- 
	                        
            
            Cén Sórt Daoine Iad Finnéithe Iehova?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 1 Cén Sórt Daoine Iad Finnéithe Iehova?An Danmhairg An Téaváin Veiniséala An India Cé mhéid d’Finnéithe Iehova a bhfuil aithne agat orthu? B’fhéidir go bhfuil cuid againn mar chomharsana agat, mar chomhoibrithe agat, nó ag dul ar scoil leat. Nó b’fhéidir gur phlé muid an Bíobla leat. Ach cé muid féin, agus cén fáth a gcraobhscaoileann muid ár gcreideamh go poiblí? Is gnáthdhaoine muid. Tagann muid ó chúlraí agus aicmí éagsúla. Chleacht cuid againn creideamh eile tráth, agus tá cuid eile againn nár chreid i nDia. Sular iompaigh muid inár bhFinnéithe, áfach, rinne muid ar fad staidéar grinn ar theagasc an Bhíobla. (Gníomhartha 17:11) Ghlac muid leis an méid a bhí foghlamtha againn agus rinne muid rogha pearsanta Iehova Dia a adhradh. Baineann muid tairbhe as ár staidéar ar an mBíobla. Ar nós gach duine eile, caitheann muid déileáil le fadhbanna agus lenár laigí féin. Ach trí phrionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm ó lá go lá, tá feabhas mór tagtha ar ár saol. (Salm 128:1, 2) Sin cúis amháin go roinneann muid na dea-rudaí a fhoghlaimíonn muid ón mBíobla le daoine eile. Maireann muid de réir prionsabal diaga. Cuireann prionsabail an Bhíobla go mór le haoibhneas an tsaoil. Cothaíonn siad ómós do dhaoine eile, chomh maith le tréithe ar nós ionracas agus cineáltas. Spreagann siad moráltacht, cothaíonn said aontas sa gclann, agus cabhraíonn said le dea-fhorbairt an duine. Tá muid dearfa ‘nach dtaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile’ agus dá bhrí sin is bráithreachas idirnáisiúnta muid, atá saor ó chiníochas agus ó náisiúnachas. Cé gur gnáthdhaoine muid, níl muid cosúil le haon dream eile.—Gníomhartha 4:13; Rómhánaigh 2:11. - Céard atá i gcoitinne ag Finnéithe Iehova le daoine eile? 
- Céard iad na prionsabail atá foghlamtha ag Finnéithe Iehova óna staidéar ar an mBíobla? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Fáth a dTugtar Finnéithe Iehova Orainn?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 2 Cén Fáth a dTugtar Finnéithe Iehova Orainn?Naoi Abrahám agus Sárá Maois Íosa Críost Ceapann go leor daoine go mbaineann an t-ainm Finnéithe Iehova le reiligiún nua. Breis agus 2,700 bliain ó shin, áfach, thug an Bíobla “finnéithe” ar shearbhóntaí an Fhíor-Dhia. (Íseáia 43:10-12) Mic Léinn an Bhíobla an t-ainm a bhí luaite linn, go dtí 1931. Cén fáth ar thóg muid an t-ainm Finnéithe Iehova? Tugann sé le fios cé hé ár nDia. De réir lámhscríbhinní ársa, tá ainm Dé, Iehova, luaite sa mBíobla thart ar seacht míle uair. Tá ainm Dé fágtha ar lár i gcuid mhaith d’aistriúcháin an Bhíobla. Tá teidil ar nós Tiarna agus Dia curtha ina áit. Ach chuir an Fíor-Dhia é féin in aithne do Mhaois trína ainm pearsanta, Iehova, ag rá: “Sin é m’ainm ar feadh na síoraíochta.” (Eaxodus 3:15) Ar an mbealach seo rinne sé idirdhealú idir é féin agus na déithe bréige. Tá muid an-bhródúil as ainm naofa Dé a bheith tugtha orainn. Cuireann sé ár gcuspóir in iúl. Ó aimsir Áibil i leith, thug go leor daoine fianaise faoina gcreideamh in Iehova. Anuas trí na glúnta, bhí Naoi, Abrahám, Sárá, Maois, Dáiví, agus go leor eile áirithe sa ‘slua mór sin d’fhinnéithe.’ (Eabhraigh 11:4–12:1) Tá muid diongbháilte an fhírinne faoinár nDia a fhoilsiú, díreach mar a thugann duine fianaise i gcúirt ar son duine atá neamhchiontach. Tá muid ag déanamh aithris ar Íosa. Tugann an Bíobla “an finné dílis fírinneach” air. (Apacailipsis 3:14) Dúirt Íosa é féin gur ‘fhoilsigh sé ainm Dé’ agus gur choinnigh sé air ag ‘tabhairt fianaise ar an bhfírinne’ faoi Dhia. (Eoin 17:6; 18:37) Dá bhrí sin, caithfidh lucht leanúna dílse Chríost ainm Iehova a bheith luaite leo, agus é a fhoilsiú. Tá Finnéithe Iehova ag déanamh a ndíchill é seo a dhéanamh. - Cén fáth ar thóg Mic Léinn an Bhíobla an t-ainm Finnéithe Iehova? 
- Cé chomh fada is atá finnéithe ag Iehova ar an talamh? 
- Cé hé an phríomh-fhinné atá ag Iehova? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi ar Thángthas ar Fhírinne an Bhíobla in Athuair?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 3 Cén Chaoi ar Thángthas ar Fhírinne an Bhíobla in Athuair?Mic Léinn an Bhíobla, 1870idí An chéad eagrán den Watchtower, 1879 An Watchtower inniu Thuar an Bíobla go mbeadh oidí bréige i measc na gcéad Chríostaithe agus go dtiocfaidís chun cinn tar éis bhás Chríost, agus go dtruailleoidís fírinne an Bhíobla. (Gníomhartha 20:29, 30) In am tráth, sin é go díreach a tharla. Mheasc siad teagasc Íosa leis an bpágántacht agus tháinig leagan bréige den Chríostaíocht chun cinn. (2 Tiomóid 4:3, 4) Cén chaoi ar féidir linne a bheith cinnte go bhfuil an tuiscint cheart againn inniu ar an méid a mhúineann an Bíobla? Bhí an t-am tagtha chun an fhírinne a fhoilsiú. Thuar sé gur le linn ‘uain na críche, a mhéadódh ar an eolas.’ (Dainéil 12:4) Sa mbliain 1870 thug grúpa beag daoine a bhí ar thóir na fírinne faoi deara nach raibh go leor de theagasc na heaglaise bunaithe ar na Scrioptúir. Thosaigh siad ag cuardach an Bhíobla ag féachaint le tuiscint a fháil ar bhuntheagasc an Bhíobla, agus thug Iehova léargas spioradálta dóibh. Rinne fir dhílse staidéar grinn ar an mBíobla. Lean Mic Léinn an Bhíobla, mar a thugtaí ar Fhinnéithe Iehova, modh staidéir atá in úsáid againn fós inniu. Rinne siad plé ar an mBíobla de réir ábhair. Nuair a tháinig siad ar shliocht sa mBíobla a bhí deacair a thuiscint, chuardaigh siad véarsaí eile lena mhíniú. Nuair a tháinig siad ar thuiscint a d’aontaigh leis an gcuid eile de na Scrioptúir, scríobh siad síos é. De bhrí gur thug siad cead don Bhíobla é féin a mhíniú, tháinig siad ar an bhfírinne i dtaobh ainm Dé, a Ríocht, a chuspóir don chine daonna agus don domhan, an riocht ina bhfuil na mairbh, agus an t-aiséirí. Shaor sé seo iad ó theagasc agus ó chleachtais bhréige.—Eoin 8:31, 32. Faoin mbliain 1879 thuig Mic Léinn an Bhíobla go raibh an t-am tagtha chun na fírinní seo a fhoilsiú go forleathan. Mar sin, chuir siad tús le hiris, The Watchtower Announcing Jehovah’s Kingdom,atá á fhoilsiú againn go dtí an lá atá inniu ann. Tá muid anois ag foilsiú fírinní an Bhíobla i 240 tír agus i mbreis agus 750 teanga. Ní raibh fírinne an Bhíobla chomh fairsing riamh! - Céard a tharla d’fhírinne an Bhíobla tar éis bhás Chríost? 
- Cén chaoi ar tháinig muid ar fhírinne an Bhíobla in athuair? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Fáth ar Fhoilsigh Muid Aistriúchán Nua Den Bhíobla?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 4 Cén Fáth ar Fhoilsigh Muid Aistriúchán Nua Den Bhíobla?Congó (Kinshasa) Ruanda Píosa de lámhscríbhinn Symmachus ina bhfuil an t-ainm diaga i Salm 69:31, tríú nó ceathrú aois CR. Le blianta fada d’úsáid, phriontáil agus dháil Finnéithe Iehova leaganacha éagsúla den Bhíobla. Ach ansin thug muid faoi deara gur theastaigh aistriúchán nua a chabhródh le daoine “teacht chun eolais na fírinne,” mar gurb é sin toil Dé. (1 Tiomóid 2:3, 4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) I 1950 thosaigh muid ag eisiúint codanna dár n-aistriúchán den Bhíobla, an New World Translation, i mBéarla soléite. Tá an Bíobla seo aistrithe go dílis agus go cruinn i mbreis agus 130 teanga. Bhí gá le Bíobla a bheadh éasca a thuiscint. Tagann athrú ar theangacha le himeacht ama, agus tá cuid mhaith aistriúcháin a úsáideann focail atá doiléir nó atá imithe i léig. Chomh maith leis sin, thángthas ó shin ar lámhscríbhinní ársa atá níos cruinne agus níos gaire don bhuntéacs, rud a thugann tuiscint níos fearr ar na teangacha Bíobalta, Eabhrais, Aramais, agus Gréigis. Bhí gá le haistriúchán a bhí dílis do Bhriathar Dé. Ba chóir d’aistritheoirí an Bhíobla a bheith dílis don bhuntéacs, atá scríofa faoi inspioráid Dé. Mar sin féin tá ainm Dé, Iehova, fágtha ar lár sa gcuid is mó de leaganacha an Bhíobla. Bhí Bíobla ag teastáil a thabharfadh creidiúint dá Údar. (2 Samúéil 23:2) Tá an t-ainm diaga, Iehova, curtha ar ais againn san New World Translation thart ar seacht míle uair, sna scrioptúir chéanna ina bhfuil sé sna lámhscríbhinní is sine den Bhíobla, mar a thaispeántar sa sampla thíos. (Salm 83:19) Caitheadh blianta fada ag déanamh taighde dúthrachtach agus dhá thoradh sin tá Bíobla againn atá taitneamhach le léamh, mar go dtugann sé léargas soiléir ar smaointe Dé. Bíodh an New World Translation ar fáil i do theanga nó ná bíodh, molann muid duit an Bíobla a léamh go rialta gach lá.—Iósua 1:8; Salm 1:2, 3. - Cén fáth ar chinn muid aistriúchán nua den Bhíobla a chur ar fáil? 
- Céard is cheart duit a dhéanamh gach lá chun eolas a chur ar Dhia? 
 
 
-