Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 19 lth. 50-lth. 51 alt 2
  • An Chéad Trí Phlá

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Chéad Trí Phlá
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Maois Agus Arón le Faró
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • An Chéad Sé Phlá Eile
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Na 10 Bplá
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 19 lth. 50-lth. 51 alt 2
Maois agus Árón ina seasamh os comhair Fharó

CEACHT 19

An Chéad Trí Phlá

Chuir na hÉigiptigh iallach ar na hIosraeilítigh oibriú go crua mar sclábhaithe. Dúirt Iehova le Maois agus le hÁrón an teachtaireacht seo a thabhairt d’Fharó: ‘Lig do mo dhaoine a dhul amach sa bhfásach agus mé a adhradh ansin.’ D’fhreagair Faró go mórtasach: ‘Is cuma liom céard a deir Iehova, ní scaoilfidh mé leis na hIosraeilítigh.’ Ansin mhéadaigh Faró an t-ualach oibre a bhí orthu. Bhí Iehova chun ceacht a mhúineadh d’Fharó. An bhfuil a fhios agat cén chaoi? Tharraing sé Deich bPlá ar an Éigipt. Dúirt Iehova le Maois: ‘Níl Faró ag éisteacht liom. Beidh sé ag Abhainn na Níle ar maidin. Téigh go dtí é agus abair leis go ndéanfar fuil d’uisce na Níle de bhrí nár scaoil sé saor mo dhaoine.’ Rinne Maois mar a dúradh leis agus chuaigh sé go dtí Faró. Bhuail Árón an Níl lena shlat i láthair Fharó, agus déanadh fuil den uisce. Is gearr go raibh boladh bréan ar an abhainn, maraíodh na héisc, agus níorbh fhéidir uisce na Níle a ól. Mar sin féin, níor scaoil Faró leis na hIosraeilítigh.

Seacht lá ina dhiaidh sin, chuir Iehova Maois ar ais go dtí Faró leis an teachtaireacht seo: ‘Mura ligfidh tú do mo dhaoine imeacht as an Éigipt, beidh an Éigipt lán le froganna.’ Chroch Árón a shlat agus clúdaíodh an talamh go léir le froganna. Bhí froganna i dtithe na ndaoine, ina gcuid leapacha, agus ina gcuid soithí. Bhí froganna i ngach áit! D’iarr Faró ar Mhaois impí ar Iehova an phlá seo a stopadh. Gheall Faró go scaoilfeadh sé leis na hIosraeilítigh. Dá bhrí sin, stop Iehova an phlá, agus rinne na hÉigiptigh carnáin mhóra de na froganna. Bhí an talamh bréan leo. Ach arís, níor lig Faró do na hIosraeilítigh imeacht.

Dúirt Iehova le Maois: ‘Abair le hÁrón a shlat a bhualadh faoin talamh. Ansin déanfar míoltóga beaga a bhíonn ag baint greamanna as daoine, den dusta.’ Bhí míoltóga beaga i ngach áit ar an bpointe. Dúradh le Faró: ‘Is ó Dhia atá an phlá seo ag teacht.’ Ach arís eile, níor scaoil Faró leis na hIosraeilítigh.

Trí cinn de na deich bplá san Éigipt: fuil in abhainn na Níle, froganna, agus míoltóga beaga

“Tabharfaidh mé orthu an uair seo mo lámh agus mo neart a admháil; agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna [Iehova] m’ainm.”—Irimia 16:21

Ceisteanna: Céard iad an chéad trí phlá? Cén fáth ar tharraing Iehova na plánna ar an Éigipt?

Eaxodus 5:1-18; 7:8–8:19; Nihimiá 9:9, 10

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn