Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 69 lth. 164-lth. 165 alt 2
  • Cuairt Ghaibriéil ar Mhuire

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cuairt Ghaibriéil ar Mhuire
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Cuairt Aingil ar Mhuire
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 69 lth. 164-lth. 165 alt 2
Tagann an t-aingeal Gaibriéil i láthair Mhuire

CEACHT 69

Cuairt Ghaibriéil ar Mhuire

Tagann aingeal go dtí Iósaef i mbrionglóid

Bhí bean óg darbh ainm Muire, bean gaoil le hEiliosaibeit, ina cónaí i gcathair Nazarat sa nGailíl. Bhí Muire geallta le siúinéir darbh ainm Iósaef. Nuair a bhí Eiliosaibeit sé mhí ag iompar clainne, tháinig an t-aingeal Gaibriéil go dtí Muire. Dúirt sé léi: ‘Mora duit, a Mhuire. Tá gean ag Iehova ort.’ Níor thuig sí céard a bhí i gceist ag Gaibriéil. Ansin dúirt sé léi: ‘Beidh tú torrach agus saolófar mac duit, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Rialóidh sé mar Rí. Ní bheidh deireadh go deo lena Ríocht.’

Dúirt Muire: ‘Ach is maighdean mé. Cén chaoi a bhféadfainn leanbh a bheith agam?’ Dúirt Gaibriéil: ‘Níl ní ar bith dodhéanta ag Iehova. Tiocfaidh tú faoi thionchar an spioraid naoimh agus beidh mac agat. Tá do bhean gaoil, Eiliosaibeit, ag iompar clainne chomh maith.’ Ansin dúirt Muire: ‘Is mise banóglach Iehova. Go ndéantar liom díreach mar a dúirt tú.’

Pósann Iósaef Muire

Thug Muire cuairt ar Eiliosaibeit i gcathair sna cnoic. Nuair a bheannaigh Muire di, léim an leanbh i mbroinn Eiliosaibeit. Dúirt Eiliosaibeit faoi thionchar an spioraid naoimh: ‘Tá beannacht Iehova ort, a Mhuire. Is mór agam máthair mo thiarna a bheith i mo theach.’ Dúirt Muire: ‘Tugaim glóir d’Iehova ó mo chroí go hiomlán.’ D’fhan Muire in éineacht le hEiliosaibeit ar feadh trí mhí, agus ansin chuaigh sí abhaile go Nazarat.

Nuair a fuair Iósaef amach go raibh Muire ag iompar clainne, ní raibh sé ag iarraidh í a phósadh. Ach tháinig aingeal chuige i mbrionglóid agus dúirt: ‘Ná bíodh eagla ort Muire a phósadh. Níl dada déanta as bealach aici.’ Ansin phós Iósaef Muire agus thug sé abhaile leis í.

“Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh.”—Salm 135:6

Ceisteanna: Céard a dúirt Gaibriéil le Muire faoina mac? Cén chaoi ar mhothaigh Eiliosaibeit agus Muire faoi na rudaí a tharla dóibh?

Matha 1:18-23, 1:24a, 24b (1:24, 25 i mBíoblaí eile); Lúcás 1:26-56; Íseáia 7:14; 9:6 (9:7 i mBíoblaí eile); Dainéil 2:44; Galataigh 4:4

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn