Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lffi ceacht 3 1-6
  • An Féidir Leat an Bíobla a Thrust?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Féidir Leat an Bíobla a Thrust?
  • Mair Go Sona Go Deo!—Réamhcheachtanna Bíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • An Féidir Leat an Bíobla a Thrust?
    Mair Go Sona Go Deo!—Réamhcheachtanna Bíobla
  • An Bíobla—Leabhar Ó Dhia
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Cén Chaoi ar Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leatsa?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Cén Chaoi ar Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leatsa?
    Mair Go Sona Go Deo!—Réamhcheachtanna Bíobla
Tuilleadh
Mair Go Sona Go Deo!—Réamhcheachtanna Bíobla
lffi ceacht 3 1-6
Ceacht 3. Lámhscríbhinn ársa den Bhíobla leagtha ar bhord.

CEACHT 03

An Féidir Leat an Bíobla a Thrust?

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Tá go leor gealltanais agus comhairle le fáil sa mBíobla. Is dóigh go bhfuil tú fiosrach faoi theagasca an Bhíobla, ach ar cheart duit do mhuinín a chur i leabhar atá chomh sean sin? An féidir leat gealltanais an Bhíobla faoi thaitneamh a bhaint as an saol anois agus sa todhchaí a chreidiúint? Creideann na milliúin duine i ngealltanais an Bhíobla. Céard fútsa? Gheobhaidh muid amach.

1. An bhfuil an Bíobla fíor nó ar finscéalta atá ann?

Deir an Bíobla go ndearnadh “an fhírinne a chur síos le barr cruinnis.” (Cóheilit 12:10) Déantar cur síos ann ar eachtraí a tharla do dhaoine cosúil linne. (Léigh Lúcás 1:3; 3:​1, 2.) Dar le staraithe agus seandálaithe tá an Bíobla cruinn ó thaobh imeachtaí tábhachtacha, dátaí, daoine, agus áiteanna.

2. Cén fáth ar féidir a rá nach bhfuil an Bíobla as dáta?

Tá sé cruthaithe sa mBíobla nach bhfuil. Cé go raibh cuid mhaith dá raibh ráite ann faoi chúrsaí eolaíochta ina ábhar conspóide nuair a scríobhadh é, de réir lucht na heolaíochta inniu bhí an Bíobla cruinn i gcónaí. Seasfaidh an Bíobla “go buan agus go brách.”​​—Salm 111:8.

3. Cén fáth ar féidir an méid atá ráite sa mBíobla faoin todhchaí a thrust?

Tá go leor tairngreachtaía sa mBíobla faoi “rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill.” (Íseáia 46:10) Bhí cur síos cruinn déanta ann ar go leor imeachtaí stairiúla i bhfad sular tharla siad. Is gearr le bheith ag léamh an pháipéir nuachta é an bealach a gcuirtear síos ar shaol an lae inniu sa mBíobla. Scrúdóidh muid cuid de na tairngreachtaí sin sa gceacht seo. Cuirfidh a gcruinneas iontas ort!

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an bealach a n-aontaíonn eolaithe an lae inniu leis an mBíobla agus scrúdaigh cúpla ceann de thairngreachtaí an Bhíobla.

4. Tá an eolaíocht agus an Bíobla ar aon fhocal

San am a caitheamh chreid formhór na ndaoine go raibh an talamh leagtha ar rud éigin. Seinn an FÍSEÁN.

FÍSEÁN: Tá an Chruinne Crochta ar Neamhní (1:​13)

Tabhair faoi deara an méid a deir Iób 3,500 bliain ó shin. Léigh Iób 26:​7, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Cén fáth a raibh an méid a dúirt Iób faoin domhan a bheith ag crochadh “ar neamhní” ina ábhair iontais?

Níor tuigeadh ceart timthriall an uisce go dtí an 18ú haois. Ach tabhair faoi deara an méid a luaigh an Bíobla na mílte bliain roimhe sin. Léigh Iób 36:​27, 28, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • Cén fáth gur údar iontais é an cur síos simplí seo ar thimthriall an uisce?

  • An neartaíonn na scrioptúir sin do mhuinín sa mBíobla?

Déanann an Bíobla cur síos ar thimthriall an uisce. Tá saighead i gciorcal ag taispeáint an bealach a ngluaiseann an t-uisce idir an talamh agus an t-atmaisféar.

5. Thuar an Bíobla imeachtaí stairiúla

Léigh Íseáia 44:27–​45:​2, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Céard a thuar an Bíobla 200 bliain sular cloíodh an Bhablóin?

Seinn an FÍSEÁN.

FÍSEÁN: Thuar an Bíobla Titim na Bablóine (0:​58)

Deimhníonn an stair gur chloígh Rí Cíoras na Peirse agus a arm cathair na Bablóine i 539 R.C.R.b Chuir siad an abhainn a bhí ag cosaint na cathrach ar mhalairt treo. Chuaigh siad isteach trí gheataí na cathrach a bhí fágtha oscailte agus thóg siad an chathair gan chath a throid. Níl anois ach fothrach san áit a mbíodh an Bhablóin breis agus 2,500 bliain ó shin. Tabhair faoi deara an méid a bhí tuartha sa mBíobla.

Léigh Íseáia 13:​19, 20, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Cén chaoi a ndeimhníonn an méid a tharla don Bhablóin gur comhlíonadh an tairngreacht sin?

Fothracha na Bablóine san Iaráic inniu

Colláis: Cuid de na radhairc a bheidh le feiceáil sna ‘laethanta deireanacha’ de réir tairngreachtaí an Bhíobla. 1. Foirgneamh trí thine. 2. Saighdiúir ag scaoileadh as meaisínghunna. 3. Daoine ag troid i gcoinne na bpóilíní. 4. Robálann beirt fhear fear i siopa. 5. Déanann tanc airm ionsaí ar chathair. 6. Daoine ocracha le maisc agus iad ag seasamh i líne ag fanacht le bia. 7. Talamh atá scoilte de bharr an triomaigh. 8. Teach is é tite go talamh tar éis crith talún.

6. Thuar an Bíobla rudaí atá ag tarlú inniu

Tagraíonn an Bíobla don am a bhfuil muid ag maireachtáil ann mar “na laethanta deireanacha.” (2 Tiomóid 3:1) Féach ar na rudaí a thuar an Bíobla don tréimhse ama seo.

Léigh Matha 24:​6, 7, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Céard iad cuid de na rudaí a bhí tuartha sa mBíobla faoi na laethanta deireanacha?

Léigh 2 Tiomóid 3:​1-5, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • De réir an Bhíobla cé na tréithe a bheadh ag daoine le linn na laethanta deireanacha?

  • Cé acu ceann de na tréithe sin a chonaic tusa?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Is miotais agus finscéalta atá sa mBíobla.”

  • Céard í an fhianaise is láidre a thugann le fios duit gur féidir an Bíobla a thrust?

ACHOIMRE

Cuireann an stair, an eolaíocht, agus na tairngreachtaí in iúl gur féidir leat an Bíobla a thrust.

Súil Siar

  • An bhfuil an Bíobla fíor nó ar finscéalta atá ann?

  • Céard iad roinnt de na rudaí a bhfuil an Bíobla agus an eolaíocht ar aon fhocal fúthu?

  • An gceapann tú go bhfuil an Bíobla in ann an méid atá le tarlú amach anseo a thuar? Mínigh.

Sprioc

FIOSRAIGH

An bhfuil botúin eolaíochta sa mBíobla?

“An Bhfuil An Eolaíocht Ar Aon Fhocal Leis an mBíobla?” (Alt ar líne)

Céard iad na fíricí a bhaineann leis “na laethanta deireanacha”?

“6 Bible Prophecies You Are Seeing Fulfilled” (The Watchtower, 1 Bealtaine, 2011)

Faigh amach faoin mbealach ar comhlíonadh na tairngreachtaí a bhain le hImpireacht na Gréige.

Fortified by “the Prophetic Word” 5:​22

Faigh amach faoin gcaoi ar athraigh na tairngreachtaí an dearcadh a bhí ag fear amháin ar an mBíobla.

“For Me, God Did Not Exist” (The Watchtower Uimh. 5 2017)

a I measc na dtairngreachtaí tá teachtaireachtaí ó Dhia a chuireann síos ar imeachtaí atá le tarlú amach anseo.

b Seasann R.C.R. do “Roimh Chomh-Ré,” agus C.R. do “Comh-Ré.”

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn