Réamhrá Cuid 4
Cuireann an chuid seo den leabhar Iósaef, Iób, Maois, agus na hIosraeilítigh in aithne dúinn. Chuir siad suas le go leor cruatan de bharr oibreacha an Diabhail. Cuireadh cuid acu i bpríosún agus d’fhulaing siad éagóir, sclábhaíocht, agus bás fiú. Ach chosain Iehova iad ar bhealaí éagsúla. Más tuismitheoir thú, cabhraigh le do pháiste tuiscint a fháil ar an mbealach ar éirigh le searbhóntaí Iehova cur suas leis na rudaí seo ar fad gan a gcreideamh a chailleadh.
Thaispeáin Iehova go raibh sé féin i bhfad níos cumhachtaí ná déithe na hÉigipte nuair a tharraing sé na Deich bPlá orthu. Tarraing aird ar an gcaoi ar chosain Iehova a dhaoine san am a caitheadh agus ar an gcaoi a gcosnaíonn sé iad inniu.