Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 10 leathanaigh 22-23
  • Bhí Íosa Umhal i gCónaí

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Bhí Íosa Umhal i gCónaí
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Buachaill Íosa
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 10 leathanaigh 22-23
Fuair Iósaef  agus Muire Íosa ag an teampall

CEACHT 10

Bhí Íosa Umhal i gCónaí

An bhfuil sé éasca a bheith umhal do do thuismitheoirí i gcónaí?— Bíonn sé deacair amanna. An raibh a fhios agat go raibh Íosa umhal do Iehova agus dá thuismitheoirí araon?— Is féidir lena dhea-shampla cabhrú leatsa a bheith umhal do do thuismitheoirí fiú nuair nach mbíonn sé éasca. Gheobhaimid amach cén fáth.

Sula raibh Íosa ar an talamh, bhí sé lena Athair, Iehova, ar neamh. Ach bhí tuismitheoirí ag Íosa anseo ar an talamh freisin. Iósaef agus Muire na hainmneacha a bhí orthu. An bhfuil a fhios agat cén chaoi ar tharla sé go raibh siadsan ina dtuismitheoirí aige?—

D’aistrigh Iehova beatha Íosa ó neamh go dtí broinn Mhuire ionas go saolófaí ar an talamh é agus go mbeadh ar a chumas maireachtáil air. Ba mhíorúilt é sin! D‘fhás Íosa i mbroinn Mhuire díreach mar a fhásann aon leanbh i mbroinn a mháthar. Rugadh Íosa thart ar naoi mí ina dhiaidh sin. Sin é an chaoi ar tharla sé go raibh Muire agus a fear céile, Iósaef, mar thuismitheoirí ag Íosa anseo ar an talamh.

Nuair nach raibh Íosa ach 12 bhliain déag d’aois, rinne sé rud a thaispeáin cé chomh mór is a bhí a ghrá dá athair, Iehova. Tharla sé seo nuair a rinne Íosa agus a theaghlach turas fada go hIarúsailéim le haghaidh Cháisc na nGiúdach. Ar a mbealach abhaile, ní raibh Iósaef agus Muire in ann Íosa a fháil in áit ar bith. An bhfuil a fhios agat cá raibh sé?—

Cén fáth a raibh Íosa ag an teampall?

D’fhill Iósaef agus Muire faoi dheifir ar Iarúsailéim agus chuardaigh siad i ngach áit ar thóir Íosa. Bhí an-imní orthu nuair nach raibh sé le fáil. Ach tar éis trí lá, fuair siad sa teampall é! An bhfuil a fhios agat cén fáth a raibh Íosa ag an teampall?— Mar is ansin a bheadh sé in ann a bheith ag foghlaim faoina Athair, Iehova. Bhí grá aige do Iehova agus ba mhian leis foghlaim lena shásamh. Fiú nuair a d’fhás sé ina fhear, bhí Íosa umhal do Iehova i gcónaí. Bhí Íosa umhal nuair a bhí sé seo deacair aige, agus fiú nuair a bhí air fulaingt. An raibh Íosa umhal do Iósaef agus do Mhuire freisin?— Bhí, tugann an Bíobla le fios go raibh.

Céard atá le foghlaim agatsa ó dhea-shampla Íosa?— Ní mór duit a bheith umhal do do thuismitheoirí, fiú nuair a bhíonn sé deacair. An ndéanfaidh tú é sin?—

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • Lúcás 1:30-35; 2:45-52

  • Eifisigh 6:1

  • Eabhraigh 5:8

CEISTEANNA:

  • Cén chaoi ar tharla sé go raibh Iósaef agus Muire mar thuismitheoirí ag Íosa anseo ar an talamh?

  • Nuair a bhí tuismitheoirí Íosa á chuardach in Iarúsailéim, cén áit a bhfuair siad é?

  • Céard atá le foghlaim agatsa ó dhea-shampla Íosa?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn