Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 17 lth. 46-lth. 47 alt 2
  • Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Sábháiltear Maois
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Droch-rí san Éigipt
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • An Chúis gur Theith Maois
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Fuasclaíonn Dia Sliocht Iosrael
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 17 lth. 46-lth. 47 alt 2
Faigheann iníon Fharó an leanbh Maois, agus Miriám ag faire in aice láimhe

CEACHT 17

Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh

Is Iosraeilítigh a tugadh ar chlann Iacób san Éigipt. Tar éis d’Iacób agus d’Iósaef bás a fháil, thosaigh Faró nua ag rialú. Bhí faitíos air go raibh na hIosraeilítigh ag éirí níos cumhachtaí ná na hÉigiptigh. Mar sin rinne sé sclábhaithe de na hIosraeilítigh. Chuir sé iallach orthu oibriú go crua ag déanamh brící. Ach dá mhéad brú a chuir na hÉigiptigh orthu, is ea ba mhó a mhéadaigh líon na nIosraeilíteach. Níor thaitin sé sin le Faró, agus d’ordaigh sé na buachaillí nuabheirthe Iosraeilíteacha a mharú. Meas tú an raibh eagla ar na hIosraeilítigh?

Rugadh buachaillín beag álainn do bhean Iosraeilíteach darbh ainm Iócabad. Chun é a chosaint, chuir sí i gcléibhín é agus chuir sí i bhfolach sa bhféar fada é ar bhruach abhainn na Níle. D’fhan Miriám, deirfiúr an linbh, in aice láimhe go bhfeicfeadh sí céard a tharlódh.

Tháinig iníon Fharó chun í féin a fholcadh san abhainn agus chonaic sí an cléibhín. Bhreathnaigh sí isteach ann, agus chonaic sí an leanbh ag caoineadh agus bhí trua aici dó. D’fhiafraigh Miriám: ‘An bhfuil tú ag iarraidh orm bean a fháil duit chun an leanbh a chothú?’ ‘Táim,’ a dúirt sí. Ansin d’imigh Miriám agus fuair sí a máthair féin, Iócabad. Dúirt iníon Fharó léi: ‘Tóg leat an leanbh seo agus tabhair aire dó, agus íocfaidh mise as.’

Teitheann Maois

Nuair a bhí an leanbh níos sine, thug Iócabad go dtí iníon Fharó é agus bhí sé mar mhac aici. Bhí saol an phrionsa ag Maois agus d’fhéadfadh sé a rogha rud a bheith aige. Ach ní dhearna Maois dearmad riamh ar Iehova. Bhí a fhios aige go maith nárbh Éigipteach é, ach Iosraeilíteach. Roghnaigh sé seirbhís a thabhairt d’Iehova.

Nuair a bhí Maois 40 bliain d’aois, bheartaigh sé cúnamh a thabhairt dá dhaoine. Nuair a chonaic sé Éigipteach ag bualadh sclábhaí Iosraeilíteach, bhuail sé an tÉigipteach agus mharaigh sé é. Chuir Maois an corp i bhfolach sa ngaineamh. Nuair a fuair Faró amach faoi, rinne sé iarracht Maois a mharú. Ach theith Maois go dtí tír Mhidián. Thug Iehova aire dó i Midián.

“Trí chreideamh níor thoil le Maois . . . go dtabharfaí mac iníon Fharó air. Óir b’fhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé.”—Eabhraigh 11:24, 25

Ceisteanna: Cén chaoi ar caitheadh leis na hIosraeilítigh san Éigipt? Cén fáth ar theith Maois ón Éigipt?

Geineasas 49:33; Eaxodus 1:1-14, 22; 2:1-15; Gníomhartha 7:17-29; Eabhraigh 11:23-27

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn