Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 20 lth. 52-lth. 53 alt 3
  • An Chéad Sé Phlá Eile

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Chéad Sé Phlá Eile
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Chéad Trí Phlá
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Maois Agus Arón le Faró
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Droch-rí san Éigipt
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 20 lth. 52-lth. 53 alt 3
Plá lócaistí

CEACHT 20

An Chéad Sé Phlá Eile

Chuaigh Maois agus Árón go dtí Faró le teachtaireacht ó Dhia: ‘Mura ligfidh tú do mo dhaoine imeacht cuirfidh mé cuileoga móra sa tír.’ Thosaigh cuileoga móra ag bailiú i dtithe na nÉigipteach. Bhí a dtír lán leo—ba é seo an ceathrú plá. Ach ní raibh na cuileoga móra i dtír Ghoisin, an áit a raibh na hIosraeilítigh ina gcónaí. Ní raibh an phlá seo, ná na plánna a bhí le teacht, ach ar na hÉigiptigh amháin. Ansin d’impigh Faró ar Mhaois: ‘Iarr ar Iehova fáil réidh leis na cuileoga móra seo. Is féidir le do dhaoine imeacht.’ Ach nuair a fuair Iehova réidh leis na cuileoga móra, d’athraigh Faró a intinn. An dtiocfadh ciall d’Fharó go deo?

Dúirt Iehova: ‘Mura dtabharfaidh Faró cead do mo dhaoine imeacht, tiocfaidh galair ar na hainmhithe agus gheobhaidh siad bás.’ An lá dár gcionn, thosaigh na hainmhithe ag fáil bháis. Ach ní bhfuair ainmhithe na nIosraeilíteach bás. Mar sin féin, bhí Faró ceanndána arís, agus ní ghéillfeadh sé.

Ansin dúirt Iehova le Maois dul ar ais go dtí Faró agus luaithreach a chaitheamh san aer. Déanadh dusta den luaithreach, líonadh an t-aer leis agus thit sé ar na hÉigiptigh. Bhris neascóidí pianmhara amach ar na hÉigiptigh agus ar a gcuid ainmhithe. Mar sin féin, níor lig Faró do na hIosraeilítigh imeacht.

Plánna na hÉigipte 4 go dtí 6: cuileoga móra, plá ar na hainmhithe, neascóidí

Chuir Iehova Maois ar ais go dtí Faró leis an teachtaireacht seo: ‘An bhfuil tú fós ag diúltú ligeann do mo dhaoine imeacht? Beidh clocha sneachta ann amárach.’ An lá arna mhárach, thosaigh stoirm thoirní agus clocha sneachta, díreach mar a dúirt Iehova. Níor facthas stoirm chomh dona leis san Éigipt riamh cheana. Scriosadh na glasraí agus na crainn i ngach áit, ach i dtír Ghoisin. Dúirt Faró: ‘Iarr ar Iehova stop a chur leis an stoirm! Ansin is féidir libh imeacht.’ Ach chomh luath is a stop na clocha sneachta agus an bháisteach, d’athraigh Faró a intinn.

Dúirt Maois ansin: ‘Na plandaí nach bhfuil scriosta ag na clocha sneachta, íosfaidh na lócaistí iad.’ D’ith na milliúin lócaiste gach rud a bhí fágtha sna páirceanna agus ar na crainn. D’impigh Faró: ‘Iarr ar Iehova na lócaistí a dhíbirt.’ Ach fiú nuair a fuair Iehova réidh leo, bhí Faró fós ceanndána.

Dúirt Iehova le Maois: ‘Sín amach do lámh i dtreo na spéire.’ Ar an bpointe boise, thit an dorchadas ar an tír. Ní raibh na hÉigiptigh in ann dada a fheiceáil ar feadh trí lá. Ach bhí solas ag na hIosraeilítigh ina gcuid tithe.

Plánna na hÉigipte 7 go dtí 9: clocha sneachta, lócaistí, dorchadas

Dúirt Faró le Maois: ‘Is féidir leat féin agus do dhaoine imeacht. Ach fágaigí bhur n-ainmhithe anseo.’ Dúirt Maois: ‘Caithfidh muid ár n-ainmhithe a thabhairt linn ionas go mbeidh muid in ann iad a ofráil mar íobairt dár nDia.’ Bhí Faró ar buile. ‘Gabh amach uaim!’ a scread sé. ‘Má fheicim arís thú maróidh mé thú.’

“Ansin aithneoidh sibh aon uair amháin eile an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine, idir an té a dhéanann seirbhís do Dhia agus an té nach ndéanann.”—Malaicí 3:18

Ceisteanna: Céard iad plánna 4 go dtí 9? Cén difríocht a bhí idir iad féin agus na chéad trí phlá?

Eaxodus 8:20–10:29

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn