Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 36 lth. 88-lth. 89 alt 1
  • Gealltanas Iaftá

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Gealltanas Iaftá
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Geallúint Iefta
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Bhí a hAthair agus Iehova Sásta léi
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 36 lth. 88-lth. 89 alt 1
Stróiceann Iaftá a chuid éadaí nuair a thagann a iníon amach roimhe

CEACHT 36

Gealltanas Iaftá

Thréig na hIosraeilítigh Iehova arís agus thosaigh siad ag adhradh déithe bréige. Nuair a d’ionsaigh na hAmónaigh na hIosraeilítigh, ní raibh aon mhaith sna déithe bréige dóibh. D’fhulaing na hIosraeilítigh ar feadh blianta fada. Sa deireadh, dúirt siad le hIehova: ‘Pheacaigh muid. Sábháil ónár naimhde muid, más é do thoil é.’ Scrios na hIosraeilítigh a gcuid íl agus thosaigh siad ag adhradh Iehova arís. Ní raibh Iehova ag iarraidh go mbeidís ag fulaingt.

ACuireadh laoch darbh ainm Iaftá i gceannas an airm chun na hAmónaigh a throid. Dúirt sé le hIehova: ‘Má thugann tú an bua dom sa gcath, geallaim duit go dtabharfaidh mé duit an chéad duine a thiocfaidh amach as mo theach nuair a fhillfidh mé abhaile.’ D’éist Iehova le guí Iaftá agus thug sé an bua dó.

Nuair a d’fhill Iaftá abhaile, ba í a iníon an chéad duine a tháinig amach as a theach. Ba í an t-aon duine clainne a bhí aige í. Bhí sí ag damhsa le ceol tiompáin. Céard a dhéanfadh Iaftá anois? Chuimhnigh sé ar a ghealltanas agus dúirt: ‘Ó, a iníon! Tá mo chroí briste agat. Tá gealltanas tugtha d’Iehova agam. Chun é a chomhlíonadh, caithfidh mé thú a chur go dtí an taibearnacal i Sileo.’ Ach dúirt a iníon leis: ‘A Athair, má tá gealltanas tugtha agat d’Iehova caithfidh tú é a chomhlíonadh. Níl mé ag iarraidh ach go gcaithfinn dhá mhí sna sléibhte leis na cailíní a bhfuil mé cairdiúil leo. Ansin rachaidh mé go Sileo.’ Chaith iníon Iaftá an chuid eile dá saol ag tabhairt seirbhíse d’Iehova ag an taibearnacal. Théadh a cairde ag cuairt aici i Sileo gach bliain.

Tugann cairde iníon Iaftá cuairt uirthi ag an taibearnacal

“An té arb ansa leis . . . mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom.”—Matha 10:37

Ceisteanna: Céard a gheall Iaftá? Céard a dúirt iníon Iaftá faoin ngealltanas a thug a hathair?

Breithiúna 10:6–11:11; 11:29-40; 1 Samúéil 12:10, 11

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn