Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 70 lth. 166-lth. 167 alt 2
  • Fógraíonn na hAingil Breith Íosa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Fógraíonn na hAingil Breith Íosa
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Beirtear Íosa sa Stábla
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 70 lth. 166-lth. 167 alt 2
Insíonn aingil do na haoirí faoi bhreith Íosa

CEACHT 70

Fógraíonn na hAingil Breith Íosa

D’ordaigh Céasar Agust, Impire na Róimhe, do na Giúdaigh filleadh ar a mbailte dúchais chun a bheith cláraithe. Mar sin, chuaigh Iósaef agus Muire go Beithil, an áit arbh as teaghlach Iósaef. Bhí Muire beagnach réidh le haghaidh an leanbh a thabhairt ar an saol.

Nuair a tháinig siad go Beithil, ní raibh siad in ann aon lóistín a fháil seachas stábla. Ba ansin a saolaíodh Íosa. Chas Muire éadach bog air agus leag sí i mainséar é.

Bhí roinnt aoirí in aice le Beithil a bhí ag caitheamh na hoíche taobh amuigh, ag fosaíocht a dtréada. Go tobann, sheas aingeal os a gcomhair agus shoilsigh glóir Iehova ina dtimpeall. Bhí eagla ar na haoirí, ach dúirt an t-aingeal: ‘Ná bíodh eagla oraibh. Tá scéal iontach agam. Rugadh an Meisias inniu i mBeithil.’ Ag an bpointe sin bhí go leor aingil le feiceáil sa spéir agus iad ag rá: ‘Glóir do Dhia ar neamh, agus síocháin ar an talamh.’ Ansin d’imigh na haingil as a n-amharc. Céard a rinne na haoirí?

Dúirt na haoirí lena chéile: ‘Rachaidh muid go Beithil anois díreach.’ D’imigh siad leo agus fuair siad Iósaef agus Muire agus an leanbh nuabheirthe sa stábla.

Bhí an-iontas ar gach duine a chuala faoin méid a dúirt na haingil leis na haoirí. Rinne Muire machnamh domhain ar an méid a dúirt an t-aingeal, agus choinnigh sí ina croí é. Chuaigh na haoirí ar ais go dtína dtréada agus iad ag glacadh buíochais le hIehova faoin méid a chuala siad agus a chonaic siad.

“Is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.”—Eoin 8:42

Ceisteanna: Cén chaoi ar fhógair na haingil breith Íosa? Cé a bhí sa stábla i mBeithil?

Lúcás 2:1-20; Íseáia 9:5 (9:6 i mBíoblaí eile)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn