Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • mwbr25 Meán Fómhair lth. 1
  • Tagairtí do Leabhar Oibre an Chruinnithe Saol agus Ministreacht

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tagairtí do Leabhar Oibre an Chruinnithe Saol agus Ministreacht
  • Tagairtí do Leabhar Oibre an Chruinnithe Saoil agus Ministreacht—2025
  • Fotheidil
  • 1-7 MEÁN FÓMHAIR
  • 8-14 MEÁN FÓMHAIR
  • 15-21 MEÁN FÓMHAIR
  • 22-28 MEÁN FÓMHAIR
  • 29 MEÁN FÓMHAIR–5 DEIREADH FÓMHAIR
  • 6-12 DEIREADH FÓMHAIR
  • 13-19 DEIREADH FÓMHAIR
  • 20-26 DEIREADH FÓMHAIR
  • 27–SAMHAIN 2 DEIREADH FÓMHAIR
Tagairtí do Leabhar Oibre an Chruinnithe Saoil agus Ministreacht—2025
mwbr25 Meán Fómhair lth. 1

Tagairtí do Leabhar Oibre an Chruinnithe Saol agus Ministreacht

© 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania

1-7 MEÁN FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 29

Diúltaigh do Chreideamh agus do Nósanna Nach Bhfuil De Réir na Scrioptúr

wp16.06 6, bosca

Físeanna den Dream atá sa Neamh Dofheicthe

Tá laincisí ar na milliúin duine ag piseoga agus eagla roimh na hainspridí mar a bheadh príosúnaigh i slabhraí. Cuireann siad muinín i mbráisléid draíochta agus i ndeochanna draíochta chun iad féin a chosaint. Ní gá duitse é sin a dhéanamh. Tugann an Bíobla sólás dúinn nuair a deir sé: tá “súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith.” (2 Croinicí 16:9) Tabharfaidh an fíor-Dhia, Iehova, atá i bhfad níos cumhachtaí ná Sátan, cosaint duit má chuireann tú do mhuinín Ann.

Chun go gcosnóidh Iehova thú, beidh ort foghlaim faoi gach atá Sé a iarraidh ort agus déanamh dá réir. Mar shampla, sa chéad aois, bhailigh na Críostaithe i gcathair Eifeasas a gcuid leabhair dhraíochta agus dhóigh siad iad. (Gníomhartha 19:19, 20) Mar an gcéanna, chun cosaint Dé a fháil, caithfidh tú fáil réidh le rudaí a bhaineann le draíocht mar shampla bráisléadaí draíochta, leabhair dhraíochta, sreanga “cosanta” agus aon rud eile atá bainteach leis na deamhain.

w19.04 17 ¶13

Cloí leis an Fhírinne Faoin mBás

13 Mura bhfuil tú cinnte faoi nós nó cleachtas éigin, labhair le Iehova i bpaidir agus iarr eagna Dé. (Léigh Séamas 1:5.) Ansin lean ort agus déan taighde inár bhfoilseacháin. Más gá, téigh i gcomhairle leis na seanóirí i do phobal Críostaí. Ní thabharfaidh siad a dtuairimí pearsanta féin duit, ach cuirfidh siad ar an eolas thú faoi phrionsabail an Bhíobla ar an ábhar, ar nós na cinn a phléitear anseo. De réir mar a dhéanann tú é seo, beidh tú ag foghlaim “chun an mhaith a aithint thar an olc.”​—Eabh. 5:14.

w18.11 11 ¶12

‘Siúlfaidh mé i d’Fhírinne’

12 Nósanna agus cleachtais nach bhfuil de réir na scrioptúr. B’fhéidir go ndéanfaidh baill do do theaghlach, do chomhoibrithe agus do chomhscoláirí iarracht thú a spreagadh le páirt a ghlacadh leo ina gceiliúradh. Cén chaoi ar féidir linn seasamh in aghaidh an bhrú a chuirtear orainn le nósanna agus laethanta saoire nach dtugann ómós d’Iehova a cheiliúradh? Is féidir linn é a dhéanamh trí dhearcadh Iehova ar na cleachtais sin a choinneáil go soiléir i gcuimhne. D’fhéadfadh sé a bheith cabhrach athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil ráite inár bhfoilseacháin, rudaí a léiríonn an bunús atá leis na nósanna sin. Nuair a dhéanann muid machnamh ar na cúiseanna Scrioptúrtha nach nglacann muid páirt sna nósanna sin, tá muid in ann a bheith cinnte de go bhfuil muid ag aimsiú “cad é an ní is áil leis an Tiarna.” (Eif. 5:10) Má chuireann muid ár muinín in Iehova cabhróidh sé linn gan eagla a bheith orainn “roimh dhaoine.”​—Sean. 29:25.

Seoda Spioradálta

it “Flattery” 1

Plámás

Bíonn an té a bhíonn ag déanamh plámáis glic ar an mbealach a dhéanann sé moladh agus é ag iarraidh a chur ina luí ar an duine go bhfuil sé i ndáiríre. De ghnáth déantar an moladh le cur le baois an duine atá á mholadh, déantar é freisin chun go gceapfaidh an duine gur tábhachtaí é féin ná aon duine agus is mar sin déantar dochar dó. Is é an cuspóir atá leis ná fabhar nó rud éigin a fháil ó dhuine eile, ionas go mbeidh an duine sin faoi chomaoin ag an té atá ag déanamh an moladh. Is minic a chuirtear an duine eile i mbealach a bhascadh. (Sean 29:5) Ní anuas ó neamh a thagann an eagna a úsáideann an té atá ag déanamh plámáis mar is den saol seo é, mar cuirtear béim ar thréithe mar leithleachas agus bréagchráifeach. (Séam 3:17) Ní maith le Dia tréithe mar neamh mhacántacht, bréagadóireacht, nó a bheith ag adhradh nó ag glóiriú duine eile.​—2Co 1:12; Ga 1:10; Eif 4:25; Col 3:9; Ap 21:8.

8-14 MEÁN FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 30

“Ná Tabhair Dom Saibhreas Ná Daibhreas”

w18.01 24-25 ¶10-12

Cén Cineál Grá a Thugann Fíor-Shonas?

10 Teastaíonn airgead uainn go léir, ar ndóigh. Tugann sé roinnt cosaint dúinn. (Cóh. 7:12) Ach an féidir le duine a bheith fíorshásta mura bhfuil aige ach a dhóthain dá riachtanais bhunúsacha? Is féidir! (Léigh Cóheilit 5:12.) Scríobh Ágúr mac Iácaé: “Ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas, ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom.” Is féidir linn an chúis nár mhian leis a bheith beo bocht a thuiscint go héasca. Mhínigh sé é ina dhiaidh sin, níor theastaigh uaidh a bheith faoi chathú agus a bheith ag goid de bhrí nach maith le Iehova goid. Ach cén fáth ar ghuigh sé gan saibhreas a bheith aige? Scríobh sé: “ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna [Iehova]–cé hé féin?’” (Sean. 30:8, 9) Is dócha gur féidir leat smaoineamh ar dhaoine a chuireann muinín ina saibhreas seachas i nDia.

11 Ní féidir leo siúd a bhfuil grá acu don airgead Dia a shásamh. Dúirt Íosa: “Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.” Dúirt sé mar réamhrá: “Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid. Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach á ghoid.”​—Math. 6:19, 20, 24.

12 Tá go leor daoine tar éis a fháil amach go mbíonn siad níos sona nuair a choinníonn siad a saol simplí agus go mbíonn níos mó ama acu le freastal ar Iehova. Dhíol Jack, a chónaíonn sna Stáit Aontaithe, a theach agus a ghnó mar bhí a fhios aige go gcuirfeadh sé sin ar a chumas a bheith ag ministreacht in éineacht lena bhean chéile. “Bhí sé deacair ár dteach amuigh faoin tuath a dhíol. Ach ar feadh na mblianta, thiocfainn abhaile agus cantail orm mar gheall ar fhadhbanna ag an obair. Ba cheannródaí í mo bhean chéile agus bhíodh sí sona sásta i gcónaí. Deir sí, ‘tá ceannasaí iontach agam!’ Anois tá mé féin i mo cheannródaí freisin agus oibríonn muid don cheannasaí céanna, Iehova.”

w87 5/15 30 ¶8

Bíodh Eagla Iehova Ort agus Beidh Tú Sásta

◆ 30:15, 16​—Cén bhrí atá le baint as na samplaí seo?

Léiríonn siad nach féidir le duine santach a bheith sásta lena chuid. Ní féidir le súiteoirí (leeches) a ndóthain fola a fháil agus tá daoine santacha ar an gcaoi chéanna, iad sa tóir ar níos mó airgid nó breis cumhachta. Mar an gcéanna, ní bhíonn Seól (an uaigh) lán riamh agus glacann sé le níos mó agus níos mó marbhán. Bíonn bean an bhroinn sheasc ag guí “Tabhair clann dom.” (Geineasas 30:1) Nuair a fhliuchann uisce na báistí an talamh atá buailte ag triomach ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn cuma thirim air arís. Agus an tine a dhónn na rudaí a chaitear isteach inti, scaipeann a lasracha amach agus dónn sí a bhfuil thart uirthi. Is mar sin atá sé le daoine santach. Ach ní bhíonn siad siúd atá treoraithe ag eagna Dé á ngríosú ag an tsaint.

w11 6/1 10 ¶4

Ag Maireachtáil de Réir d’Acmhainn​—An Chaoi Lena Dhéanamh

Sábháil airgead sula gceannaíonn tú aon ní. Cé go bhféadfadh sé a bheith seanfhaiseanta, is bealach ciallmhar é airgead a chur go leath taobh sula gceannaíonn tú aon rud, sábhálfaidh sé seo thú ar thrioblóidí airgid. Coinníonn sé seo go leor daoine saor ó fhiacha agus na trioblóidí a bhaineann leis na fiacha, ar nós rátaí arda úis, rud a chuireann le praghas gach rud a cheannaíonn duine. Deirtear sa mBíobla go bhfuil an seangán críonna mar “cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh, agus bailíonn a sholáthairtí sa bhFómhar” le húsáid sa todhchaí.​—Seanfhocail 6:6-8; 30:24, 25.

w24.06 13 ¶18

Fan mar Aoi ag Iehova go Deo!

18 Is maith an rud ár ndearcadh i leith airgid a mheas. Fiafraigh díot féin: ‘An mbím ag smaoineamh ar airgead go minic agus ar na rudaí is féidir a cheannach leis? Má fhaighim airgead ar iasacht, an mbím ag cur aisíoc na ngálaí ar an méar fhada mar go gceapann mé nach bhfuil an t-airgead ag teastáil ón té a thug an iasacht dom? An mbraitheann mé tábhachtach mar gheall ar airgead a bheith agam, ach an mbíonn sé deacair a bheith flaithiúil dá bharr? An measaim go bhfuil dúil i maoin shaolta ag ár mbráithre de bhrí go bhfuil airgead acu? An gcothaím cairdeas leis an dream atá saibhir agus neamh shuime a dhéanamh den dream bocht?’ Is pribhléid é a bheith inár n-aíonna ag Iehova. Is féidir linn cur leis an phribhléid sin trínár saol a choinneáil saor ó ghrá don airgead. Má dhéanann muid amhlaidh, ní fhágfaidh Iehova choíche muid!​—Léigh Eabhraigh 13:5.

Seoda Spioradálta

w09 4/15 17 ¶11-13

Tá Eagna Iehova le Feiceáil sa gCruthú

11 Is créatúr beag eile é an broc carraige agus is féidir leis ceachtanna tábhachtacha a mhúineadh dúinn. (Léigh Seanfhocail 30:26.) Tá sé beagáinín cosúil le coinín mór ach tá cluasa gearra cruinn agus cosa gearra air. Cónaíonn an t-ainmhí beag seo i gceantair carraigeacha. Tá amharc grinn aige agus bíonn sé sábháilte ó chreachadóirí sna poill i measc na gcarraigeacha. Tá sé i nádúr an bhroic carraige maireachtáil ar scáth a chéile i ngrúpa mór rud a chuireann cosaint ar fáil dóibh agus a chabhraíonn leo fanacht te teolaí sa ngeimhreadh.

12 Céard is féidir linn a fhoghlaim ón mbroc carraige? Ar dtús, tabhair faoi deara nach bhfágann an t-ainmhí seo é féin i mbaol ionsaí. Ina ionad sin, baineann sé leas as radharc grinn na súl le creachadóirí a fheiceáil i bhfad uaidh, agus fanann sé gar do phoill agus do scailpeanna, áiteanna a chuireann bealaí éalaithe ar fáil dó. Mar an gcéanna, ní mór dúinn tuiscint spioradálta a bheith againn ionas gur féidir linn na contúirtí atá i ndomhan Shátan a aithint. Dúirt an t-aspal Peadar: “Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n-áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.” (1 Pead. 5:8) Nuair a bhí Íosa ar an talamh, bhí sé ag faire amach do na hiarrachtaí a rinne Sátan chun a chuid ionracas a chuir as a riocht. (Math. 4:1-11) Chuir Íosa dea-shampla ar fáil dá lucht leanúna!

13 Bealach amháin inár féidir linn a bheith ag faire ná leas a bhaint as an gcosaint spioradálta a chuireann Iehova ar fáil dúinn. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh freastal ar chruinnithe Críostaí agus staidéar a dhéanamh ar Bhriathar Dé. (Lúcás 4:4; Eabh. 10:24, 25) Díreach mar a bhaineann an broc carraige leas as a bheith i measc a ghrúpa dlúth féin, ní mór dúinn comhluadar a choinneáil lenár gcomh-Chríostaithe ionas gur féidir linn a chéile a spreagadh. (Rómh. 1:12) Trí leas a bhaint as an gcosaint a chuireann Iehova ar fáil dúinn, aontaíonn muid leis an salmaire Dáiví, a dúirt: “Mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir. Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom.”​—Salm 18:3 (18:2 i mBíoblaí eile).

15-21 MEÁN FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | SEANFHOCAIL 31

Ceachtanna a Fhoghlaimíonn Muid ó Chomhairle na Máthar Dá Mac

w11 2/1 19 ¶7-8

Cothaigh Caighdeáin Morálta i do Leanaí

Múin an fhírinne faoi ghnéas. Tá gá fainic a chur orthu. (1 Corantaigh 6:18; Séamas 1:14, 15) Cuireann an Bíobla síos ar ghnéas mar bhronntanas ó Dhia, ní mar thrap de chuid Shátain. (Seanfhocail 5:18, 19; Laoi na Laoithe 1:2) Mura n-insíonn tú ach faoi na contúirtí do do dhéagóirí, d’fhéadfadh a ndearcadh ar chaidreamh gnéas a bheith neamh-scrioptúrtha agus curtha as a riocht. “Chuir mo thuismitheoirí an-bhéim ar mhímhoráltacht ghnéis,” a deir bean óg sa Fhrainc darbh ainm Corrina, “agus bhí dearcadh diúltach agam i leith caidreamh gnéis.”

Déan cinnte go bhfaigheann do leanaí iomlán na fírinne faoi ghnéas. Deir máthair i Meicsiceo darbh ainm Nadia “rinne mé iarracht i gcónaí a chur in iúl do mo dhéagóirí, gur rud álainn agus nádúrtha é an gnéas agus gurbh é Iehova Dia a thug don duine é chun go mbainfidh siad taitneamh as. Ach is é an áit cheart lena chleachtadh ná taobh istigh den phósadh. Ag brath ar an gcaoi a n-úsáideann muid é is féidir le sonas nó fulaingt a bheith mar thoradh air.”

ijwhf alt 4 ¶11-13

Ag Caint le Páistí Faoi Alcól

Déan plé ar an ábhar. “Is féidir le húsáid alcóil mearbhall a chur ar dhaoine óga,” a deir Marcas, athair as an mBreatain. “D’fhiafraigh mé de mo mhac atá ocht mbliana d’aois ar cheap sé go raibh sé ceart nó mícheart alcól a ól. Choinnigh mé an comhrá neamhfhoirmiúil gan teannas, agus chabhraigh sé seo leis a chuid tuairimí a chur in iúl go hoscailte.”

Beidh tuiscint níos fearr ag na daoine óg ar alcól má dhéanann tú plé air go minic. Ag brath ar aois do linbh, déan plé ar alcól chomh maith le rudaí eile mar shábháilteacht ar bhóithre agus oideachas gnéis.

Bí i d’eiseamláir. Tá leanaí cosúil le spúinsí​—súnn siad isteach a bhfuil thart orthu​—agus léiríonn taighde go bhfuil tionchar mór ag tuismitheoirí ar a gcuid leanaí. Ciallaíonn sé seo má ólann tú alcól chun strus a mhaolú, is teachtaireacht é seo do do leanbh gur san alcól atá freagraí ar imní an tsaoil. Mar sin, bí i d’eiseamláir mhaith. Bí cinnte go n-úsáideann tú alcól go ciallmhar.

g17.6 9 ¶5

Ag Múineadh Umhlaíocht do Leanaí

Bí flaithiúil. Cruthaigh do do leanbh “gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháil.” (Gníomhartha 20:35) Cén chaoi? Déan liosta le chéile de na daoine a bhfuil cabhair uathu le siopadóireacht, modh iompair nó obair dheisiúcháin a dhéanamh. Ansin tabhair leat do leanbh nuair atá tú ag cabhrú le cuid acu. Bí sona sásta nuair atá tú ag tabhairt aire do riachtanais daoine eile agus feicfidh do leanbh é seo. Ar an mbealach sin múinfidh tú umhlaíocht do do leanbh ar an mbealach is fearr​—trí do dhea-shampla.​—Prionsabal an Bhíobla: Lúcás 6:38.

Seoda Spioradálta

w92 11/1 11 ¶7-8

Oideachas in Aimsir an Bhíobla

7 In Iosrael, bhí an t-athair agus an mháthair ag múineadh leanaí ó aois an-óg. (Deotranaimí 11:18, 19; Seanfhocail 1:8; 31:26) Sa bhFoclóir Fraincise Dictionnaire de la Bible, scríobh an scoláire Bíobla E. Mangenot: “As soon as he could speak, the child learned a few passages from the Law. His mother would repeat a verse; when he knew it, she would give him another one. Later, the written text of the verses they could already recite from memory would be put into the children’s hands. Thus, they were introduced to reading, and when they had grown older, they could continue their religious instruction by reading and meditating on the law of the Lord.”

8 Tugann sé seo le fios gurb é an modh teagaisc bunúsach a húsáideadh ná rudaí a fhoghlaim de ghlan mheabhair. Bhí na rudaí a d’fhoghlaim siad faoi dhlíthe Iehova agus a chaidreamh lena mhuintir, ceapaí a bheith greanta ar a gcroí. (Deotranaimí 6:6, 7) Bhí siad le machnamh a dhéanamh orthu. (Salm 77:11, 12) Baineadh úsáid as áiseanna cuimhne éagsúla chun cabhrú le hóg agus aosta rudaí a thabhairt chun cuimhneamh. Ina measc seo alphabetic acrostics, véarsaí comhleanúnacha i salm ag tosú le litir dhifriúil, in ord aibítre (mar atá i Seanfhocail 31:10-31); alliteration (nó focail ag tosú leis an litir nó leis an bhfuaim chéanna); agus úsáid uimhreacha, cosúil leo siúd a úsáidtear sa dara leath de Seanfhocail caibidil 30. Is díol spéise é go bhfuil roinnt scoláirí den tuairim gur aclaíocht cuimhneamh a bhí sa bhFéilire Gezer, ceann de na samplaí is sine de scríbhneoireacht ársa na hEabhraise.

22-28 MEÁN FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | CÓHEILIT 1-2

Lean Ort ag Oiliúint an Chéad Ghlúin Eile

w17.01 27-28 ¶3-4

“Cuirse é (an teagasc a chuala tú uaimse) i gCúram Daoine Iontaofa”

3 Is breá linn an obair a dhéanann muid agus ba mhaith linn leanúint ar aghaidh á déanamh. Ach faraor tá muid ag dul in aois agus tá glúin eile ag teacht inár n-áit. (Cóh. 1:4) Le blianta beaga anuas, chruthaigh an t-aistriú seo dúshláin do fhíor-Chríostaithe. Tá an obair a dhéanann Finnéithe Iehova tar éis dul i méid agus tá castacht ag baint leis. Agus muid ag dul i ngleic le tionscadail nua, glactar le bealaí nua chun rudaí a dhéanamh​—go minic bealaí a bhaineann úsáid as teicneolaíocht atá ag athrú go tapa. D’fhéadfadh sé a bheith deacair ag daoine atá níos sine coinneáil suas leis an dul chun cinn seo. (Lúcás 5:39) Fiú nuair nach bhfuil sé sin amhlaidh, tá níos mó nirt agus fuinnimh ag daoine óga ná mar atá ag an seandream. (Sean. 20:29) Mar sin, tá sé grámhar agus praiticiúil go mbeadh an seandream ag ullmhú na ndaoine óga chun an obair sin a dhéanamh.​—Léigh Salm 71:18.

4 D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé éasca ag an seandream, a gcuid cúraimí a roinnt le daoine níos óige. Bíonn eagla ar roinnt daoine go gcaillfidh siad an stádas a bhfuil siad ceanúil air. Bíonn imní ar dhaoine eile faoi smacht a chailleadh, agus iad cinnte dearfa de nach féidir le daoine óga rudaí a dhéanamh chomh maith sin. D’fhéadfadh sé go gceapann roinnt daoine nach bhfuil an t-am acu chun duine eile a oiliúint. Ar an láimh eile, ní mór do na daoine óga a bheith foighneach nuair nach dtugtar níos mó dóibh le déanamh.

Seoda Spioradálta

it “Cóheilit” ¶1

Cóheilit

Déanann an t-ainm Eabhrais Qo·heʹleth (a chiallaíonn “Cóheilit, Cóimeálaí; Tionólaí”) cur síos go cuí ar ról an rí sa rialtas dialathach a bhí in Iosrael. (Cóh 1:1, 12) Bhí sé de fhreagracht ar an rialtóir na daoine a bhí tiomnaithe do Dhia a choinneáil le chéile i ndílseacht dá nDia agus dá bhfíor-Rí Iehova. (1Rí 8:1-5, 41-43, 66) Ó thaobh é a bheith ina rí maith nó olc don náisiún, bhí sé sin ag brath ar cibé ar threoraigh sé an náisiún in adhradh Iehova nó nár threoraigh. (2Rí 16:1-4; 18:1-6) Bhí an tionólaí, arbh é Solamh é, tar éis go leor do mhuintir Iosrael agus a gcomrádaithe, na cónaitheoirí sealadacha, a thionól chuig an teampall cheana féin. Sa leabhar seo rinne sé iarracht pobal Dé a choinneáil amach ó thionchar díobhálach an tsaoil seo agus iad a bhailiú le chéile i dtreo na n-oibreacha a bheadh fiúntach don Dia dár tiomnaíodh iad dó mar náisiún. Tá an t-ainm a úsáidtear inár mBíoblaí Béarla tógtha ón aistriúchán ar Qo·heʹleth sa Greek Septuagint, mar atá, Ek·kle·si·a·stesʹ (Cóheilit), rud a chiallaíonn “ball de phobal Dé (cóimeálaí; tionólaí).”

29 MEÁN FÓMHAIR–5 DEIREADH FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | CÓHEILIT 3-4

Neartaigh Do Chorda Trí Dhual

ijwhf alt 10 ¶2-8

An Chaoi le Teicneolaíocht a Choinneáil ina Áit Féin

● Is féidir leis an teicneolaíocht má úsáidtear go ciallmhar é cur leis an bpósadh. Mar shampla, úsáideann roinnt lánúineacha pósta é chun fanacht i dteagmháil lena chéile i rith an lae.

“Is féidir le téacs simplí a deir ‘Tá mé mór leat’ nó ‘Tá mé ag smaoineamh ort’ cur le do ghrá.”​—Jonathan.

● Is féidir leis an teicneolaíocht cur as don phósadh mura n-úsáidtear i gceart é. Mar shampla, bíonn roinnt daoine de shíor ag úsáid a gcuid gléasanna leictreonacha, rud a fhágann nach bhfuil am acu le caith lena gcéile pósta.

“Tá mé cinnte go raibh amanna ann nuair a bheadh fonn ar m’fhear céile labhairt liom mura mbeinn ag úsáid mo ghuthán.”​—Julissa.

● Deir roinnt daoine gur féidir leo plé ciallmhar a bheith acu lena gcéile agus a ngléas leictreonach a úsáid ag an am céanna. Dar leis an socheolaí Sherry Turkle, níl ann ach “miotas gur féidir cúpla rud a dhéanamh ag an am céanna nó iltascáil.” Is léir nach bhfuil tairbhe san iltascáil. Deir sí “nach féidir tada a dhéanamh ceart nuair atá duine ag iarraidh cúpla rud a dhéanamh ag an am céanna.”

“Is breá agus is tairbheach liom a bheith ag comhrá le m’fhear céile, ach ní nuair a bhíonn sé ag iltascáil. Mar nuair atá an iltascáil ar siúl aige léiríonn sé go breá leis a bheith leis féin.”​—Sarah.

Mar sin: Is féidir leis an gcaoi a n-úsáideann tú an teicneolaíocht cabhrú le do phósadh nó díobháil a dhéanamh dó.

w23.05 23-24 ¶12-14

Bíodh do Ghrá ar Lasadh

12 Cén chaoi ar féidir le lánúin aithris a dhéanamh ar Priscille agus Acula? Smaoinigh ar na rudaí ar fad a chaithfidh tú féin agus do chéile a dhéanamh. An bhféadfá cuid de na tascanna seo a láimhseáil mar lánúin seachas leat féin? Mar shampla, bhí Priscille agus Acula ag craobhscaoileadh le chéile. An ndéanann tú pleananna go rialta chun an rud céanna a dhéanamh? D’oibrigh Priscille agus Acula le chéile freisin. B’fhéidir nach bhfuil an post céanna agatsa agus ag do chéile, ach an bhféadfaidh sibh obair tí a dhéanamh le chéile? (Cóh. 4:9 NWT) Nuair a chabhraíonn sibh lena chéile le rud a dhéanamh, bíonn sibh ag obair as lámh a chéile agus bíonn deis agaibh labhairt le chéile. Tá Robert agus Linda pósta le breis is 50 bliain. Deir sé: “Níl mórán ama againn le caitheamh le chéile. Ach nuair a ním na soithí agus nuair a thriomaíonn mo bhean chéile iad nó nuair a bhím mé amuigh ag garraíodóireacht agus nuair a thagann sí amach ag obair in éineacht liom, bíonn mé sona sásta. Nuair a dhéanann muid rudaí le chéile bíonn an bheirt againn sásta. Agus méadaíonn ár ngrá dá chéile.”

13 Cuimhnigh, ní hé sin le rá má chaitheann beirt am le chéile go gcuireadh sé seo le haontacht eatarthu. Dúirt bean chéile sa mBrasaíl: “Sa lá atá inniu ann, tá go leor ag cur isteach ar dhaoine agus tá mé tar éis a fháil amach go bhféadfadh muid a bheith ag cur an dallamullóg orainn féin ag ceapadh go bhfuil muid ag caitheamh ama le chéile mar go bhfuil muid ag cónaí faoin díon céanna. Tá sé foghlamtha agam nach bhfuil i gceist le bheith le chéile ach leath an scéal. Baineann an leath eile leis an aird a theastaíonn uaidh a thabhairt do mo chéile.” Tabhair faoi deara faoi mar a chinntíonn Bruno agus a bhean chéile, Tays, go bhfuil siad ag tabhairt aird ar a chéile. Deir sé: “Nuair atá am saor againn, cuireann muid ár bhfóin phóca go leataobh agus baineann muid taitneamh as an am a chaitheann muid lena chéile.”

14 Mar sin féin, céard a tharlóidh mura mbaineann tú féin agus do chéile taitneamh as am a chaitheamh le chéile? B’fhéidir nach bhfuil suim sna rudaí céanna agaibh, nó b’fhéidir go gcuireann sibh as dá chéile. Céard is féidir a dhéanamh? Smaoinigh ar an tine a luadh níos luaithe. Ní bhíonn sé ar lasadh láithreach. Ní mór é a chothú go mall le cipíní beaga ar dtús agus de réir a chéile le píosaí atá níos mó. Ar an gcaoi chéanna, cén fáth nach dtosóidh tú le cúpla nóiméad a chaitheamh le chéile gach lá? Déan cinnte rud éigin a dhéanamh a thaitníonn leis an mbeirt agaibh, ní le rud a d’fhéadfadh coimhlint a chruthú. (Séam. 3:18) Má thosaíonn sibh amach ar an gcaoi sin méadóidh an grá eadraibh.

w23.05 21 ¶3

Bíodh do Ghrá ar Lasadh

3 Chun go mbeadh a ngrá d’Iehova ar lasadh ba chóir do lánúin phósta oibriú le chéile chun caidreamh láidir a chothú leis. Cén chaoi a gcabhraíonn an caidreamh seo lena bpósadh? Nuair a léiríonn lánúin gur mór acu a gcairdeas lena nAthair neamhaí, cuireann siad a chomhairle i bhfeidhm go héasca, rud a chabhraíonn leo fadhbanna a d’fhéadfadh a ngrá dá chéile a scrios a sheachaint agus a shárú. (Léigh Cóheilit 4:12.) Déanann daoine spioradálta a ndícheall freisin aithris a dhéanamh ar Iehova agus a thréithe a chothú, tréithe ar nós cineáltas, foighne, agus maithiúnas. (Eif. 4:⁠32–​5:1) Tá sé níos éasca ag an ngrá bláthú idir lánúin a léiríonn tréithe den sórt sin. Deir deirfiúr darb ainm Lena, atá pósta le breis agus 25 bliain, “Tá sé éasca grá agus meas a bheith agat ar dhuine spioradálta.”

Seoda Spioradálta

it “Grá” ¶39

Grá

“Tráth Grá” Ní choinnítear an grá ach uathu siúd a léiríonn Iehova nach bhfuil sé tuillte acu, nó uathu siúd atá ar chúrsa an oilc. Léirítear an grá do gach duine go dtí go léiríonn siadsan gur fuath leo Dia. Ansin tagann an t-am chun deireadh a chur le léiriú an ghrá. Is breá le hIehova Dia agus Íosa Críost fíréantacht agus is fuath leo an t-aindlí. (Salm 45:7; Eabh 1:9) Níl an grá le cur in iúl dóibh siúd ar fuath leo an fíor-Dhia. Go deimhin, ní dhéanfadh sé aon mhaith leanúint ar aghaidh ag grá a leithéid, mar ní thabharfaidh siad aon aird ar ghrá Iehova. (Salm 139:21, 22; Íse 26:10) Dá bhrí sin is fuath le Dia iad agus tá am leagtha amach aige le déileáil leo.​—Salm 21:8, 9; Cóh 3:1, 8.

6-12 DEIREADH FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | CÓHEILIT 5-6

An Chaoi le hUrraim a Léiriú dár nDia

w08 8/15 15-16 ¶17-18

Tabhair Onóir d’Iehova trí Dhínit a Léiriú

17 Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar dhínit a léiriú agus muid ag adhradh Iehova. “Bí ar d’aire nuair a théann tú go dtí teach Dé,” a deir Cóheilit 4:17 (5:1 i mBíoblaí eile). Ordaíodh do Mhaois agus d’Iósua a mbróga a bhaint dóibh nuair a bhí siad in áit naofa. (Eax. 3:5; Iós. 5:15) Bhí orthu é seo a dhéanamh mar chomhartha urraim. Bhí ar shagairt Iosraelach fobhrístí línéadaigh a chaitheamh “chun a nochtacht a chlúdach.” (Eax. 28:42, 43) Chuir sé seo cosc ar nochtadh mígheanasach nuair a bhí siad ag freastal ag an altóir. Bhí ar gach ball de theaghlach an tsagairt seasamh le caighdeán diaga na dínite.

18 Baineann dínit san adhradh, le honóir agus le meas. Chun gur fiú onóir agus meas a léiriú dúinn, ní mór dúinn gníomhú go measúil. Ní cheart gur cur i gcéill a bheith sa dínit a léiríonn muid. Ba chóir go rachadh sé thar a bhfeiceann súile an duine go dtí an méid a fheiceann Dia​—ár gcroí. (1 Sam. 16:7; Sean. 21:2) Ba cheart go mbeadh an dínit mar chuid dúinn agus go mbeadh tionchar aici ar ár n-iompar, ár ndearcadh, agus ar ár gcaidreamh le daoine eile, fiú ar an mbealach a mhothaíonn muid fúinn féin. Go deimhin, ba cheart go mbeadh dínit le brath inár gcuid cainte agus i ngach a ndéanann muid. Chomh fada is a bhaineann sé lenár n-iompar agus an bealach a ngléasann muid leanfaidh muid comhairle an aspail Phóil: “Le heagla go mbeifí ag lochtú ár gcuid seirbhíse, ní chuirimid ceap tuisle sa bhealach ar aon duine, ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn.” (2 Cor. 6:3, 4) “Sa tslí sin tabhóidh [muid] clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.”​—Títeas 2:10.

w09 11/15 11 ¶21

Saibhrigh Do Phaidreacha Trí Staidéar ar an mBíobla

21 Ghuigh Íosa go hómósach agus go muiníneach sular thóg sé Lazaras ó na mairbh. “D’ardaigh Íosa a shúile agus dúirt: ‘A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom; bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gcónaí.’” (Eoin 11:41, 42) An léiríonn do chuid paidreacha an t-ómós agus an creideamh sin? Déan staidéar ar phaidir shamplach urramach Íosa, agus feicfidh tú gur thug sé tús áite do naomhú ainm Iehova, teacht a Ríochta, agus comhlíonadh a thola. (Math. 6:9, 10) Smaoinigh ar do chuid paidreacha féin. An léiríonn siad go bhfuil suim agat i Ríocht Iehova, i ndéanamh a thola, agus i naomhú a ainm naofa? Ba chóir go mbeadh.

w17.04 6 ¶12

“Comhlíon a bhfuil Móidithe Agat”

12 Níl sa mbaisteadh ach an tús. Ina dhiaidh sin, ba mhaith linn leanúint orainn inár seirbhís dhílis do Dhia go díograiseach. Mar sin, d’fhéadfadh muid ceist a chur orainn féin: ‘Cén dul chun cinn spioradálta atá déanta agam ó baisteadh mé? An bhfuil mé ag leanúint orm ag freastal ar Iehova ó chroí? (Col. 3:23) An bhfuil mé ag guí, ag léamh Briathar Dé, ag freastal ar chruinnithe an phobail Chríostaí, agus ag craobhscaoileadh chomh minic agus is féidir? Nó an bhfuil laghdú éigin tagtha ar mo ghníomhaíochtaí spioradálta?’ Mhínigh an t-aspal Peadar gur féidir linn fanacht gníomhach inár seirbhís do Dhia má leanann muid ar aghaidh ag cur leis an eagna, an fhoighne, an smacht agus an chráifeacht.​—Léigh 2 Peadar 1:5-8.

Seoda Spioradálta

w20.09 31 ¶3-5

Questions From Readers

Tagraíonn Cóheilit 5:7 (5:8 i mBíoblaí eile) do rialóir a dhéanann cos ar bolg ar na boicht agus a shéanann a gceartas. Ba chóir don rialóir sin cuimhneamh gur dócha go bhfuil duine ann ag faire air a bhfuil post níos airde fós aige nó níos mó údaráis aige sa rialtas ná mar atá aigesean. Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh daoine eile ann a bhfuil poist níos airde fós acu. Faraor, i rialtais dhaonna, d’fhéadfadh na rialóirí seo go léir a bheith cam, agus caithfidh an gnáth duine dul i ngleic le droch-rialtais.

Mar sin féin, is cuma cé chomh dona is atá cúrsaí, is féidir linn a bheith ar ár suaimhneas mar tá a fhios againn go bhfuil Iehova ‘ag faire ar ardoifigigh fiú’ i rialtais dhaonna. Is féidir linn achainí a dhéanamh ar Dhia agus ár gcúraimí a chaitheamh air. (Salm 55:23 (55:23 i mBíoblaí eile); Fil. 4:6, 7) Tá a fhios againn “go mbíonn súile an Tiarna [Iehova] ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith.”​—2 Croin. 16:9.

Mar sin, cuireann Cóheilit 5:8 ar a súile dóibh siúd atá ag rialú go bhfuil duine eile ann i gcónaí a bhfuil níos mó údaráis aige. Níos tábhachtaí fós, is féidir leis an véarsa cabhrú linn machnamh a dhéanamh ar an bhfíric gurb é Iehova an tUilechumhachtach. Tá sé ag rialú anois trína Mhac, Íosa Críost, Rí na Ríochta. Tá Iehova, atá ag faire amach do chuile dhuine, cóir agus cothrom, agus tá a Mhac amhlaidh freisin.

13-19 DEIREADH FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | CÓHEILIT 7-8

Téigh “Go Dtí Teach an Chaointe”

it “Caoineadh” ¶9

Caoineadh

Tráth Caointe. Deir Cóheilit 3:1, 4 go bhfuil “tráth goil, tráth gáire, tráth caointe, tráth rince,” ann. I bhfianaise go bhfuil an cine daonna ar fad i riocht an bháis, léirítear go bhfuil croí na ndaoine críonna “i dteach an bhróin” seachas i dteach an fhéasta. (Cóh 7:2, 4; Sean 14:13.) Mar sin, baineann an duine ciallmhar leas as an deis atá aige a chomhbhrón a chur in iúl agus sólás a thabhairt, in ionad neamhaird a dhéanamh d’ócáid den sórt sin ar mhaithe le pléisiúr a lorg. Cabhraíonn sé seo leis mar nach bhfuil ann féin ach duine daonna agus nach mór dó an meon ceart a bheith aige i leith a Chruthaitheora.

w19.06 23 ¶15

Cabhraigh le Daoine Eile le Déileáil le Strus

15 Deir William, fear a bhfuair a bhean chéile bás roinnt blianta ó shin: “Is mór agam é nuair a bhíonn daoine eile ag cur síos ar mo bhean chéile; cuireann sé ar mo shuaimhneas mé nuair a chloiseann mé faoin meas a bhí uirthi. Is mór an chabhair dom an cineál tacaíochta seo. Tugann sé suaimhneas intinne dom, mar ba í mo chara cléibh í agus cuid mhór de mo shaol.” Míníonn baintreach darb ainm Bianca: “Bíonn mé ar mo chompord nuair a bhíonn daoine eile ag guí liom agus ag roinnt scrioptúr nó dhó liom. Cabhraíonn sé nuair a labhraíonn siad faoi m’fhear céile agus nuair a éisteann siad liom agus mé ag caint air.”

w17.07 16 ¶16

“Bígí Dobrónach le Lucht an Dobróin”

16 Is mór ag do chomhChríostaithe a bhásaigh duine muinteartha leo do chuid paidreacha. Cé go bhféadfadh sé a bheith deacair do chuid smaointe a chur in iúl ag an am sin, is féidir le d’achainí chroíúil ar a shon, fiú agus deora leat suaimhneas a thabhairt don té atá faoi bhrón. Deir Dalene “uaireanta nuair a thagann deirfiúracha chugam chun comhbhrón a dhéanamh liom fiafraím orthu paidir a rá. Tosaíonn siad ag guí agus is minic a bhíonn sé deacair acu labhairt ar dtús, ach taobh istigh de chúpla abairt, neartaíonn a nguth agus tagann an phaidir óna gcroí amach. Neartaigh a gcreideamh, a ngrá, agus a mbuairt go mór mé.”

w17.07 16 ¶17-19

“Bígí Dobrónach le Lucht an Dobróin”

17 Is féidir leis an bpróiseas bróin a bheith an-éagsúil ó dhuine go duine. Dá bhrí sin, bí ar fáil, ní hamháin don chéad chúpla lá nuair a bhíonn go leor cairde agus gaolta i láthair, ach sna míonna ina dhiaidh sin nuair a bheidh daoine eile tar éis filleadh ar a ngnó féin. “Léiríonn fíorchara grá i gcónaí, ach is d’uain na hainnise a shaolaítear deartháir.” (Sean. 17:17 NWT) Is féidir le Críostaithe eile a bheith ina ábhar sóláis do dhuine beag beann ar an am a thógann sé air nó uirthi déileáil leis an mbrón.​—Léigh 1 Teasalónaigh 3:7.

18 Cuimhnigh go bhféadfadh rudaí ar nós comóradh, ceol áirithe, grianghraif, nó fiú boladh, fuaim nó séasúr áirithe den bhliain a bheith ina n-ábhar bróin. Is féidir le go leor rudaí a dhéanann céile pósta atá faoi bhrón ina aonar den chéad uair​—rudaí ar nós freastal ar chomhdháil nó ar an gCuimhneachán​—a bheith an-deacair orthu. “Bhí a fhios agam nach mbeadh mo chéad chomóradh lá pósta éasca a deir deartháir amháin, “agus ní raibh. Ach phleanáil cúpla duine de na bráithre a theacht le chéile le mo dhluthchairde ionas nach mbeinn i m’aonar.”

19 Coinnigh i gcuimhne go mbíonn spreagadh ag teastáil ó dhaoine atá faoi bhrón i gcónaí agus ní ar ócáidí speisialta amháin. “Is minic a bhíonn an chabhair agus an comhluadar a chuirtear ar fáil nuair nach mbíonn comóradh speisialta ann an-tairbheach,” a mhíníonn Junia. “Is féidir leis na hócáidí sin a bheith an-spreagúil agus tugann siad go leor sóláis.” Is fíor nach féidir linn deireadh a chur leis an mbrón ar fad ná an bhearna a d’fhág bás an duine a raibh cion againn air a líonadh go hiomlán, ach is féidir linn sólás a léiriú trí ghníomh praiticiúil a dhéanamh chun cabhrú leis na daoine atá faoi bhrón. (1 Eoin 3:18) Deir Gaby: “Tá mé fíorbhuíoch d’Iehova as na seanóirí grámhara a threoraigh mé trí gach céim dheacair den bhealach. Chuir siad ar mo chumas mothú go raibh mé i mbaclainn ghrámhar Iehova.”

Seoda Spioradálta

w23.03 31 ¶18

“As Sin a Bheidh a Fhios ag Cách Gur Deisceabail Liomsa Sibh”

18 B’fhéidir uaireanta go gcaithfidh muid labhairt le duine dár mbráithre a chuir isteach orainn. Ar dtús cur ceisteanna ort féin ar nós: ‘An bhfuil mo dhóthain fíricí agam?’ (Sean. 18:13) ‘An bhféadfadh sé nach raibh sé de rún ag an duine thú a mhaslú?’ (Cóh. 7:20) ‘An ndearna mé féin botún cosúil leis sin riamh?’ (Cóh. 7:21, 22) ‘Má dhéanaim teagmháil leis an duine, an gcruthóidh mé fadhb níos mó ná an ceann atá mé ag iarraidh a réiteach?’ (Léigh Seanfhocail 26:20.) Nuair a dhéanann muid machnamh ar cheisteanna den sórt sin, d’fhéadfadh muid a bheith den tuairim gur láidre ár ngrá dár mbráthair ná an masla a thug sé agus gur fearr dúin neamhaird a dhéanamh den choir.

20-26 DEIREADH FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | CÓHEILIT 9-10

Coinnigh Dearcadh Ceart ar Do Thrialacha

w13 8/15 14 ¶20-21

Ná Bí i bhFeirg le Iehova

20 Aimsigh foinse an mhilleáin. Cén fáth ar chóir dúinn é sin a dhéanamh? Bhuel, b’fhéidir go bhfuil muid freagrach as cuid dár gcuid fadhbanna féin. Má tá, ní mór dúinn é sin a admháil. (Gal. 6:7) Ná déan iarracht an milleán a chur ar Iehova. Cén fáth a mbeadh cúrsa den sórt sin míréasúnta? Smaoinigh ar an sampla seo: B’fhéidir go bhfuil carr in ann taisteal ag luas ard. Samhlaigh go sáraíonn tiománaí an teorainn luais agus é ag taisteal timpeall casadh géar agus go mbíonn timpiste aige. Ar cheart an milleán a chur ar dhéantóir an ghluaisteáin as an timpiste? Níor cheart. Ar an gcaoi chéanna, chruthaigh Iehova muid le saorthoil. Ach thug sé treoirlínte dúinn freisin maidir le cinntí ciallmhara a dhéanamh. Mar sin, cén fáth a gcuirfidh muid an milleán ar ár gCruthaitheoir as ár mbotúin féin?

21 Ar ndóigh, ní hiad ár mbotúin agus na rudaí mícheart a dhéanann muid is cúis lenár gcuid fadhbanna go léir. Tarlaíonn roinnt rudaí mar gheall ar “chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.” (Cóh. 9:11) Ach i ndeireadh na dála, ná déanfaidh muid dearmad choíche gurb é Sátan an Diabhal príomhchúis an oilc. (1 Eoin 5:19; Ap. 12:9) Eisean an namhaid​—ní hé Iehova!​—1 Pead. 5:8.

w19.09 5 ¶10

Is Mór ag Iehova a Sheirbhísigh Umhla

10 Déanann uirísle ár saol níos éasca freisin. Go deimhin, tá rudaí sa saol nach bhfuil ceart ná cóir. Dúirt Rí Solamh: “Chonaic mé sclábhaithe ar muin capall agus prionsaí ag siúl ar an mbóthar mar sclábhaithe.” (Cóh. 10:7) Ní i gcónaí a fhaigheann na daoine a bhfuil cumas maith acu an t-aitheantas atá dlite dóibh. Agus uaireanta bíonn níos mó onóra ag daoine a bhfuil níos lú cumais acu. Mar sin féin, d’admhaigh Solamh gur ciallmhar dúinn aghaidh a thabhairt ar fhírinní loma an tsaoil seachas a bheith gafa le cúinsí diúltacha. (Cóh. 6:9) Má bhíonn muid uiríseal, beidh sé níos éasca againn glacadh leis an saol mar atá​—ní mar a cheapann muid ba chóir dó a bheith.

w11 10/15 8 ¶1-2

An Bhfuil Do Chaitheamh Aimsire Tairbheach?

Sa mBíobla, faigheann muid ráitis a léiríonn gur mian le Iehova go mbainfidh muid taitneamh as an saol. Mar shampla, deir Salm 104:14, 15 go bhfuil Iehova ag cur “an féar ag fás don bhólacht, agus luibheanna ar mhaithe leis an duine chun go mbaine sé arán as an talamh, agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d’fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.“ Go deimhin, cuireann Iehova barraí ag fás chun grán, ola agus fíon a chur ar fáil dúinn. Cuireann fíon áthas ar an gcroí freisin. Téann sé níos faide ná mar is gá chun ár mbeatha a chothú agus cuireann sé sin lenár lúcháir. (Cóh. 9:7; 10:19) Ba mhaith le Iehova go mbeadh muid lúcháireach agus ár gcroíthe lán “d’áthas.”​—Gníomhartha 14:16, 17.

2 Mar sin, níl aon chúis ann go mbraithfidh muid ciontach nuair a chaitheann muid am ag féachaint ar “éanlaith an aeir” agus ar “lilí an bháin” nó taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí eile a spreagann muid agus a shaibhríonn ár saol. (Math. 6:26, 28; Salm 8:3, 4) Is saol sláintiúil é mar is “tabhartas ó Dhia é.” (Cóh. 3:12, 13) Má bhreathnaíonn muid ar ár gcaitheamh aimsire mar chuid den bhronntanas sin, spreagfaidh sé muid chun é a úsáid ar bhealach a thabharfaidh pléisiúr d’Iehova.

Seoda Spioradálta

it “Gossip, Slander” ¶4, 8

Cúlchaint, Clúmhilleadh

Is féidir le cúlchaint a bheith ina chúis clúmhilleadh, rud atá tubaisteach don té a dhéanann clúmhilleadh. Is léir go bhfuil na focail i Cóheilit 10:12-14 fíor: “Is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh. Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh. Bíonn an t-amadán ag glagaireacht leis de shíor.”

Cé gur féidir le ráflaí a bheith neamhdhíobhálach i gcásanna áirithe (is féidir leo freisin a bheith ina gcúis clúmhillte), bíonn clúmhilleadh díobhálach i gcónaí agus bíonn sé ina chúis gortaithe agus conspóide i gcónaí. D’fhéadfaidh sé nach raibh aon chúis mailíseach leis an gcúlchaint. Ach tá an clúmhillteoir á chur féin faoi mhíbhuntáiste i súile Dé, mar is fuath le Iehova “an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.” (Sean 6:16-19) Is é an focal Gréigise do “chlúmhillteoir” nó “cúisitheoir” ná di·aʹbo·los. Úsáidtear an focal sin sa mBíobla freisin mar theideal do Shátan “an Diabhal,” an clúmhillteoir is mó riamh. (Eoin 8:44; Ap 12:9, 10; Ge 3:2-5) Léiríonn sé seo foinse na líomhaintí clúmhillteach sin.

27–SAMHAIN 2 DEIREADH FÓMHAIR

SEODA AS BRIATHAR DÉ | CÓHEILIT 11-12

Bain Sult as Saol Sona, Sláintiúil

g 3/15 13 ¶6-7

Aer Úr agus Grian​—“Antaibheathaigh [Antibiotics]” Nádúrtha?

Tá solas na gréine in ann frídíní agus miocróib a mharú freisin. Deir an Journal of Hospital Infection “the majority of microbes that cause airborne infections cannot tolerate sunlight.”

Cén chaoi ar féidir leat leas a bhaint as seo? B’fhéidir gur mhaith leat dul amach faoin aer, áit ar féidir leat am a chaitheamh faoin ngrian agus aer úr a análú. Tá sé go maith agat.

w23.02 21 ¶6-7

Bíodh Meas Agat ar Bhronntanas na Beatha

6 Cé nach leabhar cúram sláinte ná lámhleabhar aiste bia í an Bíobla, tá dearcadh Iehova le fáil inti ar réimsí leathan rudaí. Mar shampla, spreagann sé muid chun rudaí díobhálacha a sheachaint, rudaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dár gcorp. (Cóh. 11:10) Tá an craos agus an mheisce cáinte sa mBíobla, tá siad go dona don bheatha. (Sean. 23:20) Tá Iehova ag súil go mbeidh smacht againn orainn féin faoin méid a itheann muid agus a ólann muid.​—1 Cor. 6:12; 9:25.

7 Is féidir linn cinntí a dhéanamh a léiríonn meas ar bhronntanas na beatha a thug Dia dúinn, trí úsáid a bhaint as ár gcumas smaointeoireachta. (Salm 119:99, 100; léigh Seanfhocail 2:11.) Mar shampla, léiríonn muid meas ar bhronntanas na beatha maidir leis na rudaí a itheann muid. Má thaitníonn bia áirithe linn ach má tá a fhios againn go ndéanfaidh sé tinn muid, tá a fhios againn gur cheart dúinn é a sheachaint. Cruthaíonn muid freisin go bhfuil muid ar ár gciall nuair a fhaigheann muid ár ndóthain codlata, nuair a dhéanann muid aclaíocht go rialta, agus nuair a choinníonn muid ár dteach agus muid féin glan.

w24.09 2 ¶2-3

‘Cuir i nGníomh an Briathar’

2 Is daoine sona iad adhraitheoirí Iehova. Cén fáth? Tá go leor cúiseanna againn lena bheith sona, ach níor mhór dúinn Briathar Dé a léamh go rialta agus ár ndícheall a dhéanamh an méid a fhoghlaimíonn muid a chur i bhfeidhm.​—Léigh Séamas 1:22-25.

3 Tá roinnt bealaí ann a mbaineann leas astu nuair a bhíonn muid ag cur an Bhriathair i ngníomh. Ar an gcéad dul síos, tá a fhios againn gur céim ríthábhachtach í seo chun Iehova a shásamh. Cuireann an tuiscint sin áthas orainn. (Cóh. 12:13) De réir mar a chuireann muid i bhfeidhm an méid a léann muid sa mBíobla, tagann feabhas ar ár saol teaghlaigh agus bíonn cairdeas níos fearr againn lenár gcomhChríostaithe. Seans maith go bhfuil sé sin fíor i do shaol féin. Thairis sin, seachnóidh muid go leor de na fadhbanna a bhíonn acu siúd nach leanann bealaí Iehova. Go deimhin, aontaíonn muid leis an Rí Dáiví. Tar éis dó dlí, orduithe agus breithiúnais Iehova a lua in amhrán, dúirt sé: “Is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.”​—Salm 19:8-12 (19:7-11 i mBíoblaí eile).

Seoda Spioradálta

it “Inspiration” ¶10

Inspioráid

Léiríonn an fhianaise, áfach, nach róbait a bhí sna fir a d’úsáid Dia chun na Scrioptúir a scríobh, níor scríobh siad ar nós go raibh na Scrioptúir deachtaithe dóibh. Léann muid faoin aspal Eoin gur cuireadh Apacailipsis faoina bhráid i gcomharthaí trí aingeal agus gur “thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé.” (Ap 1:1, 2) Ba “faoi luí an Spioraid” a chonaic Eoin “lá an Tiarna” agus dúradh leis: “Scríobh i leabhar a bhfeiceann tú.” (Ap 1:10, 11) Mar sin, is cosúil gur cheap Dia go raibh sé de cheart ag scríbhneoirí an Bhíobla a gcumas meabhrach a úsáid chun na focail agus nathanna cainte a roghnú le cur síos a dhéanamh ar na físeanna a chonaic siad (Hab 2:2), ach mar sin féin bhí a dhóthain smacht ag Iehova i gcónaí ionas go mbeadh na Scrioptúir cruinn agus fíor agus oiriúnach dá chuspóir. (Sean 30:5, 6) Léirítear sa ráiteas ag Cóheilit 12:9, 10 go raibh iarracht phearsanta i gceist ó thaobh an scríbhneora de, áit a ndéantar machnamh, cuardach agus eagrú chun an rud a chur i láthair i gceart, “le briathra taitneamhacha a fháil agus an fhírinne a chur síos.”​—Féach Lúc 1:1-4.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn