SCÉAL 33
Trasnú na Mara Rua
FÉACH ar an rud atá ag tárlú! Sin é Maois lena bhata sínte amach ós cionn an Mhuir Rua. Sin iad na hIosraelítigh slán in éineacht leis ar an taobh thall. Ach tá Faró agus a arm báite sa bhfarraige. Féachaimís ar an gcaoi ar thárla sé seo.
Dúirt Faró leis na hIosraelítigh an Éigipt a fhágáil tar éis do Dhia an 10ú plá a thabhairt ar na hÉigiptigh. D’fhág thart ar 600,000 fear Iosraelíteach chomh maith le an-chuid mná agus páistí. Freisin, d’fhág uimhir mhór daoine eile a chuir muinín i Iehobhah in éineacht leo. Thugadar ar fad a gcuid caoire, gabhair agus ba leo.
Sul ar fhág siad, d’iarr na hIosraelítigh éadach agus rudaí déanta d’ór agus airgead ar na hÉigiptigh. Bhí eagla ar na hÉigiptigh mar gheall ar an bplá dheireanach a tháinig orthu. Thugadar do na hIosraelítigh gach ar iarr siad orthu.
Tar éis cúpla lá tháinig na hIosraelítigh go dtí an Mhuir Rua. Lig siad scíth. Idir an dá linn tháinig aiféal ar Faró agus ar a chuid fir gur ligeadar uatha na hIosraelítigh. ‘Tá ár sclábhaithe scaoilte uainn againn!’ a deir siad.
Réitigh Faró a charbad cogaidh agus a arm faoi dheifir. Ansin lean sé na hIosraelítigh le 600 carbad speisialta chomh maith le carbaid uile na hÉigipte.
Nuair a chonaic na hIosraelítigh Faró agus a arm ag teacht ina ndiaidh bhí eagla orthu. Ní raibh aon bhealach acu le teitheadh. Bhí an Mhuir Rua ar thaobh amháin díobh agus na hÉigiptigh ag teacht ar an taobh eile. Ach chuir Iehobhah néal idir a phobal agus na hÉigiptigh. Mar sin ní raibh na hÉigiptigh in ann na hIosraelítigh a fheiceáil chun iad a ionsaí.
Ansin dúirt Iehobhah le Maois a bhata a shíneadh amach ós cionn an Mhuir Rua. Nuair a rinne sé sin chuir Iehobhah gaoth láidir anoir ag séideadh. Scar uiscí na farraige óna chéile agus coinníodh suas na huiscí ar gach aon taobh.
Thosaigh na hIosraelítigh ag máirseáil tríd an bhfarraige ar thalamh tirim. Thóg sé tamall fada sul mar bhí na milliúin duine imithe sábháilte trí an bhfarraige go dtí an taobh eile. Faoi dheireadh bhí na hÉigiptigh in ann na hIosraelítigh a fheiceáil arís. Mar sin thugadar rúid isteach sa bhfarraige in ndiaidh.
Nuair a rinneadar é seo bhain Dia na rothaí dá gcarbaid. Tháinig eagla ar na hÉigiptigh agus thosaigh siad ag screadadh: ‘Tá Iehobhah ag troid ar son na nIosraelíteach inár n-aghaidh. Teithimís ón áit seo.’ Ach bhí sé ró mhall.
Ansin is ea dúirt Iehobhah le Maois a bhata a shíneadh amach ós cionn an Mhuir Rua. Nuair a rinne Maois é seo thit na ballaí uisce agus chlúdaigh siad na h’Éigiptigh agus a gcarbaid. Lean an t-arm ar fad na hIosraelítigh isteach sa bhfarraige. Níor tháinig oiread agus duine de na hÉigiptigh amach slán!
Nach áthasach a bhí pobal Dé faoi iad a bheith slán! Chan na fir amhrán buíochais do Iehobhah, ag rá: ‘Fuair Iehobhah an bua le barr glóire. Chaith sé na caiple agus a marcaigh isteach sa bhfarriage.’ Thóg deirfiúr Mhaois, Miríám, a tiompán agus lean na mná eile ar fad í lema dtiompáin féin. Le linn dóibh a bheith ag damhsa le háthas, chan siad an t-amhrán céanna leis na fir: ‘Fuair Iehobhah an bua le barr glóire. Chaith sé na caiple agus a marcaigh isteach sa bhfarraige.’
Eaxodus Caibidil 12 go dtí 15.