Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 47 lth. 114-lth. 115 alt 3
  • Tugann Iehova Misneach d’Éilias

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tugann Iehova Misneach d’Éilias
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An mBíonn Uaigneas nó Faitíos Ort Riamh?
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Teist ar Shliabh Chairmeil
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 47 lth. 114-lth. 115 alt 3
Seasann Éilias taobh amuigh de phluais agus éisteann sé le haingeal Iehova

CEACHT 47

Tugann Iehova Misneach d’Éilias

Nuair a chuala Ízeibil faoin rud a tharla d’fháithe Bháil bhí sí ar buile. Chuir sí teachtaireacht chuig Éilias: ‘Beidh tú féin mín marbh amárach cosúil le fáithe Bháil.’ Bhuail eagla Éilias agus as go brách leis isteach sa bhfásach. Ghuigh sé: ‘A Iehova, níl mé in ann aige seo níos mó. Lig dom bás a fháil.’ Bhí Éilias maraithe tuirseach, agus thit sé ina chodladh faoi chrann.

Dhúisigh aingeal é agus dúirt sé go deas leis: ‘Éirigh agus ith.’ Chonaic Éilias arán agus crúsca uisce. D’ith sé agus d’ól sé agus chuaigh sé ar ais a chodladh. Dhúisigh an t-aingeal arís é agus dúirt: ‘Ith. Neartóidh sé thú i gcomhair do thurais.’ D’ith Éilias tuilleadh. Ansin thaistil sé ar feadh 40 lá agus 40 oíche go dtáinig sé go dtí Sliabh Horaeb. Chuaigh Éilias isteach i bpluais ansin agus chuaigh sé a chodladh. Ach labhair Iehova leis. Dúirt sé: ‘Céard atá tú a dhéanamh anseo Éilias?’ Dúirt Éilias: ‘Tá droim láimhe tugtha ag na hIosraeilítigh duit. Tá do chuid altóirí scriosta acu, agus do chuid fáithe maraithe acu. Agus tá siad ag iarraidh mise a mharú freisin.’

Dúirt Iehova leis: ‘Téigh agus seas ar an sliabh.’ Ar dtús, chuaigh siota gaoithe láidir thar an bpluais. Ina dhiaidh sin tharla crith talún, agus ansin tháinig tine. Ar deireadh, chuala Éilias guth ciúin réidh. Chlúdaigh sé a éadan lena chóta agus sheas sé taobh amuigh den phluais. Ansin d’fhiafraigh Iehova de cén fáth ar theith sé. D’fhreagair Éilias: ‘Níl fágtha ach mé.’ Ach dúirt Iehova leis: ‘Níl tú asat féin. Tá 7,000 in Iosrael atá fós do m’adhradh. Téigh agus déan fáithe d’Eilíseá i d’áit.’ D’imigh Éilias agus rinne sé mar a d’ordaigh Iehova dó. Meas tú nach dtabharfaidh Iehova cúnamh duitse freisin, má dhéanann tú an rud a iarrann sé ort? Cinnte tabharfaidh. Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile faoi eachtra a tharla nuair a bhí an triomach ann.

“Ná bígí imníoch faoi rud ar bith; ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.”—Filipigh 4:6

Ceisteanna: Cén fáth ar theith Éilias? Céard a dúirt Iehova le hÉilias?

1 Ríthe 19:1-18; Rómhánaigh 11:2-4

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn