Réamhrá Cuid 2
Cén fáth ar scrios Iehova an domhan le díle? Thosaigh cath go luath i stair an duine—cath idir an mhaith agus an t-olc. Roghnaigh daoine ar nós Ádhamh, Éabha, agus Cáin, an t-olc a dhéanamh. Ach roghnaigh daoine eile, leithéidí Áibil agus Naoi, an mhaith a dhéanamh. Le himeacht ama, bhí an chuid is mó de na daoine chomh dona sin, is gur bheartaigh Iehova iad a scriosadh. Feicfidh muid sa gcuid seo den leabhar go bhfeiceann Iehova cén taobh a roghnaíonn muid, agus nach gceadóidh sé don olc an ceann is fearr a fháil ar an maith.