Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 48 lth. 116-lth. 117 alt 1
  • Tógtar Mac Baintrí ó na Mairbh

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tógtar Mac Baintrí ó na Mairbh
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An mBíonn Uaigneas nó Faitíos Ort Riamh?
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Tugann Iehova Misneach d’Éilias
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 48 lth. 116-lth. 117 alt 1
Glaonn Éilias ar bhaintreach atá ag bailiú brosna le haghaidh na tine

CEACHT 48

Tógtar Mac Baintrí ó Mhairbh

Crúsca plúir agus crúsca ola

Dúirt Iehova le hÉilias le linn an triomaigh: ‘Téigh go dtí Zárafat. Tá baintreach ansin agus tabharfaidh sí bia duit.’ Chonaic Éilias baintreach bhocht ag geata na cathrach agus í ag bailiú brosna. D’iarr sé cupán uisce uirthi. Nuair a bhí sí ar tí imeacht, ghlaoigh sé uirthi agus dúirt: ‘Tabhair píosa aráin freisin chugam, más é do thoil é.’ Ach dúirt an bhaintreach: ‘Níl aon arán agam le tabhairt duit. Níl agam ach mo dhóthain plúir agus ola le harán a dhéanamh dom féin agus do mo mhac.’ Dúirt Éilias ansin léi: ‘Geallann Iehova má dhéanann tú arán domsa, nach mbeidh easpa plúir ná ola ort go dtiocfaidh an bháisteach arís.’

Chuaigh an bhaintreach abhaile, rinne sí an t-arán agus thug sí d’Éilias é. Ní raibh aon easpa bia uirthi féin ná ar a mac le linn an triomaigh. Bhí an crúsca plúir agus an crúsca ola lán i gcónaí, díreach mar a gheall Iehova.

Ansin tharla tragóid. Bhuail tinneas mac na baintrí agus fuair sé bás. D’impigh an bhaintreach ar Éilias cabhrú léi. Thóg Éilias an buachaill as a hucht agus d’iompar sé suas an staighre é. Leag sé síos ar an leaba é agus ghuigh sé: ‘A Iehova, más é do thoil é, tabhair a bheatha ar ais don bhuachaill seo.’ B’iontach an rud a d’iarr sé, mar chomh fada is atá a fhios againn, níor thóg Iehova aon duine ó na mairbh riamh roimhe sin. Agus chomh maith leis sin, níorbh Iosraeilítigh iad an bhaintreach agus a mac.

Tháinig a bheatha ar ais arís sa mbuachaill agus thosaigh sé ag tarraingt anála! Dúirt Éilias leis an mbaintreach: ‘Féach! Tá do mhac beo.’ Bhí an-ríméad uirthi agus dúirt sí le hÉilias: ‘Tá a fhios agam anois gur tú fáidh Dé. De bhrí nach dtagann focal as do bhéal ach an méid a thugann Iehova duit le rá.’

Tugann Éilias a mac ar ais don bhaintreach tar éis é a thógáil ó na mairbh

“Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná an éanlaith?”—Lúcás 12:24

Ceisteanna: Cén chaoi ar léirigh baintreach Zárafat go raibh muinín aici as Iehova? Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gurbh fhíor-fháidh de chuid Iehova é Éilias?

1 Ríthe 17:8-24; Lúcás 4:25, 26

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn