Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 39
  • Dearcadh Dé ar Fhuil

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Dearcadh Dé ar Fhuil
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • An Bhfuil An Luach Céanna Agat ar An mBeatha is Atá ag Dia?
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Aguisíní
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Céard atá Ráite sa mBíobla Faoi Fhuilaistriú?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 39
Ceacht 39. Íomhá mhicreascópach den fhuil.

CEACHT 39

Dearcadh Dé ar Fhuil

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Tá fuil ríthábhachtach. Gan í, ní féidir le haon duine againn maireachtáil. Tá sé de cheart ag ár gCruthaitheoir an úsáid a bhaintear as fuil a leagan síos. Céard atá ráite aige faoi fhuil? An féidir an fhuil a fhuilaistriú nó a ithe? Cén chaoi ar féidir cinntí maithe a dhéanamh faoi fhuil?

1. Céard é dearcadh Iehova ar fhuil?

Dúirt Iehova lena lucht adhradh in aimsir an Bhíobla: “Óir fuil gach feola is anam di.” (Léivític 17:14) Seasann an fhuil don bheatha i súile Iehova. Ós rud é gur bronntanas naofa ó Dhia í an bheatha, tá fuil naofa freisin.

2. Cén úsáid nach gceadaíonn Dia a bhaint as fuil?

D’ordaigh Iehova do na chéad Chríostaithe gan fuil a ithe. (Léigh Geineasas 9:4 agus Léivític 17:10.) Dheimhnigh sé an t-ordú seo nuair a d’ordaigh an bord stiúrtha do Chríostaithe leanúint orthu ag “staonadh . . . ó fhuil.”—Léigh Gníomhartha 15:​28, 29.

Céard a chiallaíonn sé staonadh ó fhuil? Dá ndéarfadh dochtúir leat staonadh ó alcól, ní ólfá é. An íosfá bia a bhfuil alcól ann nó an dtógfá isteach trí do chuid féitheacha é? Dar ndóigh, ní dhéanfá é sin. Mar an gcéanna, ciallaíonn ordú Dé nár cheart dúinn fuil a ól ná feoil nach bhfuil an fhuil ligthe aisti a ithe. Níor cheart dúinn ach an oiread aon bhia a bhfuil fuil curtha leis a ithe.

Céard faoi úsáid na fola i gcóir leighis? Sáraíonn gnáthamh leighis áirithe dlíthe Dé. Ina measc seo tá fuil aistriú iomlán nó aon cheann de na ceithre phríomhpháirt den fhuil—fuilchealla dearga, fuilchealla bána, pláitíní agus fuilphlasma. Seans nach sárú amach is amach ar dhlí Dé iad gnáthamh leighis eile. Mar shampla, baineann cuid de na gnáthaimh le codáin fhola i gceithre phríomhpháirt den fhuil. Baineann cuid eile acu le húsáid fuil an duine féin. Agus muid ag machnamh ar na roghanna seo, caithfidh gach duine againn cinneadh pearsanta a dhéanamh.a—Galataigh 6:5.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an bealach le cinntí maithe a dhéanamh maidir le húsáid na fola.

3. Déan cinntí faoi chóir leighis a shásóidh Iehova

Cén chaoi a ndéanfaidh tú cinntí faoi chóir leighis a shásóidh Iehova? Seinn an FÍSEÁN, ansin déan plé ar na pointí a leanann.

FÍSEÁN: How to Make Health-​Care Decisions Regarding Blood (5:​47)

  • Guí le haghaidh eagna.—Séamas 1:5.

  • Déan taighde ar phrionsabail an Bhíobla agus an bhaint atá acu leatsa.—Seanfhocail 13:16.

  • Faigh amach faoi na roghanna cóir leighis atá ar fáil i do cheantar.

  • Cuir na cinn nach nglacann tú leo as an áireamh.

  • Déan cinnte go bhfágfaidh do chinneadh le coinsias glan thú.—Gníomhartha 24:16.b

  • Níl sé de cheart ag aon duine insint duit cén cinneadh ar chóir duit a dhéanamh nuair a thagann sé go dtí an coinsias.—Rómhánaigh 14:12.

  • Cuir do chinneadh i scríbhinn.

Colláis: Fear ag déanamh cinneadh maidir le cóir leighis. 1. Guíonn sé. 2. Déanann sé taighde ag úsáid an Bhíobla, foilseacháin atá bunaithe ar an mBíobla, agus gléas leictreonach. 3. Labhraíonn sé leis na dochtúirí.

4. Lorgaíonn Finnéithe Iehova cúram leighis atá ar ardchaighdeán

Is féidir cloí le dlíthe Dé maidir le fuil agus cóir leighis atá ar ardchaighdeán a fháil gan fuil a úsáid. Seinn an FÍSEÁN.

FÍSEÁN: Interview of Professor Massimo P. Franchi, M.D (1:​36)

Léigh Títeas 3:​2, ansin plé an cheist seo:

  • Cén fáth ar chóir dúinn a bheith measúil agus cabhrach nuair atá muid ag déileáil le proifisiúnaigh leighis?

Feadán tástála ina bhfuil fuil deighilte ina ceithre phríomhchuid a bhfuil na lipéid A, B, C agus D orthu.

Ní ghlactar le

Faoi choinsias an Chríostaí

A. Fuilphlasma

Codáin de fhuilphlasma

B. Fuilchealla bána

Codáin de fhuilchealla bána

C. Pláitíní

Codáin de phláitíní

D. Fuilchealla dearga

Codáin de fhuilchealla dearga

5. Nuair atá codáin fhola i gceist

Tá ceithre phríomhpháirt sa bhfuil—fuilchealla dearga, fuilchealla bána, pláitíní, agus fuilphlasma. Is féidir iad seo a bhriseadh síos ina gcodanna níos lú ar a dtugtar codáin fhola.c Úsáidtear cuid de na codáin fhola seo i gcóir leighis chun troid in aghaidh galair agus chun sruth fola a stopadh.

Nuair a thagann sé go dtí codáin fhola, ní mór do gach Críostaí a chinneadh féin a dhéanamh bunaithe ar a choinsias atá oilte ag an mBíobla. D’fhéadfadh roinnt daoine diúltú do chóir leighis ina bhfuil codáin fhola ann ach ceadaíonn a choinsias do dhuine eile an chóir leighis chéanna a thógáil.

Ag déanamh do chinneadh duit, smaoinigh ar an gceist seo:

  • Cén chaoi a míneoinn do dhochtúir an chúis a ndiúltóinn nó a nglacfainn le húsáid codáin fola áirithe?

FIAFRAÍONN DAOINE ÁIRITHE: “Céard atá mícheart le fuilaistriú a ghlacadh?”

  • Céard a cheapann tú?

ACHOIMRE

Tá Iehova ag iarraidh orainn mí-úsáid fola a sheachaint.

Súil Siar

  • Cén fáth a bhfuil fuil naofa i súile Iehova?

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go mbaineann ordú Dé staonadh ó fhuil le fuilaistriú?

  • Cén chaoi ar féidir liom cinneadh ceart a dhéanamh maidir le gnáthamh leighis a bhaineann le fuil?

Sprioc

FIOSRAIGH

Céard ar chóir a chur san áireamh maidir le gnáthamh leighis agus do chuid fola féin?

“Questions From Readers” (The Watchtower, 15 Deireadh Fómhair 2000)

Céard atá le cur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar cheart duit glacadh le codáin fhola?

“Questions From Readers” (The Watchtower, 15 Meitheamh 2004)

Céard a thug le fios do dhochtúir amháin go raibh dearcadh Iehova ar fhuil réasúnach?

“I Accepted God’s View of Blood” (Awake!, 8 Nollaig, 2003)

Foghlaim faoin gcaoi a dtugann seanóirí atá ar na Coistí IdirChaidreamh Ospidéil tacaíocht dár mbráithre.

Jehovah Supports the Sick (10:23)

a Féach Ceacht 35, “An Chaoi le Cinntí Maithe a Dhéanamh.”

b Féach pointe 5, “Nuair atá Codáin Fhola i gCeist,” agus Aguisín 3, “Gnáthamh Leighis a Bhaineann le Fuil.”

c Breathnaíonn roinnt dochtúirí ar na ceithre phríomhpháirt den fhuil mar chodáin fola. Mar sin, ní mór duit an cinneadh pearsanta atá déanta agat gan glacadh le fuilaistriú de lán fhuil ná de na ceithre phríomhpháirt den fhuil, sé sin, fuilchealla dearga, fuilchealla bána, pláitíní agus fuilphlasma a mhíniú go soiléir.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn