Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 136
  • An í Muire Máthair Dé?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An í Muire Máthair Dé?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Freagraíonn an Bíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 136
Muire leis an leanbh Íosa

An í Muire Máthair Dé?

Freagraíonn an Bíobla

Ní hí, ní mhúineann an Bíobla gurb í Muire máthair Dé, ná gur chóir do Chríostaithe Muire a adhradh nó urraim a thabhairt di.a Smaoinigh ar seo:

  • Níor mhaígh Muire riamh gurbh í máthair Dé í. Míníonn an Bíobla nach í máthair Dé í ach máthair ‘Mhac Dé’.​—Marcas 1:1; Lúcás 1:​32.

  • Ní dúirt Íosa Críost riamh gurbh í Muire máthair Dé nó go raibh deabhóid speisialta tuillte aici. Cheartaigh sé bean a rinne tagairt den phribhléid aoibhinn a bhí ag Muire a mháthair, ag rá: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”​—Lúcás 11:27, 28.

  • Níl na téarmaí “Máthair Dé” agus “Theotokos” (iompróir Dé) le fáil sa mBíobla.

  • Tagraíonn an leagan cainte “Banríon Neimhe” sa mBíobla, do bhandia bréagach a bhíodh ag na hIosraeilítigh a raibh an creideamh séanta acu, agus ní do Mhuire. (Irimia 44:15-​19) B’fhéidir gurbh í “Banríon Neimhe” Isteár (nó Astarte), an bandia Bablónach.

  • Ní raibh na chéad Chríostaithe ag adhradh Mhuire, ná níor thug siad aon onóir speisialta di. Deir staraí amháin go ndiúltódh na chéad Chríostaithe “de chultais mar gur dócha go raibh eagla orthu go bhféadfadh an aird mhíchuí sin ar Mhuire amhras faoi adhradh bandia a mhúscailt.”​—In Quest of the Jewish Mary.

  • Deir an Bíobla go raibh Dia ann i gcónaí. (Salm 90:​1, 2; Íseáia 40:28) Ós rud é nach raibh aon tús aige, ní féidir leis máthair a bheith aige. Ina theannta sin, ní fhéadfadh Muire Dia a bheith ina broinn aici; mar deir an Bíobla go soiléir nach féidir leis na flaithis féin é a choinneáil.​—1 Ríthe 8:​27.

Muire​—Máthair Íosa ní “Máthair Dé”

Ba Ghiúdach í Muire de shliocht Rí Dáiví. (Lúcás 3:​23-​31) Bhí fabhar Dé léi mar gheall ar a creideamh agus a deabhóid. (Lúcás 1:​28) Roghnaigh Dia í le bheith mar mháthair ag Íosa. (Lúcás 1:​31, 35) Bhí tuilleadh clainne ag Muire lena fear céile, Iósaef.​—Marcas 6:3.

Cé go léiríonn an Bíobla go raibh Muire ina deisceabal ag Íosa, ní thugtar mórán eile eolais fúithi.​—Gníomhartha 1:​14.

Cén fáth a gceapann cuid de na daoine gurbh í Muire máthair Dé?

Téann an fhianaise is luaithe maidir le deabhóid do Mhuire siar go dtí deireadh na ceathrú haoise CR. Ag an am sin, ghlac Impireacht na Róimhe leis an Eaglais Chaitliceach mar an reiligiún Stáit. Mar thoradh ar sin, bhí go leor a tháinig ó chúlra págánta in ainm a bheith ina gCríostaithe. Ghlac an eaglais le teagasc neamh-scrioptúrtha na Tríonóide freisin.

Mar thoradh ar theagasc na Tríonóide tháinig go leor san eaglais ar an tuiscint dá mba rud é gurbh é Íosa Dia, go gcaithfidh sé gurbh í Muire máthair Dé. Sa mbliain 431 CR, d’fhógair comhairle eaglasta in Eifeasas go hoifigiúil gurbh í Muire “Máthair Dé.” Tháinig borradh mór faoi urraim do Mhuire tar éis chomhairle Eifeasas. De réir mar a tháinig daoine ó chúlra págánta isteach san eaglais, glac siad le híomhánna agus deilbhíní na Maighdine Muire in áit a mbandia torthúlachta féin, mar shampla bandéithe ar nós Artaimís (nó Diána, do na Rómhánaigh) agus Ísis.

Sa mbliain 432 CR, d’ordaigh an Pápa Sixtus III eaglais a thógáil sa Róimh in onóir “Mháthair Dé.” Tógadh í in aice le suíomh an teampaill a tógadh níos luaithe in onóir Lucina, bandia breith clainne na Róimhe. Chuir údar amháin síos ar an eaglais seo mar “shiombail bhuan de nascadh Mháthair Mhór na gcultacha págánta le cultas Mhuire, tar éis den Róimh glacadh leis an gCríostaíocht.”​—Mary​—The Complete Resource.

a Múineann cuid de na heaglaisí gurb í Muire máthair Dé. B’fhéidir go dtagraíonn siad di mar “Bhanríon Neimhe” nó mar Theotokos, focal Gréigise a chiallaíonn “iompróir Dé.”

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn