Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 43 lth. 104
  • Peaca Dháiví

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Peaca Dháiví
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Trioblóid i Dteach Dháibhí
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 43 lth. 104
An fáidh Nátán ag cur comhairle ar Dháiví

CEACHT 43

Peaca Dháiví

Nuair a fuair Sól bás, déanadh rí de Dháiví. Bhí sé 30 bliain d’aois. Oíche amháin, tar éis dó a bheith ag rialú ar feadh roinnt blianta, chonaic sé bean álainn ó dhíon a pháláis. Fuair sé amach gur Baitseaba an t-ainm a bhí uirthi agus go raibh sí pósta ag saighdiúir darbh ainm Úiríá. Thug Dáiví cuireadh do Bhaitseaba a theacht go dtína phálás. Tar éis dó luí léi, bhí Baitseaba ag súil le páiste. Bhí Dáiví ag iarraidh an rud a bhí déanta aige a cheilt. Dúirt sé le ginearál an airm, Úiríá a chur chun tosaigh sa gcath agus ansin tarraingt siar uaidh. Maraíodh Úiríá sa gcath. Ina dhiaidh sin, phós Dáiví Baitseaba.

Guíonn Dáiví le maithiúnas a fháil

Chonaic Iehova na drochrudaí go léir a rinne Dáiví. Meas tú céard a dhéanfadh sé? Chuir Iehova an fáidh Nátán chuig Dáiví. Dúirt Nátán leis: ‘Bhí fear saibhir ann a raibh go leor caoirigh aige, agus fear bocht nach raibh aige ach uainín beag amháin agus bhí an-chion aige air. Thóg an fear saibhir uan an fhir bhoicht.’ Bhuail fearg Dáiví agus dúirt: ‘Tá an bás tuillte ag an bhfear saibhir sin!’ Ansin dúirt Nátán le Dáiví: ‘Is tusa an fear saibhir!’ Bhí Dáiví croíbhriste, agus d’admhaigh sé: ‘Pheacaigh mé in aghaidh Iehova.’ Tharraing an peaca seo go leor trioblóide ar Dháiví agus ar a theaghlach. Chuir Iehova pionós ar Dháiví, ach lig sé dó maireachtáil de bhrí go raibh sé ionraic agus uiríseal.

Bhí fonn ar Dháiví teampall a thógáil d’Iehova, ach chuir Iehova an cúram sin ar a mhac Solamh. Thosaigh Dáiví ag fáil rudaí faoi réir do Sholamh agus dúirt: ‘Caithfidh teampall Iehova a bheith ina theach an-bhreá. Tá Solamh fós óg, ach cabhróidh mise leis rudaí a fháil faoi réir.’ Chuir Dáiví go leor dá chuid airgid féin ar fáil le haghaidh an obair thógála. Fuair sé oibrithe oilte. Bhailigh sé ór agus airgead, agus fuair sé crainn céadair ó Thuír agus ó Shíodón. Nuair a bhí sé ag teannadh le deireadh a shaoil thug Dáiví pleananna an teampaill do Sholamh. Dúirt sé leis: ‘Iehova a dúirt liom iad seo ar fad a scríobh síos duit. Tabharfaidh Iehova cúnamh duit. Ná bíodh eagla ort. Bíodh misneach agat agus tabhair faoin obair.’

Dáiví ag caint le Solamh faoi phleananna an teampaill

“Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.”—Seanfhocail 28:13

Ceisteanna: Cén peaca a rinne Dáiví? Céard a rinne Dáiví chun cabhrú lena mhac Solamh?

2 Samúéil 5:3, 4, 10; 7:1-16; 8:1-14; 11:1–12:14; 1 Croinicí 22:1-19; 28:11-21; Salm 51:3-21 (51:1-19 i mBíoblaí eile)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn