Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 140 mír 139
  • Slánaíonn Íosa—Cén Chaoi?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Slánaíonn Íosa—Cén Chaoi?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Freagraíonn an Bíobla
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 140 mír 139
Íosa i measc daoine as ciníocha éagsúla

Slánaíonn Íosa​—Cén Chaoi?

Freagraíonn an Bíobla

Shlánaigh Íosa daoine dílse nuair a thug sé a bheatha mar éiric nó mar cheannach ar mhórán. (Matha 20:28) Mar sin, tugann an Bíobla “Slánaitheoir an tsaoil” ar Íosa. (1 Eoin 4:​14) Deir an Bíobla freisin: “Níl slánú síoraí le fáil in aon duine eile, mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”​—Gníomhartha 4:​12.

D’fhulaing Íosa an bás ar mhaithe leo siúd a chreideann ann. (Eabhraigh 2:9; Eoin 3:​16) Ina dhiaidh sin, “thóg Dia ó mhairbh é,” agus d’fhill Íosa go dtí na flaithis mar neach spiorad. (Gníomhartha 3:​15) Mar sin, is féidir le hÍosa “na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.”​—Eabhraigh 7:​25.

Cén fáth a bhfuil Íosa ag teastáil uainn le hachainí a dhéanamh ar ár son?

Peacaíonn muid go léir. (Rómhánaigh 3:​23) Cuireann an peaca deighilt idir muid agus Dia agus is é an bás an toradh a bhíonn air. (Rómhánaigh 6:​23) Ach tá Íosa mar “abhcóide” nó mar ionadaí acu siúd a chuireann muinín san éiric. (1 Eoin 2:1) Déanann sé achainí ar a son ag iarraidh ar Dhia éisteacht lena nguí agus a bpeacaí a mhaithe dóibh ar bhonn éiric Íosa. (Matha 1:​21; Rómhánaigh 8:​34) Éisteann Dia leis na hachainíocha a dhéanann Íosa de bharr go bhfuil siad de réir toil Dé. Chuir Dia Íosa chun na talún “chun go slánófaí an saol tríd.”​—Eoin 3:​17.

An leor creidiúint in Íosa chun slánú a fháil?

Ní leor. Cé go gcaithfidh muid creidiúint in Íosa chun a bheith slánaithe, tá níos mó ná sin i gceist. (Gníomhartha 16:30, 31) Deir an Bíobla: “Tá an corp marbh gan an t-anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha.” (Séamas 2:​26) Chun a bheith slánaithe, caithfidh muid:

  • Foghlaim faoi Íosa agus a Athair, Iehova.​—Eoin 17:3.

  • Creideamh a chothú iontu.​—Eoin 12:44; 14:1.

  • Ár muinín a léiriú trína bheith umhal dá n-aitheanta. (Lúcás 6:​46; 1 Eoin 2:​17) Mhúin Íosa nach é gach duine a thugann ‘Tiarna’ air a bheidh slánaithe ach amháin iad siúd a ‘dhéanann toil a Athar atá ar neamh.’​—Matha 7:​21.

  • Leanúint orainn ag cleachtadh ár gcreideamh in ainneoin cruatan. Léirigh Íosa é seo go soiléir nuair a dúirt sé: “An té a sheasfaidh amach go deireadh sábhálfar é.”​—Matha 24:13.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn