SCÉAL 8
Fathaigh ar an Talamh
IS FÍOR go raibh fathaigh ar an talamh tráth. Taispeáineann an Bíobla gur aingle as na flaithis a bhí mar athair acu. Ach cén chaoi a bhféadfadh sé sin tárlú?
Cuimhnigh, bhí an drochaingeal Sátan gnóthach. Bhí sé ag déanamh iarracht fiú cuir ar aingle Dé an drochrud a dhéanamh. In am tráth, thosaigh cuid de na haingle seo ag tabhairt áird ar Shátan. Tháinig siad anuas ar an talamh agus rinne siad coirp daonna dóibh féin. An bhfuil fhios agat cén fáth?
Deireann an Bíobla go bhfaca na mic seo le Dia na mná deasa a bhí ar an talamh agus go raibh siad ag iarraidh cónaí leo. Mar sin, tháinig siad anuas ar an talamh agus phós siad na mná seo. Deireann an Bíobla go raibh sé seo mí-cheart, mar rinne Dia na haingle le cónaí ins na flaithis.
Nuair a bhí páistí ag na haingle agus a mná céile, bhí na páistí seo difriúil. B’fhéidir nár fhéach siad an-difriúil ag an tús. Ach lean siad orthu ag fás níos mó agus níos mó, agus ag fáil níos láidre agus níos láidre, go dtí go raibh siad ina bhfathaigh.
Bhí na fathaigh seo go holc. Agus ós rud é go raibh siad chomh mór, láidir ghortaídís daoine. Rinne siad iarracht iallach a chuir ar gach duine eile a bheith chomh holc leo féin.
Bhí Eʹnoc básaithe, ach bhí fear amháin ar an talamh anois a bhí go maith. Naoi a bhí mar ainm ar an bhfear seo. Rinne sé an rud a theastaigh ó Dhia i gcónaí.
Lá amháin dúirt Dia le Naoi go raibh an t-am tagtha ina raibh Sé chun na drochdhaoine go léir a scrios. Ach bhí Dia chun Naoi agus a chlann agus go leor de na hainmhithe a shábháil. Feicfimid an chaoi a ndearna Dia é seo.