Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 87
  • Íosa Óg sa Teampall

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Íosa Óg sa Teampall
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Buachaill Íosa
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Bhí Íosa Umhal i gCónaí
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 87

SCÉAL 87

Íosa Óg sa Teampall

FÉACH ar an mbuachaill óg ag caint leis na seanóirí seo. Is múinteoirí iad i dteampall Dé i Iarusailéim. Agus is é Íosa an buachaill. Tá sé dhá bhliain déag d’aois anois.

Tá íontas ar na múinteoirí go bhfuil fhios ag Íosa an méid sin faoi Dhia agus faoin mBíobla. Ach cén fáth nach bhfuil Muire agus Seosamh anseo freisin? Cá bhfuil siad? Fáighimis amach.

Gach bliain tugann Seosamh a chlann ar an turas fada ó Naz’arat go Iarusailéim le haghaidh an ceiliúradh speisialta ar a dtugtar an Cháisc. Ní raibh carr ná traein acu san am sin. Siúlann an chuid is mó de na daoine, agus tógann sé timpeall trí lá orthu Iarusailéim a shroichint.

Tá clann mhór ag Seosamh. Mar sin teastaíonn aire ó dheartháireacha agus deirfiúracha óga Íosa. Nuair a bhíonn Seosamh agus a chlann ar an mbealach abhaile go Naz’arat ceapann siad go bhfuil Íosa in éineacht le cuid de na daoine eile atá ag taisteal leo. Ach nuair a stopann siad ag deireadh an lae, níl Íosa le fáil. Cuireann siad tuairisc i measc a ngaolta agus a gcáirde ach níl sé leosan. Mar sin filleann siad ar Iarusailéim.

Faoi dheireadh fáigheann siad Íosa anseo ag éisteacht leis na múinteoirí agus á gceistiú. Tá an-íontas ar na daoine faoi chomh críonna is atá Íosa. Ach deireann Muire: ‘A mhic, cén fáth go ndearna tú é seo? Bhí an-imní ar d’athair agus orm féin.’

‘Cén fáth go raibh oraibh mé a lorg?’ freagraíonn Íosa. ‘Nach raibh fhios agaibh go raibh orm a bheith i dteach m’Athar?’

Is breá le Íosa a bheith san áit ar féidir leis foglaim faoi Dhia. Sa mbaile i Naz’arat, théadh Íosa ag cruinnithe chun Dia a adhradh gach seachtain. Mar go raibh sé áirdeallach i gcónaí, d’fhoghlaim sé a lán ón mBíobla. Bíodh muide mar Íosa agus leanaimis a shampla.

Lúcás 2:41-52; Matha 13:53-56.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn