Olagón
3 Mise an fear a d’fhulaing cruatan
faoi shúiste a dhíbheirge.
2 Ní sa solas ach sa dorchadas
a thiomáin agus a sheol sé mé.
3 I m’aghaidhse amháin a ardaíonn sé a lámha
ar feadh an lae go léir.
4 Tá mo chorp agus mo chraiceann tnáite aige
bhris sé mo chnámha go léir.
5 Thóg sé balla i m’aghaidh
agus thimpeallaigh mé le domlas agus duainéis.
6 Thug sé orm cónaí sa dorchadas
ar nós na marbh a d’éag fadó.
7 Thóg sé múr i mo thimpeall chun nach n-éalóinn
agus chuir sé le meáchan mo shlabhra.
8 Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach,
thug sé an chluas bhodhar do m’achainí.
9 Dhún sé na bealaí orm le clocha soghearrtha;
chuir sé cor i mo bhóithre go léir.
10 Mar bhéar i luíochán nó mar leon in eadarnaí
bhí sé in oirchill orm.
11 Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú orm
agus d’fhág sé treascartha tréigthe mé.
12 Theann sé a bhogha agus chuir sé i mo sheasamh mé
mar sprioc dá shaighead.
13 Scaoil sé lán a bholgáin de shaigheada
isteach i m’áranna.
14 Ceap magaidh ab ea mé ag an bpobal go léir,
mé i m’ábhar aoire acu ar feadh an lae.
15 Líon sé mé le luibheanna searbha
agus chuir sé masmas orm le mormónta.
16 Thug sé orm gairbhéal a mheilt faoi m’fhiacla,
agus chlúdaigh sé mé le luaithreach.
17 Is fada ó mo chroí a dhíbir tú an tsíocháin
sa chaoi nach cuimhin liom céard is sonas ann.
18 Is é a deirim: “Tá mo bhuaine curtha ó chrích;
tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.”
19 Cuimhnigh ar m’angar agus ar mo chuid fánaíochta,
ar an mormónta agus ar an domlas.
20 Is cuimhin liomsa go sármhaith iad
agus tá mo chroí spíonta istigh orm dá bharr.
21 Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne,
mar is é fáth mo dhóchais é:
22 Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna
agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.
23 Athnuaitear iad gach maidin;
óir is daingean í a dhílseacht.
24 “Is é an Tiarna mo chuid den saol,” a deirim,
“is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.”
25 Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis,
don duine a bhíonn á lorg.
26 Is maith an ní é fanacht go foighneach
le slánú an Tiarna.
27 Is é leas an duine an chuing a iompar
le linn a óige.
28 Agus suí go tostach ar leithrigh,
nuair a chuirtear air í,
29 agus luí síos béal faoi sa luaithreach
—b’fhéidir go bhfuil ábhar dóchais ann fós—
30 agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é
agus masla ar mhuin masla a fhulaingt.
31 Óir ní go síoraí seasta
a shéanfaidh an Tiarna a phobal;
32 má chránn sé féin, is truachroíoch é leis
de réir iomadúlacht a bhuanghrá;
33 mar ní óna chroí a dhéanann sé
an Ádhamhchlann a chiapadh agus a chrá.
34 Nuair a ghabhtar de chosa
i gcimí uile na tíre,
35 nuair a sháraítear cearta an duine
i láthair an Té is Airde;
36 nuair a thugtar cambhreith ar dhuine i gcúis dlí,
an amhlaidh nach bhfeiceann an Tiarna é?
37 Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir,
mura gceadaíonn an Tiarna é?
38 Nach ó bhéal an Té is Airde
a thagann an t-olc agus an mhaith?
39 Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán,
go háirithe an fear atá ann fós d’ainneoin a pheacaí?
40 Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasa
agus fillimis ar ais ar an Tiarna.
41 Tógaimis ár gcroíthe agus ár lámha araon
chun Dé atá sna flaithis go hard.
42 “Tá peacaí agus ceannairc déanta againne;
níor thug tú féin maithiúnas dúinn.
43 Chuaigh tú sa tóir orainn agus feisteas feirge umat
agus rinne tú sléacht orainn gan trua.
44 D’fholaigh tú thú féin i néal
ionas nach bpollfadh ár n-urnaí tríd.
45 Rinne tú dramhaíl agus bruscar dínn
i measc na náisiún.
46 D’oscail ár naimhde go léir
a mbéal inár n-aghaidh.
47 Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn,
léirscrios agus lot.
48 Tá linnte uisce le mo shúile
de dheasca dhíothú mo phobail ionúine.
49 Sileann deora ó mo shúile gan stad,
mar ní bhfaighidh mé faoiseamh ar bith
50 go mbreathnóidh an Tiarna anuas ó neamh
chun feachaint orm.
51 Is crá croí dom a bhfeiceann mo shúile
dá bhfuil á fhulaingt ag iníonacha uile mo chathrach.
52 An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis,
chuaigh siad sa tóir orm mar éan.
53 Chaith siad beo mé síos sa charcair
agus dhún siad le cloch orm í.
54 D’éirigh an t-uisce os mo chionn
agus dúirt mé: ‘Tá deireadh liom!’
55 Ghlaoigh mé ar d’ainm, a Thiarna,
ó íochtar na carcrach doimhne.
56 Chuala tú mo ghuí: ‘Ná tabhair an chluas bhodhar
do m’éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.’
57 Dhruid tú i mo leith an lá a ghlaoigh mé ort
agus dúirt: ‘Ná bíodh eagla ort.’
58 D’agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthi
agus d’fhuascail tú m’anam.
59 Chonaic tú, a Thiarna, an éagóir a rinneadh orm;
seas ceart dom.
60 Chonaic tú conas mar a lig siad a nimh amach orm,
a ndrochbheartaíocht uile i m’aghaidh.
61 Chuala tú, a Thiarna, faoina gcuid achasán,
faoina ndrochiompar uile i mo choinne,
62 faoi cháineadh agus faoi chogarnaíl lucht m’ionsaithe
ar feadh an lae go léir.
63 Bíodh siad ina suí nó ina seasamh,
féach gur mise is ábhar aoire acu.
64 Bain sásamh astu, a Thiarna,
de réir a ndrochbheart;
65 tabhair stuacacht chroí dóibh:
bíodh do mhallacht orthu;
66 le teann feirge déan iad a thóraíocht agus a scrios
de dhruim na talún, a Thiarna.”