le sin ní mór dó géilleadh do Dhia agus d’Íosa i ngach gné dá shaol. Cuireann daoine a fhaigheann baiste iad féin ar bhóthar na beatha síoraí.

Is siombail oiriúnach é an tumadh faoi uisce ar an athrú atá déanta ag duine ina shaol. Cén chaoi? Déanann an Bíobla comparáid idir an baisteadh agus duine a bheith á chur san uaigh. (Rómhánaigh 6:4; Colosaigh 2:12) Léiríonn an tumadh faoin uisce go bhfaigheann duine bás nó go bhfágann sé ina dhiaidh an sórt saoil a bhí á chaitheamh aige go dtí sin. Nuair a thagann tú aníos as an uisce, tosaíonn tú saol nua ag déanamh toil Dé mar Chríostaí tiomnaithe.

An múineann an Bíobla gur cheart naíonáin a bhaisteadh?

Ní luann an Bíobla gur chóir naíonáin a bhaisteadh.b

Sagart ag doirteadh uisce ar chloigeann páiste le linn searmanas baiste.

Níl baisteadh naíonán ag teacht leis na Scrioptúir. Múineann an Bíobla go gcaithfidh duine atá ag iarraidh a bheidh baiste riachtanais áirithe a chomhlíonadh. Mar shampla, ba cheart ar a laghad go dtuigfeadh sé teagasc bunúsach Bhriathar Dé agus go mbeadh sé ag maireachtáil de réir na teagasca sin. Aithrí a bheidh déanta aige as a chuid peacaí agus a shaol a bheidh thiomnaigh do Dhia trí urnaí. (Gníomhartha 2:38, 41; 8:12) Níl naíonáin in ann na rudaí sin a dhéanamh.

Céard a chiallaíonn sé a bheith baiste in ainm an Athar, an Mhic, agus an spioraid naoimh?

D’ordaigh Íosa dá lucht leanúna “Déanaigí deisceabail de na náisiúin uile á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil.” (Matha 28:19, 20) Ciallaíonn “in ainm” go dtuigeann agus go nglacann an té atá á bhaisteadh le húdarás agus le seasamh an Athar agus an Mhic, agus le ról spiorad naomh Dé. Mar shampla: Dúirt an t-aspal Peadar le fear a bhí bacach ó rugadh é: “In ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.” (Gníomhartha 3:6) Tá an bhrí shoiléir—ghlac Peadar leis agus thuig sé gur trí údarás Chríost a leigheasadh an bacach go míorúilteach.

  • Is é Iehovac Dia “an tAthair.” Mar Chruthaitheoir agus Bronntóir na Beatha, níl aon teorainn lena chumhacht.—Geineasas 17:1; Apacailipsis 4:11.

  • Is é Íosa Críost “an Mac” a thug a shaol ar ár son. (Rómhánaigh 6:23) Ní féidir linn slánú a fháil mura dtuigeann muid an ról lárnach atá ag Íosa i gcuspóir Dé don chine daonna.—Eoin 14:6; 20:31; Gníomhartha 4:8-12.

  • Is é “an spiorad naomh” fórsa gníomhach Dé nó a chumhacht i mbun gnímh.d Bhain Dia úsáid as a spiorad naomh chun gach ní a chruthú, an bheatha san áireamh, chun teachtaireachtaí a chur in iúl dá chuid fáithe agus do dhaoine eile, agus chun cumhacht a thabhairt dóibh lena thoil a dhéanamh. (Geineasas 1:2; Iób 33:4; Rómhánaigh 15:18, 19) D’úsáid Dia an spiorad naomh freisin chun scríbhneoirí an Bhíobla a spreagadh lena chuid smaointe a chur i scríbhinn.—2 Peadar 1:21.

An peaca é fáil baiste in athuair?

Ní rud neamhchoitianta é do dhaoine a reiligiún a athrú. Ach céard faoi más rud é gur baisteadh cheana iad ina n-iar-reiligiún? An mbeadh peaca á dhéanamh acu dá bhfaighidís baiste arís? Déarfaidh daoine go mbeadh, b’fhéidir ag bunú a ndearca ar Eifisigh 4:5, a léann: “Níl ann ach aon Tiarna amháin, aon chreideamh amháin agus aon bhaisteadh amháin.” Mar sin féin, ní chiallaíonn an véarsa seo nach féidir duine a bhaisteadh arís. Cén fáth?

Comhthéacs. Léiríonn comhthéacs Eifisigh 4:5 go raibh an tAspal Pól ag cur béime ar an ngá atá ag fíorChríostaithe a bheith aontaithe i ngach a gcreideann siad. (Eifisigh 4:1-3, 16) Ní fhéadfaidís a bheidh aontaithe mura leanfaidís an Tiarna céanna, Íosa Críost; an creideamh céanna, nó an tuiscint chéanna a bheidh acu ar gach a múineann an Bíobla; agus go gcloífidís leis na riachtanais Scrioptúrtha céanna don bhaisteadh.

Spreag an t-aspal Pól roinnt daoine a bhí baiste cheana féin le fáil baiste arís. Tharla sé seo mar gur baisteadh iad gan tuiscint iomlán acu ar theagasca Chríost.—Gníomhartha 19:1-5.

An bunús cuí don bhaisteadh. Le go mbeadh baisteadh inghlactha ag Dia, ní mór do dhuine atá ag fáil baiste eolas cruinn a bheith aige ar theachtaireacht an Bhíobla. (1 Tiomóid 2:3, 4) Má baisteadh duine ar bhonn teagasc reiligiúnach a thagann salach ar theagasc an Bhíobla, ní ghlacann Dia leis an mbaisteadh sin. (Eoin 4:23, 24) B’fhéidir go raibh an duine macánta, ach níor ghníomhaigh sé de réir “díograis dea-eolais [nó eolas cruinn].” (Rómhánaigh 10:2) Chun go mbeadh beannacht Dé tuillte aige, bheadh air fírinne an Bhíobla a fhoghlaim, an méid a d’fhoghlaim sé a chur i bhfeidhm, a shaol a thiomnú do Dhia, agus a bheith baiste arís. Ní peaca baisteadh den sórt sin. Go deimhin, is é an rud ceart le déanamh é.

Baistí eile a luaitear sa Bhíobla

Luann an Bíobla baistí eile a raibh brí dhifriúil leo thar an bhrí a bhí le baisteadh lucht leanúna Chríost. Féach ar roinnt samplaí.

Baisteadh a rinne Eoin Baiste.e Bhaist Eoin Giúdaigh agus daoine a d’iompaigh ina nGiúdaigh le léiriú go raibh aithrí déanta acu sa bpeaca a rinne siad in aghaidh Dlí Mhaois—dlí a thug Dia do na hIosraeilítigh. D’ullmhaigh baiste Eoin na daoine chun an Meisias, Íosa ó Nazarat a aithint agus glacadh leis.—Lúcás 1:13-17; 3:2, 3; Gníomhartha 19:4.

Baisteadh Íosa. Nuair a bhaist Eoin Baiste Íosa bhí sé difriúil ó bhaistí eile. Fear foirfe ab ea Íosa agus ní dhearna sé aon pheaca. (1 Peadar 2:21, 22) Mar sin ní raibh aithrí ná “impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain” i gceist lena bhaisteadh. (1 Peadar 3:21) Ina ionad sin, léirigh sé go raibh sé á thabhairt féin do Dhia chun a thoil a dhéanamh mar an Meisias, nó an Críost. Bhí a shaol a thabhairt ar ár son san áireamh leis seo.—Eabhraigh 10:7-10.

Íosa á bhaisteadh ag Eoin Baiste.

Baisteadh leis an spiorad naomh. Labhair Eoin Baiste agus Íosa Críost faoi bhaisteadh leis an spiorad naomh. (Matha 3:11; Lúcás 3:16; Gníomhartha 1:1-5) Ní hionann an baisteadh sin agus baisteadh in ainm an spioraid naoimh. (Matha 28:19) Cén fáth?

Níl ach líon teoranta de lucht leanúna Íosa baisteadh leis an spiorad naomh. Déantar na daoine seo a ungadh leis an spiorad naomh mar go bhfuil siad glaoite chun rialú le Críost ar neamh mar chomh-ríthe agus sagairt os cionn an domhain.f (1 Peadar 1:3, 4; Apacailipsis 5:9, 10) Beidh siad ag rialú na milliúin de lucht leanúna Íosa a bhfuil an dóchas acu maireachtáil go deo i bParthas ar talamh.—Matha 5:5; Salm 37:29.

Baisteadh in Íosa Críost agus ina bhás. Daoine a baisteadh leis an spiorad naomh “baisteadh in Íosa Críost” iad. (Rómhánaigh 6:3) Mar sin, baineann an baisteadh seo le lucht leanúna ungtha Íosa, a rialóidh leis ar neamh. Trína bheith baiste in Íosa Críost, déantar baill dá phobal ungtha dóibh. Is é Íosa an Ceann, agus is iadsan an corp.—1 Corantaigh 12:12, 13, 27; Colosaigh 1:18.

Déantar Críostaithe ungtha a bhaisteadh i mbás Íosa. (Rómhánaigh 6:3, 4) Déanann siad aithris ar Íosa, trí thús áite a thabhairt do Dhia ina saol agus tugann siad droim láimhe don dóchas maireachtáil go deo anseo ar an talamh. Críochnaíonn siad an baisteadh siombalach seo nuair a fhaigheann siad bás agus faigheann siad aiséirí chun na beatha ar neamh mar neacha spioraid.—Rómhánaigh 6:5; 1 Corantaigh 15:42-44.

Baisteadh le tine. Dúirt Eoin Baiste lena lucht éisteacha: “Baistfidh seisean [Íosa] sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.” (Matha 3:11, 12) Tabhair faoi deara go bhfuil difríochtaí idir baisteadh le tine agus baisteadh leis an spiorad naomh. Céard a bhí i gceist ag Eoin leis an ráiteas thuas?

Is ionann an chruithneacht agus iad siúd a éistfidh le hÍosa agus a ghéillfidh dó. Tá na daoine seo in ann a bheith baiste leis an spiorad naomh. Is siombail é an lóchán dóibh siúd nach n-éisteann le hÍosa. Is baisteadh le tine an deireadh a bheidh acu, rud a chiallaíonn go mbeidh siad scriosta go deo.—Matha 3:7-12; Lúcás 3:16, 17.

Teagasc coitianta faoin mbaisteadh Críostaí

Teagasc coitianta: Uisce a dhoirteadh ar dhuine seachas é a thumadh go hiomlán faoin uisce.

Fíric: Bhí tumadh iomlán faoin uisce i gceist leis na baistí go léir a bhfuil cur síos orthu sa mBíobla. (Matha 3:13, 16; Gníomhartha 8:36-39) Níor caitheadh braonta uisce sa mullach ar aon duine acu. Léiríonn an tumadh go hiomlán faoin uisce—go bhfaigheann tú bás maidir leis an saol a chaith tú go dtí seo agus go bhfuil tú ag tosú ar shaol nua anois mar sheirbhíseach atá tiomnaithe do Dhia.

Teagasc coitianta: Nuair a deir an Bíobla gur baisteadh garda príosúin i bhFilipí “agus a líon tí go léir,” tugann sé le tuiscint gur baisteadh naíonáin freisin.—Gníomhartha 16:25, 31-34.

Fíricí: Ní luaitear aois ar bith, rud atá suntasacht. Rud eile, sular baisteadh an príosúnach agus a theaghlach, chuala siad agus ghlac siad le “briathar an Tiarna [Iehovag].” (Gníomhartha 16:31, 32, 34) Mar sin, caithfidh sé go raibh siad sách sean le tuiscint a bheith acu ar an méid a bhí ráite, chun creidiúint i nDia agus sa Tiarna Íosa.

a Tagraíonn an focal Gréigise a aistrítear mar “baisteadh” do “thumadh faoin uisce, teacht aníos as an uisce,” de réir Vine’s Complete Expository Dictionary of Old and New Testament Words.

b Tagraíonn “baisteadh” sa gcomhthéacs seo do shearmanas a dhéanann eaglaisí áirithe ainm a “bhaisteadh” ar naíonáin trí uisce a dhoirteadh ar a gcloigne.

c Is é Iehova ainm pearsanta Dé. (Salm 83:19, 83:18 i mBíoblaí eile) Féach an mhír “Cé hÉ Iehova?”

d Féach an mhír “Céard é an Spiorad Naomh?”

e Féach an mhír “Cérbh é Eoin Baiste?”

f Féach an mhír “Cé a Théann go dtí na Flaithis?”

g Tá an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” in An Bíobla Naofa (féach an réamhrá ar leabhar Eaxodus, faoi An Peintiteoch—Brollach.) Dá bhrí sin, gach áit a bhfuil an t-ainm diaga aistrithe mar “an Tiarna” sna scrioptúir a luaitear san alt seo, cuireann muid an leagan Gaeilge den ainm diaga, “Iehova,” idir lúibíní ina dhiaidh.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn