SCÉAL 6
Deá-mhac Agus Drochmhac
FÉACH ar Cháin agus Abel anois. Tá an bheirt acu fásta suas. Is feirmeoir é Cáin. Cuireann sé arbhar agus torthaí agus glasraí. Fear é Abel a choinníonn caoire. Is maith leis aire a thabhairt d’uanta beaga.
Lá amháin tugann Cáin agus Abel bronntanas chuig Dia. Tugann Cáin cuid den bhia atá curtha aige. Agus tugann Abel an chaora is fearr atá aige. Tá Iehobhah sásta le Abel agus lena bhronntanas. Ach níl sé sásta le Cáin agus a bhronntanas. An bhfuil fhios agat cén fáth?
Ní hé amháin mar go bhfuil bronntanas Abel níos fearr ná bronntanas Cháin é. Is mar gheall gur fear maith é Abel. Tá grá aige do Iehobhah agus dá dheartháir. Ach is drochfhear é Cáin; níl grá aige dá dheartháir.
Deireann Dia le Cáin nach mór dó a bhéasa a athrú. Ach ní éisteann Cáin. Tá sé feargach mar gur fearr le Dia Abel agus buaileann sé a dheartháir chomh crua sin is go maraíonn sé é.
Bhí Abel go maith agus ní dhéanann Iehobhah dearmad ar dhaoine mar sin. Mar sin tiocfaidh lá a dtabharfaidh Dia Abel ar ais chun na beatha. San am sin, béidh Abel in ann maireachtáil go deo anseo ar an talamh. Nach mbéidh sé go deas aithne a chuir ar dhaoine cosúil le Abel?
Ach níl Dia sásta le daoine mar Cháin. Mar sin, tar éis do Cháin a dheartháir a mharú, chuir Dia píonós air tré é a sheoladh i bhfad ón gcuid eile dá chlann. Nuair a chuaigh Cáin chun cónaithe i bpáirt eile den domhan, thug sé duine dá dheirfiúracha leis agus bhí sí mar bhean chéile aige.
In am tráth bhí páistí ag Cáin agus ag a bhean. Phós mic agus iníonacha eile le Ádhamh agus Éabha, agus bhí páistí acusan freisin. Is gearr go raibh go leor daoine ar an talamh. Foghlaimíodh muid faoi chuid acu.