STAIDÉAR 5
Léitheoireacht Chruinn
1 Tiomóid 4:13
ACHOIMRE: Léigh os ard go díreach an méid atá ar an leathanach.
AN BEALACH LENA DHÉANAMH:
Ullmhaigh go maith. Smaoinigh faoin gcúis ar scríobhadh an sliocht. Cleachtaigh grúpaí focail a léamh seachas focail aonair. Bí cúramach gan focail a chur isteach, focail a fhágáil ar lár, nó focail eile a chur ina n-áit. Tabhair aird ar na marcanna poncaíochta go léir.
Fuaimnigh gach focal i gceart. Mura bhfuil a fhios agat cén chaoi le focal a fhuaimniú, féach i bhfoclóir, éist le taifeadadh fuaime den fhoilseachán, nó iarr cabhair ar léitheoir maith.
Labhair go soiléir. Foghraigh go cúramach ag coinneáil do cheann ard agus ag oscailt do bhéal mar is ceart. Déan iarracht gach siolla a fhuaimniú.