ALT STAIDÉIR 24
“Déan mo chroí a dhíriú, [nó a aontú] i dtreo gurab eagal liom d’ainm”
“Déan mo chroí a dhíriú, [nó a aontú] i dtreo gurab eagal liom d’ainm. Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia.”—SALM 86:11, 12.
1. Céard is brí le heagla Dé, agus cén fáth a bhfuil gá ag daoine a bhfuil grá acu d’Iehova leis?
2. De réir an méid a duirt Rí Dáiví i Salm 86:11, cén dá ábhar a bheas á phlé againn?
CÉN FÁTH A SPREAGANN AINM IEHOVA URRAIM?
3. Cén eachtra a chabhraigh le Maois urraim a bheith aige d’ainm Dé?
4. Cé na tréithe a ndéanann muid machnamh orthu a chuireann lenár n-urraim d’Iehova?
5-6. (a) Céard a chiallaíonn ainm Dé? (b) De réir Eaxodus 3:13, 14 agus Íseáia 64:8, cé na bealaí a chuireann Iehova a chuspóirí i bhfeidhm?
7. Cén chaoi ar féidir linn cur lenár mbuíochas dár nAthair neamhaí?
“FÓGRÓIDH MÉ AINM IEHOVA”
8. Céard a léiríonn Deotranaimí 32:2, 3 faoi dhearcadh Iehova ar a ainm?
9. Cén chaoi ar féidir linn cabhrú le hainm Iehova a naomhú?
10. Nuair a bhíonn muid ag staidéar an Bhíobla le duine, cén fáth a bhfuil níos mó i gceist ná riachtanais agus caighdeáin Dé a mhúineadh?
11. Cén chaoi ar féidir linn cabhrú lenár mic léinn grá a bheith acu d’Iehova, nuair atá muid ag múineadh dóibh faoina dhlíthe agus faoina chaighdeáin?
“SIÚLFAIMIDNE IN AINM AN TIARNA”
12. Cén chaoi ar theip ar Dháiví mianta a chroí a aontú, agus cén toradh a bhí ar seo?
13. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur éirí le Dáiví mianta a chroí a aontú arís?
14. Cén cheist ar cheart dúinn a chur orainn féin, agus cén fáth?
15. Cén chaoi a bhféadfadh eagla Dé muid a chosaint nuair a thagann muid trasna ar phictiúir mhealltacha ghnéasacha?
16. Nuair a chuirtear cathú orainn, cé na ceisteanna a chóir dúinn a chur orainn féin?
17. Cén fáth nach bhfuil mórán fiúntais ag baint le croí atá deighilte? Léirigh.
18. De réir Míocá 4:5, céard atá tú diongbháilte a dhéanamh?