Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 72 lth. 170-lth. 171 alt 2
  • An Buachaill Íosa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Buachaill Íosa
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Íosa Óg sa Teampall
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Bhí Íosa Umhal i gCónaí
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 72 lth. 170-lth. 171 alt 2
Íosa nuair a bhí sé 12 bhliain ina shuí i measc na múinteoirí sa teampall

CEACHT 72

An Buachaill Íosa

Bhí Iósaef agus Muire ina gcónaí i Nazarat in éineacht le hÍosa agus a chuid deirfiúracha agus a chuid deartháireacha. Bhíodh Iósaef ag obair mar shiúinéir, agus bhíodh sé ag múineadh dá chlann i dtaobh Iehova agus a Dhlí. Théadh an chlann go dtí an tsionagóg go rialta, agus théidís go hIarúsailéim gach bliain chun Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh.

Nuair a bhí Íosa 12 bhliain d’aois, chuaigh a chlann ar an turas fada go hIarúsailéim mar ba ghnáth leo. Bhí an chathair plódaithe le daoine a bhí tagtha le haghaidh Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh. Nuair a bhí Iósaef agus Muire ar an mbealach abhaile, cheap siad go raibh Íosa i measc an chomhluadair. Ach nuair a chuaigh siad sa tóir air i measc a ngaolta ní raibh siad in ann é a fháil.

Mar sin d’fhill siad ar Iarúsailéim, agus chaith siad trí lá á chuardach. Sa deireadh, chuaigh siad go dtí an teampall. Bhí Íosa ansin, ina shuí i measc na múinteoirí, ag éisteacht go cúramach agus ag cur ceisteanna orthu. Chuaigh sé i gcion chomh mór sin ar na múinteoirí gur thosaigh siadsan ag cur ceisteanna ar Íosa. Chuir a chuid freagraí iontas orthu. Ba léir dóibh go raibh tuiscint aige ar Dhlí Iehova.

Bhí an-imní ar Iósaef agus ar Mhuire. Dúirt Muire: ‘A mhic, bhí muid ar do thóir i ngach áit. Cá raibh tú?’ Dúirt Íosa: ‘Nach raibh a fhios agaibh go raibh orm a bheith anseo i dteach m’athar?’

Chuaigh Íosa abhaile lena thuismitheoirí go Nazarat. Mhúin Iósaef ceird na siúinéireachta d’Íosa. Meas tú cén sórt duine a bhí in Íosa nuair a bhí sé ina fhear óg? De réir mar a bhí sé ag dul in aois, mhéadaigh ar eagna Íosa agus ar an ngnaoi a bhí ag Dia agus ag daoine air.

Iósaef agus Muire ina suí ag an mbord agus Íosa agus cuid dá chuid deartháireacha agus dá chuid deirfiúracha in éineacht leo

“A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.”—Salm 40:9 (40:8 i mBíoblaí eile)

Ceisteanna: Cá raibh Íosa nuair a bhí Iósaef agus Muire á chuardach? Cén fáth a raibh Íosa sa teampall?

Matha 13:55, 56; Marcas 6:3; Lúcás 2:40-52; 4:16; Deotranaimí 16:15, 16

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn