Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lvs caibidil 17 leathanaigh 226-237
  • Cumhdaigh Thú Féin i nGrá Dé

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cumhdaigh Thú Féin i nGrá Dé
  • Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • LEAN ORT AG NEARTÚ DO CHREIDEAMH
  • “BÍGÍ FÁSTA SUAS Ó THAOBH AN MHEOIN DE”
  • DÍRIGH AR DO DHÓCHAS
  • Druid i gCóngar Iehova
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • “Ná Tugaimis Faoin mBunsraith a Chur Síos Arís”
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2024
  • Maireann Grá Dé go Deo
    Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
lvs caibidil 17 leathanaigh 226-237
Teaghlaigh le chéile i bParthas

CAIBIDIL 17

Cumhdaigh Thú Féin i nGrá Dé

“Déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh; . . . agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé.”—IÚD 20, 21.

1, 2. Céard is féidir linn a dhéanamh chun muid féin a chumhdach i ngrá Dé?

IS MIAN linn go léir a bheith i mbarr na sláinte. Mar sin déanann muid iarracht bia folláin a ithe, aclaíocht a dhéanamh go rialta, agus aire a thabhairt dúinn féin. Bíonn muid sásta nuair a fheiceann muid an toradh, rud a spreagann muid chun leanúint orainn. Ach ní mór dúinn a bheith sláintiúil ar bhealaí eile freisin.

2 Cé go bhfuil tús maith déanta againn ag cur aithne ar Iehova, ní mór dúinn ár gcaidreamh leis a dhaingniú. Nuair a dúirt Iúd le Críostaithe, “Cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé,” mhínigh sé dóibh cén chaoi a bhféadfaidís é seo a dhéanamh. Dúirt sé leo: “Déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh.” (Iúd 20, 21) Mar sin, cén chaoi ar féidir linne creideamh láidir a chothú?

LEAN ORT AG NEARTÚ DO CHREIDEAMH

3-5. (a) Céard atá Sátan ag iarraidh go gceapfá faoi chaighdeáin Iehova? (b) Cén chaoi a mothaíonn tusa faoi dhlíthe agus phrionsabail Iehova?

3 Tá sé tábhachtach go gcreidfeá gurb iad bealaí Iehova is fearr. Ba mhaith le Sátan go gcreidfeá go bhfuil sé ródheacair maireachtáil de réir chaighdeáin Dé agus go mbeadh tú níos fearr as dá roghnófá duit féin an rud atá ceart agus mícheart. Tá Sátan á dhéanamh sin ó d’éirigh an duine amach in aghaidh Dé. (Geineasas 3:1-6) Tá sé á dhéanamh sin fós inniu.

4 An bhfuil an ceart ag Sátan? An bhfuil caighdeáin Iehova ródheacair? Níl. Chun é sin a léiriú, samhlaigh go bhfuil tú ag siúl i bpáirc álainn. Tugann tú faoi deara go bhfuil fál ard thart ar cheantar áirithe. B’fhéidir go bhfiafrófá díot féin, ‘Cén fáth a bhfuil an fál seo sa mbealach orm?’ Ach ansin cloiseann tú leon ag búiríl ar an taobh eile den fhál. Cén chaoi a mothaíonn tú faoin bhfál anois? Tá tú buíoch—murach é bheifeá ite ag an leon! Tá prionsabail Iehova cosúil leis an bhfál sin agus tá an Diabhal cosúil leis an leon. Tugann Briathar Dé foláireamh dúinn: “Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n-áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.”—1 Peadar 5:8.

5 Is mian le hIehova go mbeadh saol chomh maith agus is féidir againn. Níl sé ag iarraidh go gcuirfeadh Sátan an dallamullóg orainn. Mar sin, thug sé dlíthe agus prionsabail dúinn chun muid a chosaint ionas go mbainfeadh muid sult as an saol. (Eifisigh 6:11) Dúirt Séamas: “Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, . . . beidh sé sona ina chuid oibre.”—Séamas 1:25.

6. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gurb iad bealaí Iehova is fearr?

6 Nuair a leanann muid treoir Iehova, tagann feabhas ar ár saol agus ar ár gcaidreamh leis. Mar shampla, téann sé chun tairbhe dúinn nuair a ghuíonn muid chuige go minic. (Matha 6:5-8; 1 Teasalónaigh 5:17) D’ordaigh Iehova dúinn an dea-scéal a chraobhscaoileadh, teacht le chéile chun é a adhradh agus chun a chéile a spreagadh, agus is cúis áthais dúinn é sin a dhéanamh. (Matha 28:19, 20; Galataigh 6:2; Eabhraigh 10:24, 25) Nuair a smaoiníonn muid ar an gcaoi a gcabhraíonn na nithe seo linn, bíonn muid cinnte de gurb iad bealaí Iehova is fearr.

7, 8. Céard a chabhróidh linn gan a bheith ag déanamh imní faoi thrialacha a d’fhéadfadh a theacht orainn amach anseo?

7 D’fhéadfadh muid a bheith ag déanamh imní go dtiocfaidh trialacha orainn amach anseo mar gheall ar ár gcreideamh. Má mhothaíonn tusa mar sin, smaoinigh ar an méid a bhí le rá ag Iehova: “Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit. Och, dá mba gur thug tú aire do m’aitheanta! Ar nós abhann is ea a bheadh do shonas agus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!”—Íseáia 48:17, 18.

Tonnta na farraige

8 Nuair a bhíonn muid umhal d’Iehova, bíonn ár suaimhneas cosúil le habhainn nach dtriomaíonn choíche, agus bíonn ár bhfíréantacht ar nós tonnta na farraige a bhíonn go síoraí ag tuile agus ag trá. Is cuma céard a tharlóidh inár saol, is féidir linn a bheith dílis. Geallann an Bíobla: “Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.”—Salm 55:23 (55:22 i mBíoblaí eile).

“BÍGÍ FÁSTA SUAS Ó THAOBH AN MHEOIN DE”

9, 10. Céard a chiallaíonn sé a bheith “fásta suas ó thaobh an mheoin de”?

9 De réir mar a neartaíonn tú do chaidreamh le hIehova, beidh tú ag fás suas, nó ag teacht in aibíocht, ó thaobh do mheoin de. (1 Corantaigh 14:20) Céard a chiallaíonn sé a bheith “fásta suas ó thaobh an mheoin de.”

10 Ní hionann a bheith fásta suas agus a bheith aibí go spioradálta. Faigheann muid aibí go spioradálta nuair a chothaíonn muid dlúthchairdeas le hIehova agus nuair a ghlacann muid chugainn féin an dearcadh céanna is atá aigesean. (Eoin 4:23) Dúirt Pól: “Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n-aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n-airdsean.” (Rómhánaigh 8:5) Ní thugann duine atá aibí tús áite don phléisiúr nó do mhaoin shaolta. Tugann sé tús áite do sheirbhís Iehova agus déanann sé roghanna ciallmhara. (Seanfhocail 27:11; léigh Séamas 1:2, 3.) Ní ligeann sé do rud ar bith drochthionchar a bheith aige air. Tá a fhios aige céard atá ceart agus tá sé diongbháilte é a dhéanamh.

11, 12. (a) Cén fáth a ndúirt Pól go dteastaíonn aigne an Chríostaí a oiliúint? (b) Cé na cosúlachtaí atá idir Críostaí aibí agus lúthchleasaí?

11 Tá obair i gceist le haibíocht spioradálta a chothú. Dúirt an t-aspal Pól: “Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n-aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.” (Eabhraigh 5:14) D’fhéadfadh an focal “oilte” an traenáil a chuirtear ar lúthchleasaí a thabhairt chun cuimhne.

12 Nuair a fheiceann muid lúthchleasaí oilte ag dul ó neart go neart, bíonn a fhios againn gur le ham agus le hoiliúint a chuir sé barr feabhais ar a chuid scileanna. Níor rugadh ina lúthchleasaí é. Nuair a shaolaítear leanbh, ní bhíonn a fhios aige lena chuid lámha agus a chosa a úsáid. Ach tar éis tamaill, foghlaimíonn sé le greim a fháil ar rudaí agus le siúl. Má chuirtear oiliúint air is féidir leis a bheith ina lúthchleasaí. Ar an gcaoi chéanna, tógann sé am muidne a oiliúint chun go mbeidh muid inár gCríostaithe aibí.

13. Céard a chabhróidh linn an dearcadh céanna a bheith againn is atá ag Iehova?

13 Sa bhfoilseachán seo, rinne muid scrúdú ar an gcaoi a bhféadfadh muid dearcadh Iehova a bheith againn. D’fhoghlaim muid le meas a bheith againn ar chaighdeáin Iehova. Sula ndéanann muid cinntí, fiafraíonn muid dínn féin: ‘Céard iad na dlíthe nó prionsabail ón mBíobla a bhaineann leis an gcás seo? Cén chaoi ar féidir liom iad a chur i bhfeidhm? Céard a bheadh Iehova ag iarraidh orm a dhéanamh?’—Léigh Seanfhocail 3:5, 6; Séamas 1:5.

14. Céard a chaithfidh muid a dhéanamh chun ár gcreideamh a neartú?

14 Beidh muid ag neartú ár gcreideamh in Iehova go deo. Díreach mar a neartaíonn bia sláintiúil muid, neartaíonn eolas ar Iehova ár gcreideamh. Nuair a thosaigh muid ag déanamh staidéir ar an mBíobla, d’fhoghlaim muid fírinní bunúsacha faoi Iehova. Ach de réir a chéile, ní mór dúinn fírinní níos doimhne a thuiscint. Sin é a bhí i gceist ag Pól nuair a dúirt sé: “Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach.” Méadóidh ar ár n-eagna má chuireann muid na nithe atá muid a fhoghlaim i bhfeidhm. Deir an Bíobla: “Faigh an tuiscint . . . fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.”—Seanfhocail 4:5-7; 1 Peadar 2:2.

15. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh grá againn d’Iehova agus dár mbráithre?

15 D’fhéadfadh duine a bheith i mbarr na sláinte, ach chun fanacht mar sin caithfidh sé leanúint air ag tabhairt aire mhaith dó féin. Ar an gcaoi chéanna, caithfidh an Críostaí aibí oibriú go crua chun a chaidreamh le hIehova a choinneáil láidir. Meabhraíonn Pól dúinn: “Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh.” (2 Corantaigh 13:5) Ach, teastaíonn níos mó ná creideamh láidir. Ní mór dúinn leanúint orainn ag daingniú ár ngrá d’Iehova agus dár mbráithre. Dúirt Pól: “Má tá . . . fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d’aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.”—1 Corantaigh 13:1-3.

DÍRIGH AR DO DHÓCHAS

16. Céard a bhíonn Sátan ag iarraidh a chur ina luí orainn?

16 Bíonn Sátan ag iarraidh a chur ina luí orainn nach mbeidh muid sách maith go deo i súile Iehova is cuma céard a dhéanfaidh muid. Tá sé ag iarraidh lagmhisneach a chur orainn agus go gceapfadh muid nach bhfuil aon réiteach ar ár gcuid fadhbanna. Níl sé ag iarraidh go mbeadh aon mhuinín againn as ár mbráithre ná go mbeadh muid sona sásta. (Eifisigh 2:2) Tá a fhios ag Sátan gur féidir le smaointe diúltacha dochar a dhéanamh dúinn féin agus dár gcaidreamh le Dia. Ach tá rud éigin tugtha ag Iehova dúinn chun cabhrú linn dul i ngleic le smaointe diúltacha. Is é sin, an dóchas.

17. Cén tábhacht atá le dóchas?

17 Ag 1 Teasalónaigh 5:8 cuireann an Bíobla ár ndóchas i gcomparáid leis an gcafarr, nó an clogad, a chosnaíonn cloigeann an tsaighdiúra sa gcath. Tugann sé “dóchas ár slánaithe” ar an gclogad sin. Is féidir leis an dóchas atá againn i ngealltanais Iehova ár n-intinn a chosaint agus cabhrú linn smaointe diúltacha a sheachaint.

18, 19. Cén chaoi ar neartaigh a dhóchas Íosa?

18 Neartaigh a dhóchas Íosa. Chuir sé suas le go leor an oíche sula bhfuair sé bás. Bhraith cara amháin é, agus shéan cara eile é. Thréig an chuid eile acu é agus theith siad. D’éirigh muintir a thíre féin amach ina aghaidh, ag éileamh é a chur chun báis ar chuaille. Céard a chabhraigh leis cur suas leis an gcruachás seo ar fad? “Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d’fhulaing sé céasadh na croise [nó, “céasadh ar chrann”a] mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.”—Eabhraigh 12:2.

19 Bhí a fhios ag Íosa dá bhfanfadh sé dílis dá athair go dtabharfadh sé glóir dó agus go gcruthódh sé gur bréagadóir é Sátan. Chuir an dóchas seo an-áthas air. Bhí a fhios aige freisin gur gearr go mbeadh sé ar ais lena Athair ar neamh. Chabhraigh a dhóchas leis an fód a sheasamh. Ar nós Íosa, ní mór dúinne ár ndóchas a choinneáil i gcuimhne. Cabhróidh sé linn gan ár gcás a thabhairt suas is cuma céard a tharlóidh.

20. Céard a chabhróidh leat meon dearfach a bheith agat?

20 Feiceann Iehova do chreideamh agus go bhfuil tú ag cur suas go foighneach le hanró an tsaoil. (Íseáia 30:18; léigh Malaicí 3:10.) Mar sin, coinnigh do dhóchas i gcuimhne mar “tabharfaidh seisean duit mian do chroí.” (Salm 37:4) Tá Sátan ag iarraidh éadóchas a chur orainn. Ach ná tabhair isteach do smaointe diúltacha! Má thugann tú faoi deara go bhfuil tú ag cailleadh dóchais iarr cabhair ar Iehova. Cuimhnigh ar Filipigh 4:6, 7: “Ná bígí imníoch faoi rud ar bith; ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan. Agus sa tslí sin beidh síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana ag gardáil bhur gcroí agus bhur smaointe in Íosa Críost.”

21, 22. (a) Cén cuspóir atá ag Dia don domhan? (b) Céard atá de rún agat a dhéanamh?

21 Tóg sos go rialta chun machnamh a dhéanamh ar an saol iontach atá le teacht. Tiocfaidh an lá nuair a bheidh gach duine ag adhradh Iehova. (Apacailipsis 7:9, 14) Smaoinigh ar an gcaoi a bheidh an saol nua. Beidh sé níos fearr ná aon ní atá muid in ann a shamhlú! Beidh deireadh le Sátan agus a chuid deamhain, agus le gach uile olc. Ní bheidh tinneas ná bás ann. Dúiseoidh tú gach maidin i mbarr do shláinte. Oibreoidh gach duine as lámh a chéile chun parthas a dhéanamh den talamh. Beidh neart le hithe ag gach duine agus áit shábháilte le cónaí ann. Ní bheidh daoine foréigneach ná cruálach níos mó; beidh siad cineálta lena chéile. In am trátha, bainfidh gach duine ar an talamh taitneamh as “saoirse ghlórmhar chlann Dé.”—Rómhánaigh 8:21.

Teaghlaigh le chéile i bParthas

22 Is mian le hIehova go ndéanfadh tusa Cara cléibh de. Mar sin, déan gach ar féidir leat chun a bheith umhal d’Iehova agus chun teannadh isteach níos gaire dó gach lá. Sea go deimhin, go gcumhdaí muid go léir muid féin i ngrá Dé ar feadh na síoraíochta!—Iúd 21.

a Féach ar Gníomhartha 5:30.

PRIONSABAIL AN BHÍOBLA

1 LEAN ORT AG NEARTÚ DO CHREIDEAMH

“Déanaigí sibh féin a thógáil suas ar bhonn sárnaofa bhur gcreidimh.”—Iúd 20

Céard a chabhróidh linn ár gcreideamh a neartú?

  • Eifisigh 6:11; Séamas 1:25; 1 Peadar 5:8

    Smaoinigh ar an gcaoi a gcosnaíonn sé muid a bheith umhal d’Iehova agus an feabhas a chuireann sé ar ár saol.

  • Matha 28:19, 20; 1 Teasalónaigh 5:17; Eabhraigh 10:24, 25

    Chun ár gcreideamh a neartú, ní mór dúinn guí go rialta, labhairt le daoine eile faoi Iehova, agus a bheith i gcomhluadar ár mbráithre.

  • Salm 55:23 (55:22 i mBíoblaí eile); Íseáia 48:17, 18

    Ní thréigfidh Iehova go deo thú. Nuair a leanfaidh tú a chomhairle beidh suaimhneas agat.

2 IS MIAN LINN A BHEITH INÁR gCRÍOSTAITHE AIBÍ

“Bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.”—1 Corantaigh 14:20

Céard a chiallaíonn sé a bheith “fásta suas ó thaobh an mheoin de”?

  • Rómhánaigh 8:5; Eabhraigh 5:14

    Tá obair i gceist le haibíocht spioradálta a chothú. Glacann Críostaí dearcadh Iehova chuige féin agus déanann sé cinntí ciallmhara.

  • Seanfhocail 27:11; Séamas 1:2, 3

    Tugann na dúshláin a bhíonn againn deis dúinn ár gcreideamh a neartú agus a chruthú go bhfuil grá againn d’Iehova.

  • Seanfhocail 3:5, 6; Séamas 1:5

    Nuair atá cinntí le déanamh agat, déan machnamh ar an rud a bheadh Iehova ag iarraidh ort a dhéanamh agus iarr a chabhair air.

  • 2 Corantaigh 13:5

    Ná stop go deo ag foghlaim faoi Iehova agus ag neartú do chaidreamh leis.

3 COINNIGH DO DHÓCHAS I gCUIMHNE

“Cuirimis umainn . . . dóchas ár slánaithe mar chafarr (nó, mar chlogad.)”—1 Teasalónaigh 5:8

Cén chaoi ar féidir leis an dóchas muid a chosaint?

  • Eabhraigh 12:2; Gníomhartha 5:30

    Tá an dóchas atá agat don saol atá amach romhainn an-chumhachtach. Cuimhnigh ar an gcaoi ar chabhraigh an dóchas a bhí ag Íosa leis cur suas leis an méid a d’fhulaing sé.

  • Filipigh 4:6, 7

    Má airíonn tú go bhfuil tú ag cailleadh dóchais, guí chuig Iehova faoi. Cuirfidh smaointe diúltacha agus amhras lagmhisneach ort. Ach tabharfaidh Iehova misneach agus suaimhneas intinne duit.

  • Malaicí 3:10; Rómhánaigh 8:21

    Déan machnamh go rialta ar an dóchas atá agat don saol atá amach romhainn. Beidh an domhan nua níos fearr ná aon rud atá tú in ann a shamhlú.

  • Salm 37:4; Iúd 21

    Tá Iehova ag iarraidh ort aithne a fháil air agus é a bheith mar Chara cléibh agat. Déan gach atá tú in ann chun a bheith umhal dó, agus teann isteach níos gaire dó gach lá.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn