Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 9
  • Tógann Naoi Áirc

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tógann Naoi Áirc
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Áirc Naoi
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • An Díle Mór—Cé a D’Éist? Cé Nár Éist?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
  • Tagann Ochtar Slán ón Díle
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • An Díle Mór
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 9

SCÉAL 9

Tógann Naoi Áirc

BHÍ bean agus triúr mac ag Naoi. Sém, Hám agus Iáfet na hainmeacha a bhí ar na mic. Agus bhí bean an duine ag an triúr. Mar sin bhí ochtar i gclann Naoi.

Dúirt Dia le Naoi áirc a thógáil. Bhí an áirc cosúil le bosca mór fada. Bhí sí trí stór ar airde agus seomraí inti. Is le haghaidh Naoi, a chlann agus na hainmhithe a bhí na seomraí, agus le haghaidh an bia a theastódh uathu go léir.

Dúirt Dia le Naoi freisin, caoi a chuir ar an áirc sa gcaoi is nach scaoilfeadh sí aon uisce isteach. Dúirt Dia: ‘Tá mé chun díle mór a thosnú agus an domhan go léir a scrios. Gheobhaidh éinne nach mbéidh ins an áirc bás.’

Rinne Naoi agus a chlann mhac mar a d’ordaigh Dia agus thosaigh siad ar an tógáil. Ní dhearna na daoine eile ach gáirí. Lean siad orthu ag déanamh drochrudaí. Níor chried éinne Naoi nuair a d’inis sé dóibh an rud a bhí i gceist ag Dia a dhéanamh.

Thóig sé roinnt mhaith blianta an áirc a chríochnú. Ansin dúirt Dia le Naoi na hainmhithe a thabhairt isteach ins an áirc. Dúirt Dia péire de chuid de na hainmhithe a thabhairt isteach, ceann fireann agus ceann baineann. Ach d’ainmhithe eile dúirt Dia le Naoi seacht gcinn a thabhairt isteach. Rinne Naoi díreach mar a dúirt Dia.

Ina dhiaidh sin chuaigh Naoi agus a chlann isteach san áirc. Ansin dhúin Dia an doras. Istigh, bhí Naoi agus a chlann ag feitheamh. Samhlaigh tú féin ansin ins an áirc leo, ag feitheamh. An mbeadh díle ann mar a dúirt Dia, dáiríre?

Geineasas 6:9-22; 7:1-9.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn