CEACHT 22
Cén Chaoi ar Féidir Leat An Dea-Scéal a Scaipeadh?
Nuair a thosaíonn tú ag foghlaim fírinní an Bhíobla, bíonn tú ag ceapadh gur cheart go mbeadh a fhios ag gach duine fúthu. Mar sin féin, b’fhéidir go n-aireofá neirbhíseach á roinnt le daoine eile. Pléifidh muid an bealach ar féidir leat na néaróga sin a shárú agus tús a chur le scaipeadh an dea-scéil.
1. Cén chaoi ar féidir leat a bhfuil foghlamtha agat a roinnt le daoine eile?
Dúirt deisceabail Íosa: “Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.” (Gníomhartha 4:20) Bhí meas acu ar a raibh foghlamtha acu agus bhí siad ag iarraidh é a insint do gach duine. Má mhothaíonn tusa ar an gcaoi chéanna, tapaigh do dheis lena bhfuil foghlamtha agat a roinnt le do theaghlach agus do chairde.—Léigh Colosaigh 4:6.
Roinnt bealaí le tosaigh
Tarraing anuas an Bíobla agus thú ag caint le ball teaghlaigh trí rud éigin mar: “D’fhoghlaim mé rud suimiúil an tseachtain seo” a rá.
Taispeáin scrioptúr spreagúil do chara atá tinn nó imníoch.
Inis do do chomhoibrithe a léiríonn suim i do shaol faoi na rudaí a d’fhoghlaim tú le linn do Staidéar Bíobla nó ag cruinniú pobail.
Taispeáin an suíomh gréasáin jw.org do do chairde.
Tabhair cuireadh do dhaoine eile chuig do staidéar, nó taispeáin dóibh le hiarratas a dhéanamh ar staidéar ar jw.org.
2. Cén fáth gur sprioc fiúntach é craobhscaoileadh leis an bpobal Críostaí?
Roinn deisceabail Íosa an dea-scéal le daoine nach raibh aithne ar bith acu orthu. Chuir Íosa “amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair” chun an dea-scéal a scaipeadh. (Lúcás 10:1) Thug sé sin deis dóibh labhairt le níos mó daoine agus chuir sé ríméad orthu oibriú le chéile. (Lúcás 10:17) An bhféadfadh sé a bheith mar sprioc agat an obair chraobhscaoilte a dhéanamh leis an bpobal?
DÉAN TAIGHDE
Smaoinigh ar an gcaoi ar féidir leat néaróga a shárú agus sásamh a bhaint as a bheith ag scaipeadh an dea-scéil.
3. Beidh Iehova leat
D’fhéadfadh roinnt daoine a bheith neirbhíseach faoi fháilte an tsealbhóra tí agus a n-ábaltacht féin an dea-scéal a chur i láthair.
An bhfuil tú neirbhíseach faoin méid atá foghlamtha agat a roinnt? Cén fáth, nó cén fáth nach bhfuil?
Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.
Cén chaoi ar sháraigh na Finnéithe óga na néaróga?
Léigh Íseáia 41:10, ansin pléigh an cheist seo:
Nuair a airíonn tú neirbhíseach faoin gcraobhscaoileadh, cén fáth ar chóir duit guí?
An raibh a fhios agat?
Shíl go leor d’Fhinnéithe Iehova tráth nach mbeadh a ndóthain misnigh acu chun an dea-scéal a roinnt. Dúirt Sergey: “ní raibh misneach ar bith agam.” Ansin thosaigh sé ag staidéar an Bhíobla. Deir sé: “thosaigh mé ag caint le daoine eile faoina raibh á fhoghlaim agam. Chuir sé sin go mór le m’fhéinmhuinín agus neartaíodh mo chreideamh dá bharr.”
4. Bí measúil
Nuair atá tú ag roinnt an dea-scéil, ní hamháin go gcaithfidh tú cuimhniú ar an méid atá le rá agat ach caithfidh tú cuimhniú freisin ar an mbealach a ndéarfaidh tú é. Léigh 2 Tiomóid 2:24 agus 1 Peadar 3:15, ansin pléigh na ceisteanna seo:
Cén chaoi a bhféadfá na véarsaí seo a chur i bhfeidhm agus tú ag craobhscaoileadh?
D’fhéadfadh sé nach n-aontódh gaolta nó do chairde leat. Céard a d’fhéadfá a dhéanamh? Céard nár cheart duit a dhéanamh?
Cén fáth a mbeadh sé níos fearr ceisteanna tuisceanacha a úsáid seachas a bheith ag cur brú ar dhaoine?
5. Cuireann sé áthas orainn an dea-scéal a roinnt
Dúirt Iehova le hÍosa an dea-scéal a roinnt. Cén dearcadh a bhí ag Íosa ar an obair sin? Léigh Eoin 4:34, ansin pléigh na ceisteanna seo:
Cothaíonn bia maith muid agus cuireann sé gliondar orainn. Cén fáth a ndearna Íosa comparáid idir déanamh toil Dé—scaipeadh an dea-scéil san áireamh—agus bia a ithe?
Cé na beannachtaí a d’fhéadfá a bheith agat má roinneann tú an dea-scéal?
Leideanna
Ag cruinniú lár na seachtaine, lorg bealaí inar féidir leat comhrá a thosú.
Cláraigh le freastal ar Scoil an Chraobhscaoilte Dhialathaigh. Cuirfear oiliúint ort le haghaidh an obair chraobhscaoilte a dhéanamh.
Úsáid na hailt “Deir Daoine Áirithe” nó “D’fhéadfadh Duine Éigin Ceist a Chur” atá sa gcúrsa seo chun cleachtadh a dhéanamh ar na bealaí ar féidir leat ceisteanna nó agóidí coitianta a fhreagairt.
D’FHÉADFADH DUINE ÉIGIN CEIST A CHUR: “Aon scéal nuaí?”
Cén chaoi a bhféadfá an deis seo a úsáid chun a bhfuil á fhoghlaim agat ón mBíobla a roinnt?
ACHOIMRE
Cuirfidh scaipeadh an dea-scéil áthas ort, agus d’fhéadfadh sé a bheith níos éasca ná cheapfá.
Súil Siar
Cén fáth ar chóir an dea-scéal a roinnt le daoine eile?
Cén chaoi ar féidir leat é a dhéanamh ar bhealach measúil?
Cén chaoi ar féidir leat an lámh in uachtar a fháil ar na néaróga?
FIOSRAIGH
Plé ceithre bhealach chun an dea-scéal a roinnt ag baint úsáide as an gcárta teagmhála jw.org.
Foghlaim faoi cheithre thréith a chabhróidh leat an dea-scéal a roinnt.
“Are You Ready to Become a Fisher of Men?” (The Watchtower, Meán Fómhair 2020)
Is féidir le sampla ón mBíobla misneach a thabhairt dúinn an dea-scéal a roinnt, fiú má tá muid óg.
Faigh amach faoin mbealach ar féidir leat labhairt faoin mBíobla le baill teaghlaigh.
“Reaching the Heart of Unbelieving Relatives” (The Watchtower, 15 Márta, 2014)