Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 7
  • Cén Sórt Neach é Iehova?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Sórt Neach é Iehova?
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • Cén Sórt Neach é Íosa?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Cé hÉ Dia?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Cé hÉ Dia?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 7
Ceacht 7. Fear ina sheasamh ar an gcladach tráthnóna agus é ag breathnú amach ar an bhfarraige.

CEACHT 07

Cén Sórt Neach é Iehova?

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Céard a thagann chun cuimhne, nuair a smaoiníonn tú ar Iehova Dia? Ceapann daoine áirithe go bhfuil Dia éachtach, ach go bhfuil Sé i bhfad uathu, cosúil leis na réaltaí sa spéir. B’fhéidir go samhlaíonn tú go bhfuil Sé cumhachtach ach gan phearsantacht, cosúil le stoirm thoirní? Ach cén sórt neach é Iehova? Déanann an Bíobla cur síos ar thréithe Iehova agus ar an spéis atá aige ionat.

1. Cén fáth nach bhfuil muid in ann Dia a fheiceáil?

“Is Spiorad é Dia.” (Eoin 4:​24) Níl colainn dhaonna ag Iehova. Is Spiorad é a chónaíonn ar neamh, áit nach féidir linn a fheiceáil.

2. Céard iad cuid de thréithe Iehova?

Cé nach féidir Iehova a fheiceáil, is pearsa spioraid é le tréithe a théann i gcion orthu siúd a bhfuil aithne acu air. Deir an Bíobla: “Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo.” (Salm 37:28) Chomh fada is a bhaineann sé le daoine atá ag fulaingt tá Iehova “lán de thaise agus de thrócaire.” (Séamas 5:​11) “Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha [nó lucht an chroí bhriste] agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach [nó in ísle brí].” (Salm 34:​19, [34:18 i mBíoblaí eile]) An raibh a fhios agat go mbíonn tionchar ag na rudaí a dhéanann muid ar Iehova? Nuair a roghnaíonn duine drochrudaí a dhéanamh cuireann sé brón agus díomá air. (Salm 78:​40, 41) Ach an duine a dhéanann an rud ceart cuireann sé áthas ar a chroí.​—Léigh Seanfhocail 27:11.

3. Cén chaoi a gcuireann Iehova a ghrá in iúl dúinn?

Is é an grá an tréith is suntasaí de dhea-thréithe Iehova. Mar, “is é Dia an Grá.” (1 Eoin 4:8) Ní hé amháin go bhfuil grá Dé le feiceáil go soiléir sa mBíobla sa gcaoi ar chaith Sé leis an duine ach tá sé le feiceáil freisin sna rudaí a chruthaigh Sé. (Léigh Gníomhartha 14:17.) Smaoinigh ar an gcaoi a ndearna sé an duine. Chuir sé ar ár gcumas dathanna áille a fheiceáil, ceol aoibhinn a chloisteáil, agus bia blasta a bhlaiseadh. Tá sé ag iarraidh orainn sásamh a bhaint as an saol.

DÉAN TAIGHDE

Faigh amach céard a úsáideann Iehova chun na rudaí iontacha seo go léir a dhéanamh. Ansin féach ar an mbealach a gcuireann Iehova a dhea-thréithe in iúl dúinn.

4. An Spiorad Naomh ​—fórsa gníomhach Dé

Colláis: Rudaí atá déanta ag spiorad naofa Dé. 1. Pláinéid agus an chruinne. 2. Scríobhann duine de scríbhneoirí an Bhíobla focail inspioráide Dé i scrolla.

Díreach mar a úsáideann muid ár lámha chun obair a dhéanamh, úsáideann Iehova a spiorad naomh. De réir an Bhíobla ní pearsa é an spiorad naomh, ach is fórsa é a úsáideann Dia chun rudaí a dhéanamh. Léigh Lúcás 11:13 agus Gníomhartha 2:​17, agus ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • “Doirtfidh” Dia a spiorad naomh orthu siúd a iarrann air é. Mar sin an gceapann tú gur pearsa é an spiorad naomh, nó an é fórsa gníomhach Dé é? Cén fáth a ndéarfá é sin?

Úsáideann Iehova a spiorad naomh chun rudaí iontacha a dhéanamh. Léigh Salm 33:6 agus 2 Peadar 1:​20, 21, agus ansin pléigh an cheist seo:

  • Céard iad roinnt de na bealaí ar úsáid Iehova a spiorad naomh?

Colláis: Rudaí atá déanta ag spiorad naofa Dé. 1. Pláinéid agus an chruinne. 2. Scríobhann duine de scríbhneoirí an Bhíobla focail inspioráide Dé i scrolla.

5. Tá pearsantacht tharraingteach ag Iehova

Bhí Maois dílis do Dhia, ach theastaigh uaidh aithne níos fearr a chur ar a Chruthaitheoir. Mar sin dúirt Maois le Dia: “nocht dom do bhealaí d’fhonn go dtuigfinn thú.” (Eaxodus 33:13) Mar fhreagra, nocht Iehova gnéithe áirithe dá phearsantacht do Mhaois. Léigh Eaxodus 34:​4-6, agus ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cé na tréithe dá chuid a nocht Iehova do Mhaois?

  • Cé acu ceann de thréithe Iehova is mó a thaitníonn leatsa?

6. Tá suim ag Iehova i ndaoine

Bean ag guí.

Bhí pobal Dé, na hEabhraigh, ina sclábhaithe san Éigipt. Cén tionchar a bhí ag a bhfulaingt ar Iehova? Seinn an TAIFEADADH agus éist leis, nó léigh Eaxodus 3:​1-​10. Ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

CLOSMHEÁIN: Jehovah Cared About Their Suffering (2:​45)

  • Céard a insíonn an cuntas seo duit faoin gcaoi a mothaíonn Iehova faoi fhulaingt an duine?​—Féach ar véarsaí 7 agus 8.

  • An gceapann tú go bhfuil Iehova ag iarraidh cabhrú le daoine agus an bhfuil sé in ann é sin a dhéanamh? An bhfuil, nó nach bhfuil?

7. Nochtann an domhan nádúrtha tréithe Iehova

Colláis: Míol mór agus a lao, bláthanna, agus dordéan.

Tá pearsantacht Iehova le feiceáil sna rudaí a chruthaigh sé. Seinn an FÍSEÁN. Ansin léigh Rómhánaigh 1:​20, agus pléigh an cheist a leanann.

FÍSEÁN: Creation Reveals Jehovah’s Love​—The Human Body (1:​57)

  • Cé na tréithe de chuid Iehova a fheiceann tú sna rudaí a rinne sé?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní pearsa é Dia, níl ann ach fórsa atá i ngach áit.”

  • Céard a cheapann tusa?

  • Cén fáth a gceapann tú é sin?

ACHOIMRE

Is Spiorad dofheicthe é Iehova le go leor tréithe tarraingteacha, go háirithe an grá.

Súil Siar

  • Cén fáth nach bhfuil muid in ann Iehova a fheiceáil?

  • Céard é an spiorad naomh?

  • Céard iad cuid de thréithe Iehova?

Sprioc

FIOSRAIGH

Faigh tuiscint níos fearr ar Iehova trí staidéar a dhéanamh ar cheithre cinn dá dhea-thréithe.

“What Is God Like?” (The Watchtower Uimh. 1 2019)

Scrúdaigh an fhianaise a thugann le fios nach bhfuil Iehova i ngach rud.

“An Bhfuil Dia i nGach Áit?” (Alt ar líne)

Féach an chúis a dtagraíonn an Bíobla don spiorad naomh mar lámha Dé.

“Céard é an Spiorad Naomh?” (Alt ar líne)

Níor chreid fear dall go raibh suim ag Dia ann. Faigh amach faoin gcúis ar tháinig athrú intinn air.

“I Now Feel That I Can Help Others” (The Watchtower, 1 Deireadh Fómhair, 2015)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn