Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • wp20 Uimhir 2 leathanaigh 11-13
  • Céard A Bhainfidh Ríocht Dé Amach?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Céard A Bhainfidh Ríocht Dé Amach?
  • An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • AN MÉID ATÁ BAINTE AMACH AG RÍOCHT DÉ CHEANA FÉIN
  • CÉARD A DHÉANFAIDH RÍOCHT DÉ AMACH ANSEO?
  • NA RUDAÍ A DHÉANFAIDH RÍOCHT DÉ DON CHINE DAONNA
  • Céard í Ríocht Dé?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Céard í Ríocht Dé?
    Dea-scéala Ó Dhia!
  • Céard is Ríocht Dé Ann?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
Tuilleadh
An Túr Faire Ag Fógairt Ríocht Iehova (Poiblí)—2020
wp20 Uimhir 2 leathanaigh 11-13
Abhainn ag rith i dtreo easa. Tá an abhainn timpeallaithe ag foraois agus ag sléibhte atá faoi bhrat sneachta.

Céard a Bhainfidh Ríocht Dé Amach?

Mhúin Íosa dá dheisceabail le guí go dtiocfaidh Ríocht Dé. Bhí a fhios aige nach raibh Dia sásta leis na rudaí uafásacha a bhí ag tarlú agus gurb í Ríocht Dé an t-aon rialtas a bhí in ann rudaí a chur ina gceart. Céard a bhainfidh Ríocht Dé amach?

AN MÉID ATÁ BAINTE AMACH AG RÍOCHT DÉ CHEANA FÉIN

San alt roimhe seo, rinne muid plé ar an gcomhartha a thug Íosa. Is cruthúnas é an comhartha gur bunaíodh Ríocht Dé ar neamh le hÍosa Críost mar Rí.

Thuar an Bíobla, go gcaithfeadh Íosa Sátan agus a chuid deamhan amach as na flaithis nuair a thosódh sé ag rialú mar Rí ar neamh. Caitheadh síos chun na talún iad i 1914 agus sin ceann de na fáthanna go bhfuil rudaí chomh dona ó shin i leith.—Apacailipsis 12:7, 9.

Cé go bhfuil an domhan ag dul in olcas, tá Íosa ag gníomhú mar Rí ar Ríocht Dé chun cabhrú le daoine anois. Tá go leor daoine ag foghlaim agus ag cur prionsabail an Bhíobla i bhfeidhm ina saol, a bhuíochas sin don chlár domhanda teagaisc Bíobla ar thuar Íosa. (Íseáia 2:2-4) D’fhoghlaim siad gan a bheith gafa go hiomlán lena gcuid oibre, lena saol teaghlaigh a fheabhsú, le taitneamh a bhaint as an rud atá acu agus gan a bheith ag sclábhaíocht i ndiaidh tuilleadh. Tá scileanna foghlamtha acu a théann chun tairbhe dóibh anois, chomh maith leis na riachtanais a theastaíonn le maireachtáil faoi Ríocht Dé.

CÉARD A DHÉANFAIDH RÍOCHT DÉ AMACH ANSEO?

Cé go bhfuil Íosa ag rialú ar neamh, tá rialtais dhaonna fós ag rialú an domhain. Ach, d’ordaigh Dia d’Íosa: “Bí ag rialú i measc do naimhde.” (Salm 110:2) Is gearr go scriosfaidh Íosa a naimhde agus tabharfaidh sé faoiseamh dóibh siúd atá toilteanach toil Dé a dhéanamh.

Le linn an ama sin, cuirfidh Ríocht Dé deireadh le

  • Reiligiún bréagach. Scriosfar reiligiúin a mhúin bréaga faoi Dhia agus a rinne an saol deacair do dhaoine. Déanann an Bíobla cur síos ar reiligiún bréagach amhail is gur striapach í. Beidh iontas ar go leor daoine nuair a scriosfar reiligiúin bhréagacha.—Apacailipsis 17:15, 16.

  • Rialtais dhaonna. Cuirfidh Ríocht Dé deireadh le rialtais dhaonna go luath.—Apacailipsis 19:15, 17, 18.

  • Drochdhaoine. Céard fúthu siúd atá ag iarraidh drochrudaí a dhéanamh agus a dhiúltaíonn géilleadh do Dhia? “Scriosfar na peacaigh, de dhroim na talún.”—Seanfhocail 2:22.

  • Sátan agus na deamhain. Ní bheidh Sátan agus na deamhain in ann a bheith ag ‘mealladh . . . na ciníocha’ níos mó.—Apacailipsis 20:3, 10.

Céard a chiallaíonn sé sin dóibh siúd a ghlacann le Ríocht Dé?

NA RUDAÍ A DHÉANFAIDH RÍOCHT DÉ DON CHINE DAONNA

Nuair a bheidh Íosa ag rialú mar Rí ar neamh, déanfaidh sé i bhfad níos mó ná mar a d’fhéadfadh aon rialtóir daonna a dhéanamh. Tabharfaidh 144,000 comhrialtóirí, a roghnófar ón gcine daonna cúnamh dó. (Apacailipsis 5:9, 10; 14:1, 3) Déanfaidh sé cinnte go ndéanfar toil Dé anseo ar an talamh. Céard a dhéanfaidh Ríocht Dé do na daoine a chónóidh ar talamh?

  • Deireadh le tinneas agus bás. “Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: ‘Tá mé breoite,’” agus “ní bheidh an bás ann feasta.”—Íseáia 33:24; Apacailipsis 21:4.

  • Cinnteofar go mbeidh fíor-shíocháin agus slándáil ann. “Is mór an rath a bheidh orthu mar chlann,” agus “beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu.”—Íseáia 54:13; Míocá 4:4.

  • Cuirfear obair shásúil ar fáil. “Is fada a bheidh mo dhaoine tofa ag baint leas as saothar a lámh. Ní bheidh siad ag sclábhaíocht in aisce.”—Íseáia 65:22, 23.

  • Réiteofar fadhbanna na timpeallachta. “Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth.”—Íseáia 35:1.

  • Múinfear do dhaoine na riachtanais is gá le maireachtáil go deo. “Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.”—Eoin 17:3.

Ba mhaith le Dia go mbainfeá taitneamh as na beannachtaí sin. (Íseáia 48:18) Gheobhaidh muid amach sa gcéad alt eile céard is gá dúinn a dhéanamh chun na beannachtaí sin a fháil.

Cuirfidh Ríocht Dé ina cheart an dochar go léir atá déanta ag rialtais dhaonna leis na mílte bliain. Cuirfidh sí ar fáil

  • Lánúin ag rith i gcoill.

    SLÁINTE FHOIRFE

  • Theaghlach ag baint taitneamh as picnic i bpáirc. Tá an t-athair ag seinm ar an ngiotár.

    SÍOCHÁIN AGUS SLÁNDÁIL

  • Lánúin ag obair ina ngairdín.

    OBAIR SHÁSÚIL

  • Abhainn ag rith i dtreo easa. Tá an abhainn timpeallaithe ag foraois agus ag sléibhte atá faoi bhrat sneachta.

    TIMPEALLACHT GHLAN

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn