Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 38
  • Bíodh Meas Agat ar Bhronntanas na Beatha

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bíodh Meas Agat ar Bhronntanas na Beatha
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Ghinmhilleadh?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • An Bhfuil An Luach Céanna Agat ar An mBeatha is Atá ag Dia?
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Cén Chaoi a Sábhálann Bás Íosa Muid?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Céard é Cuspóir Dé Don Duine?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 38
Ceacht 38. Fear agus bean chéile ag tabhairt barróg dá leanbh.

CEACHT 38

Bíodh Meas Agat ar Bhronntanas na Beatha

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Is iomaí rud iontach is féidir linn a dhéanamh agus taitneamh a bhaint as de bhrí go bhfuil muid beo. Is féidir linn taitneamh a bhaint as gnéithe áirithe den saol fiú nuair a bhíonn fadhbanna againn. Cén chaoi ar féidir linn a léiriú go bhfuil meas againn ar bhronntanas na beatha? Agus cén chúis atá againn lena dhéanamh?

1. Cén fáth ar cheart dúinn meas a bheith againn ar an mbeatha?

Ba cheart dúinn meas a bheith againn ar ár mbeatha mar gur bronntanas é ónár nAthair grámhar Iehova. Is é Iehova “foinse na beatha”—an té a chruthaigh gach dúil bheo. (Salm 36:10 [36:9 i mBíoblaí eile]) “Is é féin a bhronn anam agus anáil agus uile ar chách.” (Gníomhartha 17:​25, 28) Cuireann Iehova gach a dteastaíonn uainn ar fáil dúinn le fanacht beo. Agus cuireann sé ar fáil é ar bhealach taitneamhach.—Léigh Gníomhartha 14:17.

2. Cén chaoi a léireoidh muid d’Iehova go bhfuil meas againn ar bhronntanas na beatha?

Ón nóiméad ar gineadh thú, bhí suim ag Iehova ionat. Dúirt Iehova lena shearbhónta Irimia: “Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort.” (Irimia 1:5) Is mór ag Iehova do bheatha. (Léigh Matha 10:​29-​31.) Chuirfeadh sé as go mór dó dá gcuirfeadh aon duine deireadh le saol duine d’aon turas, fiú amháin a shaol féin.a (Eaxodus 20:13) Ghoillfeadh sé ar Iehova dá gcuirfeadh muid ár mbeatha féin i mbaol gan ghá nó mura ndéanfadh muid gach a bhféadfadh muid chun beatha daoine eile a chosaint. Nuair a thugann muid aire dúinn féin agus meas againn ar bheatha dhaoine eile, léiríonn muid go bhfuil meas againn ar bhronntanas iontach na beatha.

DÉAN TAIGHDE

Smaoinigh ar bhealaí ar féidir leat do mheas a léiriú ar bhronntanas na beatha.

3. Tabhair aire do do shláinte

Úsáideann Críostaithe tiomnaithe gach gné dá saol chun freastal ar Iehova. Tá sé mar a bheidís ag toirbhirt a gcolainn mar íobairt bheo naofa taitneamhach do Dhia. Léigh Rómhánaigh 12:​1, 2, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén fáth ar chóir duit aire a thabhairt do do shláinte?

  • Céard iad roinnt de na bealaí ar féidir leat é sin a dhéanamh?

Bean thorrach ag caint lena dochtúir.

4. Breathnaigh romhat chun timpiste nó bás a sheachaint

Spreagann an Bíobla muid chun cleachtais chontúirteacha a sheachaint. Seinn an FÍSEÁN chun foghlaim faoi na rudaí ar féidir leat a dhéanamh le bheith sábháilte.

FÍSEÁN: Be Safety Conscious (8:​34)

Léigh Seanfhocail 22:​3, ansin plé an bealach ar féidir leat féin agus le daoine eile a bheith sábháilte . . .

  • sa mbaile.

  • ag d’ionad oibre.

  • ag imirt spóirt.

  • nuair atá tú ag taisteal i bhfeithicil nó ag tiomáint.

Fear ag cur crios sábhála ar féin.

5. Bíodh meas agat ar bheatha an linbh sa mbroinn

Bean thorrach ag cuimilt a bolg.

Labhair Dáiví go fileata faoin spéis a bhí ag Iehova i mbeatha agus i bhforbairt an linbh sa mbroinn. Léigh Salm 139:​13-​17, ansin plé an cheist seo:

  • Dár le hIehova, an gcuirtear tús le saol an duine nuair a ghintear é nó nuair a bheirtear é?

Tá cosaint tugtha i ndlíthe Iehova do mháithreacha agus do na páistí atá á n-iompar acu. Léigh Eaxodus 21:​22, 23, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén dearcadh a bhí ag Iehova ar dhuine a chuir deireadh trí thimpiste le saol linbh sa mbroinn?

  • Cén chaoi a mothódh sé dá ndéanfadh duine é sin d’aon turas?b

  • Cén chaoi a mothaíonn tusa faoi dhearcadh Dé?

Seinn an FÍSEÁN.

FÍSEÁN: Value Life as God Does (5:​00)

D’fhéadfadh bean a bhfuil luach ard aici ar an mbeatha a bheith ag mothú gurb é ginmhilleadh an t-aon rogha atá aici. Léigh Íseáia 41:​10, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Má tá bean faoi bhrú le ginmhilleadh a bheith aici, cén áit ar cheart di cabhair a lorg? Cén fáth?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá sé de cheart ag bean an cinneadh a dhéanamh an mbeidh ginmhilleadh aici nó nach mbeidh—nach é a colainn féin é.”

  • Céard a chuireann ina luí ortsa go bhfuil meas ag Iehova ar bheatha na máthar agus ar an leanbh sa mbroinn?

ACHOIMRE

Múineann an Bíobla dúinn meas a bheith againn ar bhronntanas na beatha agus breathnú amach dár saol féin agus do shaol dhaoine eile.

Súil Siar

  • Cén fáth a bhfuil beatha an duine luachmhar i súile Iehova?

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova nuair a chuireann duine deireadh le beatha duine eile d’aon turas?

  • Cén fáth a bhfuil meas agatsa ar bhronntanas na beatha?

Sprioc

FIOSRAIGH

Cén chaoi a gcuirfidh muid ár mbuíochas in iúl d’Iehova faoi bhronntanas na beatha?

Amhrán 141—Míorúilt na Beatha (2:​41)

Faigh freagra na ceiste, An dtabharfaidh Dia maithiúnas do bhean a raibh ginmhilleadh aici?

“Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Ghinmhilleadh?” (Alt ar líne)

Foghlaim faoin tionchar a chóir a bheith ag dearcadh Dé ar an gcaitheamh aimsire a roghnaíonn muid.

“‘Extreme Sports’—Should You Take the Risk?” (Awake!, 8 Deireadh Fómhair, 2000)

Céard faoi má bhíonn smaointe féinmharaithe ag duine? Déan machnamh ar an gcabhair atá ar fáil sa mBíobla.

“Tá Mé ag Iarraidh Bás a Fháil​—An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Liom Nuair Atá Smaointe Féinmharaithe Agam?” (Alt ar líne)

a Bíonn Iehova i ngar dóibh siúd atá in ísle brí. (Salm 34:19 [34:18 i mBíoblaí eile]) Tuigeann Sé na smaointe pianmhara a bhaineann le féinmharú agus tá Sé ag iarraidh cúnamh a thabhairt. Chun fáil amach faoin difríocht a d’fhéadfadh a chabhair a dhéanamh, léigh an t-alt dár teidil “Tá Mé ag Iarraidh Bás a Fháil​—An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Liom Nuair a Bhíonn Smaointe Féinmharaithe Agam?” atá ar fáil faoi Fiosraigh sa gceacht seo.

b Ní gá go bhfaigheadh mothúcháin dhiúltacha an ceann is fearr ar bhean a raibh ginmhilleadh aici—tá Iehova maiteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an alt “Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Ghinmhilleadh?” atá le fáil faoi Fiosraigh sa gceacht seo.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn