Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 85
  • Beirtear Íosa sa Stábla

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Beirtear Íosa sa Stábla
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Fógraíonn na hAingil Breith Íosa
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Bhí Íosa Umhal i gCónaí
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Cuairt Aingil ar Mhuire
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 85

SCÉAL 85

Beirtear Íosa sa Stábla

CÉ HÉ an páiste beag seo? Sea, Íosa atá ann. Tá sé díreach beirthe, i stábla. Coinnítear ainmhithe i stábla. Tá Muire ag leagann Íosa sa máinséar, áit a gcoinnítear bia d’asail agus ainmhithe eile. Ach cén fáth go bhfuil Muire agus Seosamh anseo leis na hainmhithe? Ní áit é seo chun páiste a bhreith, an ea?

Ní hea. Tá siad anseo mar go ndearna rialtóir na Róimhe, Caesar Agustus, dlí go gcaithfeadh gach duine filleadh ar an gcathair inar rugadh é chun a ainm a scríobh i leabhar. Bhuel, rugadh Seosamh i mBétlehem. Ach nuair a thagann sé féin agus Muire, níl seomra in aon áit dóibh. Mar sin bíonn orthu teacht isteach anseo leis na hainmhithe. Ar an lá céanna seo rug Muire Íosa. Ach, mar a fheiceann tú, tá sé ceart go leor.

Tá na haoirí ag teacht chun Íosa a fheiceáil. Bhí siad sna páirceanna san oíche ag tabhairt aire dá gcaoire, agus scal solas geal timpeall orthu. Aingeal a bhí ann! Bhí eagla ar na haoirí. Ach dúirt an t-aingeal: ‘Ná bíodh eagla oraibh! Tá deá-scéala agam daoibh. Inniu, i mBétlehem, rugadh Críost an Tiarna. Sábhálfaidh sé na daoine! Gheobhaidh sibh é casta in éadach ina luí i máinséar.’ Go tobann tháinig a lán aingle agus thosaigh siad ag moladh Dé. Láithreach d’imigh na haoirí ag tóraíocht Íosa, agus anois tá sé fáighte acu.

Is duine speisialta é Íosa. An bhfuil fhios agat cé hé féin i ndáiríre? Sa gcéad scéal den leabhar seo d’inis muid faoi chéad Mhac Dé. D’oibrigh an mac seo in éineacht le Iehobhah ag déanamh neamh agus talamh agus gach ní eile. Bhuel, sin é Íosa!

Sea, thóg Iehobhah beatha a mhic as na flaithis agus chuir sé isteach i Muire é. Ansin thosaigh páiste ag fás inti díreach mar a fhásann páistí eile taobh istigh dá máithreacha. Ach ba Mac Dé é an páiste seo. Faoi dheireadh rugadh Íosa anseo i stábla i mBétlehem. An bhfeiceann tú anois an fáth go raibh na haingle chomh ríméadach faoi a bheith in ann inseacht do na daoine go raibh Íosa beirthe?

Lúcás 2:1-20.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn