Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 33
  • An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • Céard í Ríocht Dé?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Céard í Ríocht Dé?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Céard A Bhainfidh Ríocht Dé Amach?
    An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
  • Céard í Ríocht Dé?
    Dea-scéala Ó Dhia!
Tuilleadh
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 33
Ceacht 33. Daoine ina gcónaí i bparthas ar talamh.

CEACHT 33

An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Tá Ríocht Dé i réim cheana féin. Is gearr go ndéanfaidh sí athruithe móra ar an domhan. Déanfaidh muid plé anois ar na rudaí iontacha ar féidir leat a bheith ag tnúth leo faoi Ríocht Dé.

1. Cén chaoi a gcuirfidh Ríocht Dé an tsíocháin agus an chóir i réim arís?

Scriosfaidh Íosa rialtais agus drochdhaoine ag cogadh Harmagadón. (Apacailipsis 16:14, 16) Ag an am sin, comhlíonfar an gealltanas seo: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine. Féach a ionad! Ní ann dó feasta.” (Salm 37:10) Ag úsáid Ríocht Dé, déanfaidh Íosa cinnte go mbeidh an tsíocháin agus an chóir i réim ar an talamh.—Léigh Íseáia 11:4.

2. Cén chaoi a mbeidh an saol nuair a dhéanfar toil Dé ar an talamh?

Faoi réimeas Ríocht Dé, “tiocfaidh na fíréin in oidhreacht na talaimh agus mairfidh siad ann go brách.” (Salm 37:29) Samhlaigh maireachtáil ag am ina mbeidh an domhan lán de dhaoine maithe, grá ag cách d’Iehova agus dá chéile, agus chuile dhuine in ann maireachtáil go deo i mbarr na sláinte.

3. Céard a bhainfidh Ríocht Dé amach?

Rialóidh Íosa mar Rí ar feadh 1,000 bliain tar éis dó na drochdhaoine a scrios. Cabhróidh sé féin agus a 144,000 comhrialtóirí an cine daonna a thabhairt chun foirfeachta. Ag deireadh an ama sin, beidh an domhan ina pharthas agus beidh chuile dhuine sona sásta ag baint tairbhe as a n-umhlaíocht de dhlíthe Iehova. Ansin tabharfaidh Íosa an ríocht dá Athair, Iehova. Agus ‘naomhófar ainm’ Iehova ar bhealach nár rinneadh riamh cheana. (Matha 6:9, 10) Beidh sé cruthaithe ansin gur Rialtóir maith é Iehova. Cuirfidh Iehova deireadh le Sátan, na deamhain agus duine ar bith a chuirfidh in aghaidh a thiarnais. (Apacailipsis 20:7-10) Beidh an domhan ina pharthas go deo faoi riail Ríocht Dé.

DÉAN TAIGHDE

Smaoinigh ar an gcúis gur féidir linn a bheith muiníneach go n-úsáidfidh Dia an Ríocht chun gealltanais an Bhíobla a chomhlíonadh.

4. Cuirfidh Ríocht Dé deireadh le rialtais dhaonna

“Smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.” (Cóheilit 8:9) Cuirfidh Iehova i gceart an éagóir atá déanta.

Léigh Dainéil 2:44 agus 2 Teasalónaigh 1:6-8, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Céard a dhéanfaidh Iehova agus a Mhac, Íosa, le rialtais dhaonna agus a lucht leanúna?

  • Cén chaoi a ndeimhníonn gach atá foghlamtha agat faoi Iehova agus Íosa go bhfuil siad cóir agus trócaireach?

Íosa ag rialú agus an domhan ina pharthas.

5. Is Rí den scoth é Íosa

Mar Rí ar Ríocht Dé, déanfaidh Íosa a dhícheall ar son a dhaoine. Seinn an FÍSEÁN agus féach mar a léirigh Íosa go bhfuil fonn air agus go bhfuil an chumhacht ó Dhia aige chun cabhrú le daoine.

FÍSEÁN: Léirigh Íosa an Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach (1:13)

Nuair a bhí Íosa ar an talamh, thug sé léargas ar an méid a dhéanfaidh Ríocht Dé. Cé na beannachtaí atá luaite anseo a bhfuil tusa ag tnúth leo? Chun foghlaim faoi na beannachtaí sin léigh na scrioptúir a leanann.

NUAIR A BHÍ ÍOSA AR AN TALAMH . . .

Ó NEAMH . . .

  • bhí smacht aige ar an aimsir.—Marcas 4:36-41.

  • réiteoidh Íosa fadhbanna na timpeallachta.—Íseáia 35:1, 2.

  • bheathaigh sé na mílte go míorúilteach.—Matha 14:17-21.

  • cuirfidh Íosa deireadh leis an ocras.—Salm 72:16.

  • leigheas sé go leor daoine.—Lúcás 18:35-43.

  • cinnteoidh Íosa go mbeidh sláinte mhaith ag chuile dhuine.—Íseáia 33:24.

  • thóg sé daoine ó mhairbh.—Lúcás 8:49-55.

  • cuirfidh Íosa deireadh leis an mbás.—Apacailipsis 21:3, 4.

6. Beidh an saol go maith faoi Ríocht Dé

Mairfidh daoine go deo i bparthas ar talamh mar a bhí leagtha amach ag Iehova dóibh ón tús. Seinn an FÍSEÁN chun foghlaim faoin mbealach a bhfuil Iehova ag oibriú trína Mhac Íosa, chun a chuspóir a chur i gcrích.

FÍSEÁN: A Glimpse Into a Wonderful Future (4:38)

Léigh Salm 145:16, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén chaoi a mothaíonn tú agus fios agat go ‘sásóidh Iehova a bhfuil beo’?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Má oibríonn muid as lámh a chéile is féidir linn fadhbanna an domhain a réiteach.”

  • Céard iad na fadhbanna a réiteoidh Ríocht Dé nach féidir le rialtais dhaonna a réiteach?

ACHOIMRE

Tabharfaidh an Ríocht cuspóir Dé chun críche. Déanfaidh sí parthas den talamh, mairfidh daoine maithe air, agus beidh siad ag adhradh Iehova go deo.

Súil Siar

  • Cén chaoi a naomhóidh Ríocht Dé ainm Iehova?

  • Cén fáth ar féidir linn a chreidiúint go dtiocfaidh gealltanais an Bhíobla fíor?

  • Cé na rudaí a dhéanfar faoin Ríocht a bhfuil tú ag tnúth leo?

Sprioc

FIOSRAIGH

Faigh amach céard é Harmagadón.

“Céard Atá i gCeist le Cath Harmagadón?” (Alt ar líne)

Déan staidéar ar na heachtraí a tharlóidh le linn an tréimhse ama ar a thug Íosa an trioblóid mhór.

“What Is the Great Tribulation?” (Alt ar líne)

Féach ar bhealaí ar féidir le teaghlaigh machnamh le chéile ar na beannachtaí atá le teacht.

See Yourself in Paradise (1:50)

Sa mír “I Was Troubled by Many Questions,” faigh amach faoin gcaoi ar aimsigh reibiliúnach polaitiúil freagraí.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Eanáir, 2012)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn