SCÉAL 7
Fear Misniúil
DO RÉIR mar thosaigh an líon daoine ar an talamh ag méadú, rinne an chuid is mó acu drochghníomhartha mar a rinne Cáin. Ach bhí an fear seo Eʹnoc difriúil.
An bhfuil fhios agat cén fáth go ndearna daoine ins an am sin an oiread sin drochghníomhartha? Bhuel, smaoinigh, cé chuir ar Ádhamh agus Éabha a bheith easumhal do Dhia? Sea, an drochaingeal darb ainm Sátan. Tá seiseann ag déanamh iarracht cuir ar gach duine a bheith go holc.
Lá amháin thug Dia ar Eʹnoc rud nár theastaigh uathu a chloisteáil a inseacht do na daoine. Seo é: ‘Tá Dia chun na drochdhaoine go léir a scrios lá de na laethanta seo.’ D’fheadfadh sé gur chuir sé an-fhearg ar na daoine é seo a chloisteáil. D’fhéadfadh sé gur thriáil siad Eʹnoc a mharú fiú. Mar sin, bhí sé riachtanach go mbeadh Eʹnoc anmhisniúil chun an rud a bhí beartaithe ag Dia a inseacht do na daoine.
Níor lig Dia d’Eʹnoc maireachtáil i bhfad i measc na ndrochdhaoine sin. Níor mhair Eʹnoc ach 365 bliain. Ins na laethanta sin mhair daoine i bhfad níos faide. Nár mhair mac Eʹnoc, Me·túʹsela, 969 bliain!
Bhuel, tar éis d’Eʹnoc bás a fháil fuair na daoine níos measa agus níos measa. Deireann an Bíobla go raibh siad ‘i gcónaí ag smaoineamh ar an olc,’ agus go raibh ‘an talamh lán d’fhoréigin.’
Ceann de na cúiseanna go raibh an oiread trioblóide ar an talamh ins na laethanta sin ná go raibh bealach nua ag Sátan chun cuir ar na daoine drochghníomhartha a dhéanamh. Seo é an chéad rud eile a bhfoghlaimeoimid ina thaobh.