Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 60 lth. 144-lth. 145 alt 2
  • Ríocht a Sheasfaidh go Deo

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Ríocht a Sheasfaidh go Deo
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Ríocht a Bhí Cosúil le Crann Mór Ard
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 60 lth. 144-lth. 145 alt 2
Tá brionglóid ag Nabúcadnazar faoi dhealbh ollmhór a bhfuil cloch ag déanamh smidiríní di

CEACHT 60

Ríocht a Sheasfaidh go Deo

Oíche amháin bhí brionglóid aisteach ag Rí Nabúcadnazar. Bhí sé chomh trína chéile is nach raibh sé in ann codladh. Chuir sé fios ar a chuid draíodóirí agus dúirt sé leo: ‘Mínígí mo bhrionglóid dom.’ Dúirt siad leis: ‘Inis an bhrionglóid dúinn, a rí.’ Ach dúirt Nabúcadnazar leo: ‘Ní inseoidh! Insígí-se mo bhrionglóid domsa, nó maróidh mé sibh.’ Dúirt siad leis arís: ‘Má insíonn tú do bhrionglóid dúinn míneoidh muid duit í.’ Dúirt sé leo: ‘Tá sibh ag iarraidh an dallamullóg a chur orm. Insígí mo bhrionglóid dom!’ Dúirt siad leis an rí: ‘Níl aon fhear beo atá in ann é sin a dhéanamh. Tá an rud atá tú a iarraidh dodhéanta.’

Bhí an oiread sin oilc ar Nabúcadnazar gur ordaigh sé na fir feasa ar fad a bhí sa tír a mharú. Ina measc sin bhí Dainéil, Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó. D’iarr Dainéil ar an rí roinnt ama a thabhairt dó. Ansin thosaigh sé féin agus a chairde ag guí chuig Iehova. Céard a rinne Iehova?

Thaispeáin Iehova brionglóid Nabúcadnazar do Dhainéil i bhfís, agus d’inis sé dó céard a chiallaigh sí. An lá dar gcionn chuaigh Dainéil go dtí searbhónta an rí agus dúirt sé: ‘Ná maraigh na fir feasa. Tá mise in ann brionglóid an rí a mhíniú.’ Thug an searbhónta Dainéil go dtí Nabúcadnazar. Dúirt Dainéil leis an rí: ‘Tá Dia ag insint duit an rud atá chun tarlú amach anseo. Seo í do bhrionglóid: Chonaic tú dealbh ollmhór a raibh cloigeann óir air, brollach agus lámha airgid, bolg agus ceathrúna copair, cosa iarrainn, agus troithe déanta as iarrann measctha le cré. Ansin gearradh cloch amach as sliabh agus bhuail sé an dealbh sna troithe. Rinneadh púdar den dealbh agus d’imigh sé le gaoth. Rinneadh sliabh mór den chloch agus líon sí an domhan go léir.’

Dúirt Dainéil ansin: ‘Is é seo brí do bhrionglóide: Is í do ríochtsa an cloigeann óir. Seasann an t-airgead don ríocht a thiocfaidh i do dhiaidh-sa. Ansin beidh ríocht ann a bheidh cosúil le copar, agus rialóidh sí an domhan go léir. Beidh an chéad ríocht eile láidir cosúil le hiarann. Ar deireadh, beidh ríocht ann a bheidh deighilte—beidh cuid di láidir cosúil le hiarann, agus beidh cuid eile di lag cosúil le cré. Is í Ríocht Dé an chloch ar rinneadh sliabh aisti. Scriosfaidh sí na ríochtaí seo uile agus seasfaidh sí féin go deo.’

Thit Nabúcadnazar béal faoi ar an talamh os comhair Dhainéil. Dúirt sé: ‘D’inis do Dhia an bhrionglóid seo duit. Níl aon Dia eile mar é.’ Chuir Nabúcadnazar Dainéil i gceannas ar na fir feasa, agus rinne sé rialtóir de ar chúige na Bablóine. An bhfeiceann tú an chaoi ar fhreagair Iehova paidir Dhainéil?

“Chruinnigh siad iad chun na háite ar a dtugtar Harmagadón san Eabhrais.”—Apacailipsis 16:16

Ceisteanna: Cén fáth a raibh Dainéil in ann míniú a thabhairt ar bhrionglóid Nabúcadnazar? Céard a chiallaigh an bhrionglóid?

Dainéil 2:1-49

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn