CEACHT 54
Bhí Iehova Foighneach le hIóna
Mhair drochdhaoine i gcathair Nínivé, san Asaír. Dúirt Iehova leis an bhfáidh Ióna dul go dtí Nínivé agus fógairt orthu go gcaithfidís a mbealaí a athrú. Ach d’imigh Ióna an treo eile. Chuaigh sé ar bhord loinge a bhí ag dul go Tairsís.
Nuair a bhí siad ar an bhfarraige, shéid sé ina ghála agus bhuail eagla na mairnéalaigh. Ghuigh siad chuig a ndéithe agus d’fhiafraigh siad: ‘Cén fáth a bhfuil sé seo ag tarlú?’ Sa deireadh, dúirt Ióna leo: ‘Is ormsa atá an locht. Tá mé ag teitheadh ón rud a d’iarr Iehova orm a dhéanamh. Caithigí i bhfarraige mé, agus stopfaidh an gála.’ Ní raibh na mairnéalaigh ag iarraidh Ióna a chaitheamh i bhfarraige, ach d’impigh sé orthu é sin a dhéanamh. Nuair a chaith siad i bhfarraige é, stop an gála.
Shíl Ióna gur bás a bhí i ndán dó. Nuair a bhí sé ag dul go tóin poill, ghuigh sé chuig Iehova. Chuir Iehova iasc mór chuige. Shlog an t-iasc mór é, ach níor mharaigh sé é. Ghuigh Ióna as bolg an éisc ag rá: ‘Geallaim go mbeidh mé dílis duit i gcónaí.’ Choinnigh Iehova Ióna slán sábháilte i mbolg an éisc ar feadh trí lá, agus ansin chaith an t-iasc amach ar an talamh é.
Ós rud é gur shábháil Iehova Ióna, ar chiallaigh sé seo nach raibh air dul go Nínivé? Níor chiallaigh. Dúirt Iehova arís le hIóna dul go Nínivé. An uair seo, rinne Ióna an rud a dúradh leis. Chuaigh sé go Nínivé agus dúirt sé leis na drochdhaoine: ‘Scriosfar Nínivé faoi cheann 40 lá.’ Tharla rud ansin nach raibh súil ar bith aige leis—d’éist muintir Nínivé agus d’athraigh siad a mbealaí. Dúirt rí Nínivé leis na daoine: ‘Guígí chun Dé, agus déanaigí aithrí. B’fhéidir nach scriosfadh sé muid.’ Nuair a chonaic Iehova go raibh aithrí déanta ag na daoine, níor scrios sé Nínivé.
Bhí fearg ar Ióna nuair nár scriosadh an chathair. Smaoinigh ar seo: Bhí Iehova foighneach agus trócaireach le hIóna, ach ní raibh Ióna trócaireach le muintir Nínivé. Shuigh Ióna taobh amuigh den chathair faoi scáth planda agus pus air. Bhásaigh an planda, agus bhí fearg ar Ióna. Mar sin dúirt Iehova leis: ‘Is mó do ghrá don phlanda ná do mhuintir Nínivé. Bhí mise trócaireach leo agus mhair siad.’ Cén pointe a bhí sé a dhéanamh? Bhí muintir Nínivé i bhfad níos tábhachtaí ná aon phlanda.
“Tá [an Tiarna] foighneach libh mar nach mian leis go gcaillfí aon dream ach go dtiocfadh cách chun aithrí.”—2 Peadar 3:9