SCÉAL 32
Na 10 Bplá
TAISPEÁINEANN gach pictíur anseo plá a chuir Iehobhah ar an Éigipt. Sa gcéad phictiúr feiceann tú Arón ag bualadh abhainn na Níle lena bhata. Nuair a rinne sé sin d’athraigh an t-uisce ina fhuil. Fuair na héisc bás agus bhí an abhainn bréan.
Ansin chuir Iehobhah ar na froganna teacht amach as abhainn na Níle. Bhí siad i ngach áit, fíu i leapacha na ndaoine. Nuair a cailleadh na froganna rinne na hÉigiptigh cárnáin mhóra díobh. Bhí an áit bréan acu.
Sa tríú plá bhuail Arón an talamh lena bhata agus déanadh corrmhíola den chré. Is feithidí beaga iad seo a eitlíonn agus a bhainfeadh greim asat.
Níor ghortaigh an chuid eile de na plánna ach na hÉigiptigh amháin. Ba plá de chileoga móra é an ceathrú ceann. Bhailigh siad i dtíthe na nÉigipteach. Sa gcúigiú plá fuair alán d’ainmhithe na nÉigipteach bás.
Ansin, thóg Maois agus Arón roinnt luaithreach agus chaith siad san aer é. Chuir sé seo drochchréachta ar na daoine agus ar na hainmhithe. Seo é an séú plá.
Chroch Maois a láimh san aer agus chuir Iehobhah an stoirm thoirnigh agus clocha sneachta ba mheasa a bhí san Éigipt riamh ar siúl.
Ba saithe mhór lócaistí a bhí san ochtú plá. Níor facthas oiread lócaistí roimhe ná ó shin. D’ith siad gach rud nár scrios an stoirm.
Ba dorchadas trí lá a bhí san naoú plá. Ach bhí solas ag na hIosraelítigh san áit a raibh siadsan ina gcónaí.
Faoi dheireadh, dúirt Dia lena phobal fuil gabhair nó caora óg a chuimilt ar na hursaineacha. Ansin chuaigh aingeal Dé thar an Éigipt. I ngach teach nach raibh aon fhuil ar na hursaineacha mharaigh sé an chéadghin daonna agus ainmhíoch sa teach sin. Seo é an deichiú plá.
Tar éis an phlá dheireanach seo, dúirt Faró leis na hIosraelítigh imeacht. Bhí pobal Dé réidh agus an oíche sin ghluais siad amach as an Éigipt.
Eaxodus Caibidil 7 go dtí 12.