Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 27
  • Droch-rí san Éigipt

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Droch-rí san Éigipt
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Trasnú na Mara Rua
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • An Chéad Sé Phlá Eile
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • An Chéad Trí Phlá
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Tuilleadh
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 27

SCÉAL 27

Droch-rí san Éigipt

TÁ NA fir seo ag cuir iallach ar na daoine obair a dhéanamh. Is de chlann Iacob iad na hoibrithe. Tugtar Iosraelítigh orthu. Is Éigiptigh iad na fir atá ag cuir iallach orthu obair a dhéanamh. Tá na hIosraelítigh ina sclábhaithe ag na hÉigiptigh. Cén chaoi ar thárla sé seo?

Ar feadh mórán blianta chónaigh clann mhór Iacob faoi shíocháin san Éigipt. Thug Seosamh, an fear ba mhó le rá san Éigipt seachas Faró, aire dóibh. Ach ansin fuair Seosamh bás. Agus tháinig Faró nua nár thaitin na hIsraelítigh leis ina rí ar an Éigipt.

Rinne an droch-Faró seo sclábhaithe de na hIosraelítigh. Agus chuir sé fir i gceannas orthu a bhí gránna agus cruálach. Chuir siad iallach ar na hIsraelítigh oibriú go crua ag tógáil cathracha do Faró. Ach fós chuaigh na hIosraelítigh i líonmhaire. Tar éis tamall tháinig faitíos ar na hÉigiptigh go n-éireodh na hIosraelítigh ró-líonmhar agus ró-láidir.

An bhfuil fhios agat céard a rinne Faró? Dúirt sé leis na mná a chabhraíodh leis na mná Iosrealíteach a bpáistí a shaoladh: ‘Maróidh sibh gach páiste fir a beirtear.’ Ach bhí na mná seo go maith agus ní mharóidís na páistí.

Mar sin thug Faró ordú do na hÉigiptigh ar fad: ‘Maraigí gach páiste fir de chuid na nIosraelíteach. Ach ligigí do na hiníonacha maireachtáil.’ Nárbh uafásach an t-ordú é sin? Féachaimís ar an gcaoi ar sábháileadh duine de na mic.

Eaxodus 1:6-22

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn