Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • fg ceacht 15 ceisteanna 1-4
  • Cén Fáth ar Cheart Duit Leanúint Ort?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Fáth ar Cheart Duit Leanúint Ort?
  • Dea-scéala Ó Dhia!
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Teann sé Chun Tairbhe Dúinn a Bheith “i nGar Do Dhia”!
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2025
  • An Féidir Dlúthchairdeas a Chothú le Dia?
    Dea-scéala Ó Dhia!
  • Druid i gCóngar Iehova
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Céard a Chabhróidh Leat Leanúint Ort ag Staidéar an Bhíobla?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Tuilleadh
Dea-scéala Ó Dhia!
fg ceacht 15 ceisteanna 1-4

Ceacht 15

Cén Fáth ar Cheart Duit Leanúint Ort?

1. Cén mhaith a dhéanfaidh sé duit leanúint ort ag staidéar an Bhíobla?

Beirt bhan ag staidéar an Bhíobla le linn sos ag a n-áit oibre

Gan amhras neartaigh an achoimre seo ar theagasc bunúsach an Bhíobla do ghrá do Iehova. Ní mór an grá sin a chothú go leanúnach. (1 Peadar 2:2) Caithfidh tú leanúint ort ag cothú dlúthchairdis le Dia trí staidéar ar a Bhriathar más leat an bheatha shíoraí a bhaint amach.​—Léigh Eoin 17:3; Iúd  21.

Láidreoidh do chreideamh de réir mar a chuireann tú leis an eolas atá agat ar Dhia. Cabhróidh do chreideamh leat toil Dé a dhéanamh. (Eabhraigh 11:1, 6) Cuirfidh sé ar do chumas aithrí a dhéanadh agus athraithe fóinteacha a dhéanamh i do shaol.​—Léigh Gníomhartha 3:19.

2. Cén chaoi ar féidir le daoine eile tairbhe a bhaint as an eolas atá agatsa ar Dhia?

Bean ag guí chun Dé

Is féidir leat caidreamh speisialta a bheith agat le hIehova

Ar ndóigh, beidh fonn ort na rudaí atá foghlamtha agat a roinnt le daoine eile—is maith linn go léir dea-scéala a insint. Le linn duit a bheith ag staidéar an Bhíobla foghlaimeoidh tú leis an mBíobla a úsáid chun do chreideamh i Iehova agus sa dea-scéala a mhíniú.​—Léigh Rómhánaigh 10:13-15.

Is iondúil gur le cairde agus gaolta a roinneann daoine an dea-scéala ar dtús. Bí go deas tuisceanach. In ionad a bheith ag rá leo go bhfuil an reiligiún atá acu mícheart, inis dóibh faoi ghealltanais Dé. Is minic go mbíonn daoine níos tógtha leis an mbealach cineálta ina n-iompraíonn tú thú féin, ná leis na rudaí a deir tú.​—Léigh 2 Tiomóid 2:24, 25.

3. An féidir leatsa a bheith mór le Dia?

De réir mar a dhéanann tú staidéar ar Fhocal Dé beidh tú ag cur le do spioradáltacht. In am trátha, d’fhéadfá caidreamh speisialta a bheith agat le hIehova. Go fiú agus go nglacfaidh Iehova leat mar bhall dá theaghlach.​—Léigh 2 Corantaigh 6:18.

4. Cén chaoi ar féidir leat dul chun cinn a dhéanamh?

Is féidir leat dul chun cinn spioradálta a dhéanamh má choinníonn tú le dostaidéar ar Bhriathar Dé. (Eabhraigh 5:13, 14) Iarr ar dhuine d’Fhinnéithe Iehova staidéar a dhéanamh ar an mBíobla leat ag úsáid an leabhair Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla? Dá mhéad a fhoghlaimíonn tú ó Bhriathar Dé, is ea is fearr a éireoidh leat sa saol.​—Léigh Salm 1:1-3; 73:27, 28.

Finnéithe Iehova ag tairiscint cúrsa staidéir ar an mBíobla

Tagann an dea-scéala ó Iehova, an Dia sonasach. Is féidir leat dlúthchairdeas a chothú leis trí dhlúthchairdeas a chothú lena phobal. (Eabhraigh 10:24, 25) Má leanann tú ort le d’iarrachtaí chun Iehova a shásamh gheobhaidh tú greim ar an mbeatha shíoraí. Cinnte, níl rud níos fearr le déanamh ná dlúthchairdeas a chothú le Dia.​—Léigh 1 Tiomóid 1:11; 6:19.

Le haghaidh breis eolais, féach ar chaibidil 18 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn